Níos lú ná 5% de phostálacha na Roinne Sláinte ar na meáin shóisialta i nGaeilge

I nGaeilge a bhí 4.6% de na tvuíteanna, postálacha agus teachtaireachtaí faoin choróinvíreas a foilsíodh ar chuntas mheáin shóisialta na Roinne Sláinte

Níos lú ná 5% de phostálacha na Roinne Sláinte ar na meáin shóisialta i nGaeilge

Bhí níos lú ná 5% de na postálacha faoin phaindéim a chuir an Roinn Sláinte amach ar na meáin shóisialta i nGaeilge.

De réir eolais nua, ní raibh ach 3% de na tvuíteanna a chuir an Roinn Sláinte amach maidir leis an choróinvíreas i nGaeilge.

30 tvuít i nGaeilge a bhí i measc an 918 tvuít ar fad a cuireadh amach faoi chúrsaí Covid-19 ó chuntas Twitter na Roinne Sláine ó thús na géarchéime go dtí an 15 Meitheamh.

I bhfreagra ar cheist Dála a chuir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh ar an Aire Sláinte, Simon Harris, tugadh le fios gur i nGaeilge a bhí 4.6% de na tvuíteanna, postálacha agus teachtaireachtaí faoin choróinvíreas a foilsíodh ar chuntas mheáin shóisialta na roinne.

60 postáil i nGaeilge a bhí i measc an 1,287 postáil ar fad a foilsíodh faoin choróinvíreas ar chuntais Twitter, Facebook agus Instagram na Roinne Sláinte.

As an 178 postáil faoin choróinvíreas a foilsíodh ar leathanach Facebook na Roinne Sláinte, bhí 21 acu i nGaeilge, nó 11.8%.

Ba i nGaeilge a bhí 4.7% den ábhar faoin choróinvíreas a foilsíodh ar chuntas Instagram na Roinne Sláinte. B’ionann sin agus 9 bpostáil Ghaeilge as an 191 postáil ar fad.

I bhfreagra an Aire Sláinte, dúradh gur bhain na postálacha le preasráitis a Roinne, beoshruthanna de sheisiúin faisnéise preasa, eolas ón Fhoireann Náisiúnta Éigeandála um Shláinte Phoiblí (NPHET) agus le físeáin agus ábhar meán sóisialta eile.

Dúradh go raibh sé mar aidhm ag feachtas meán sóisialta na Roinne Sláinte daoine a chur ar an eolas faoin chomhairle sláinte is déanaí agus faoi threoracha maidir le COVID-19 ar shuíomh gréasáin an Rialtais.

€20,000 a chaith an Roinn Sláinte go dtí an 15 Meitheamh ar an fheachtas fógraíochta ar na meáin shóisialta le linn na géarchéime.

Dúradh chomh maith go raibh an Roinn Sláinte “tiomanta i gcónaí chun a cuid oibleagáidí go léir faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus chun comhairle agus treoir thráthúil bhríoch a sholáthar trí Ghaeilge le linn na géarchéime seo”.

Fág freagra ar 'Níos lú ná 5% de phostálacha na Roinne Sláinte ar na meáin shóisialta i nGaeilge'