Imní ar Holohan go bhfuil daoine óga ‘imithe ar ais ar an saol sóisialta a bhíodh acu roimh Covid-19’

As an 202 cás den ghalar a deimhníodh sa choicís roimh an Domhnach, an 21 Meitheamh, bhain 70 ceann acu le daoine idir 15-35

Imní ar Holohan go bhfuil daoine óga ‘imithe ar ais ar an saol sóisialta a bhíodh acu roimh Covid-19’

Tá imní léirithe ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, go bhfuil daoine óga imithe ar ais “ar an saol sóisialta a bhíodh acu roimh Covid-19”.

Dúirt Holohan gurbh fhíor nach raibh an galar chomh contúirteach céanna do dhaoine óga ach go gcaithfidís cuimhneamh go bhféadfaidís an galar a scaipeadh go héasca ar dhaoine atá níos leochailí.

Dúirt Holohan gur thuig sé go raibh na srianta “an-chrua” ar dhaoine san aoisghrúpa seo agus srian curtha ar bheagnach gach caitheamh aimsire a bhíonn acu ach go gcaithfí iarracht a dhéanamh gan géilleadh don “tuirse” leis an bhfeachtas i gcoinne na haicíde.

As an 202 cás den ghalar a deimhníodh sa choicís roimh an Domhnach, an 21 Meitheamh, bhain 70 ceann acu le daoine idir 15-35.

Tuairiscíodh 183,000 cás nua den COVID-19 inné ar fud an domhain, an líon is mó fós in aon lá amháin, a deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

“Anseo in Éirinn, an tríú cuid de na cásanna nua a deimhníodh le seachtain, daoine óga faoi 35 bliain d’aois iad. Ní seandaoine amháin a bhuaileann an galar seo.  Níl aon bheann ag an ngalar seo ar aon duine, tá freagracht ar gach duine scaipeadh an Covid-19 a chosc,” arsa an Dr Tony Holohan tráthnóna inné.

Idir an dá linn, de réir taighde a rinne Amárach ar son na Roinne Sláinte, tá an líon daoine fásta a chaitheann mascanna in áiteanna poiblí ardaithe ó 34% an tseachtain seo caite go dtí 41% an tseachtain seo. Creideann formhór (56%) na ndaoine fásta go bhfuil an chuid is measa den phaindéim curtha dínn againn.

Dúirt an Dr Holohan chomh maith go gcaithfí i bhfad níos mó a dhéanamh le cinntiú go gcaitheann daoine mascanna in áiteanna poiblí.


Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, amhlaidh.

“Cé gur údar misnigh é níos mó daoine a fheiceáil ag caitheamh clúdach éadain in áiteanna poiblí, is lú go mór an 41% atá á dhéanamh sin i gcomparáid leis an líon atá ag cloí le treoracha eile – níochán na lámh (92%) agus an scaradh sóisialta (91%).

“Ba chóir clúdach éadain a chaitheamh aon áit a mbeadh sé deacair cloí leis an scaradh fisiciúil, i siopaí agus ar an gcóras iompair phoiblí, mar shampla.”

D’fhógair an Roinn Sláinte inné go raibh beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus ceithre chás nua den ghalar deimhnithe.

Ní raibh bás eile ar bith le fógairt inné ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt agus níor deimhníodh ach cás nua amháin den ghalar ó thuaidh.

2,262 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,717 duine ó dheas den teorainn agus 545 ó thuaidh di.

30,254 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,383 cás ó dheas den teorainn agus 4,871 cás ó thuaidh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,086 den 1,717 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%.

Bhain 963 de na cásanna sin nó 55% acu le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Níor deimhníodh aon bhraisle cásanna nua in ionaid chúraim ó Déardaoin seo caite.

16 othar a bhí buailte ag Covid-19 a bhí sna haonaid chúraim inné, an deichiú cuid de líon na n-othar a bhí in ICU nuair ba mheasa an ráig i mí Aibreáin.

44 othar a raibh Covid-19 orthu a bhí sna hospidéil.

Seoladh feachtas feasachta nua le níos mó daoine a spreagadh le masc a chaitheamh dá ndeoin féin an tseachtain seo caite.

Ní mascanna lucht leighis atá i gceist don phobal mar maíonn saineolaithe sláinte go gcuidíonn mascanna éadaigh le scaipeadh an choróinvíris a chosc mar go sáinnítear braoiníní ó dhuine a mbeadh an víreas air sa mhasc agus nach séidtear ar dhaoine eile nó ar dhromchlaí iad.

Moltar do daoine masc a chaitheamh aon áit nach féidir an scoitheadh sóisialta dhá mhéadar a chinntiú – siopaí, córas iompair phoiblí, agus sa gcás go mbíonn duine ag dul ar cuairt ar aon duine a bhí ag clutharú go dtí seo – daoine atá os cionn 70 bliain d’aois agus daoine atá goilliúnach ó thaobh na sláinte de.

Fág freagra ar 'Imní ar Holohan go bhfuil daoine óga ‘imithe ar ais ar an saol sóisialta a bhíodh acu roimh Covid-19’'