Cás nua den choróinvíreas deimhnithe i gCiarraí den chéad uair le mí

Measadh go raibh Ciarraí nach mór saor ar fad ón gcoróinvíreas nuair nár deimhníodh aon chás nua den ghalar don 28ú lá as a chéile

Cás nua den choróinvíreas deimhnithe i gCiarraí den chéad uair le mí

Tá sé fógartha tráthnóna go bhfuil cás nua den choróinvíreas deimhnithe i gCiarraí den chéad uair le mí anuas.

Thug an Roinn Sláinte le fios go raibh 309 cás de Covid-19 sa chontae faoi mheán oíche Dé Céadaoin.

Measadh an tseachtain seo go raibh Ciarraí nach mór saor ón gcoróinvíreas nuair nár deimhníodh aon chás nua den ghalar don 28ú lá as a chéile, tréimhse a dhá oiread níos faide ná an tréimhse choraintín coicíse a mholtar ionas nach scaipfidh duine an galar.

308 cás deimhnithe i gCiarraí ar an 17 Bealtaine agus, de réir an eolais a chuireann an Roinn Sláinte ar fáil gach lá, níor tháinig aon athrú ar an bhfigiúr sin go dtí tráthnóna inniu.

Ní raibh cás deimhnithe den ghalar Covid-19 ar othar ar bith in Ospidéal Ollscoile Chiarraí i dTrá Lí idir an 27 Bealtaine agus an 15 Bealtaine ach, de réir staitisticí ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, bhí beirt a raibh an víreas orthu ag fáil cóir leighis san ospidéal Dé Máirt, an 16 Meitheamh.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, a foilsíodh aréir, bhí othar amháin san ospidéal a raibh Covid-19 air agus bhí triúr eile ann a measadh an galar a bheith orthu.

Fág freagra ar 'Cás nua den choróinvíreas deimhnithe i gCiarraí den chéad uair le mí'