Athoscailt luath na scoileanna curtha as an áireamh ag NPHET

Tá NPHET le plé a dhéanamh ar bheartais eile a d’fhéadfadh ‘an t-ualach atá ar leanaí agus a dtuismitheoirí’ a laghdú

Athoscailt luath na scoileanna curtha as an áireamh ag NPHET

Dr Ronan Glynn le Dr Siobhán Kennelly . Pictiur: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Tá beag is fiú déanta ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí den smaoineamh gur chóir na scoileanna a athoscailt.

Dúirt toscaire speisialta na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) don Covid-19 inné go bhfuil sé “in am” smaoineamh faoi na scoileanna a oscailt arís.

Dúirt an Dr David Nabarro go mbeadh iontas air mura mbeadh “dianmhachnamh” á dhéanamh ag daoine i rialtas na hÉireann faoi na scoileanna a oscailt go luath.

Ach dúirt Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn, aréir nach raibh sé i gceist aon scoil a oscailt roimh mhí Mheán Fómhair. Dúirt sé go raibh an chomhairle sin bunaithe ar an bhfianaise a bhí faoi láthair ann agus go gcoimeádfaí súil ar an bhfianaise sin féachaint an dtiocfadh aon athrú uirthi.

Bheifí ag foghlaim ón méid a tharlaíonn i dtíortha eile ina bhfuil na scoileanna oscailte cheana féin acu, ach ní raibh aon athrú tagtha ar an bplean gur sa bhfómhair a ligfí na daltaí ar ais ar scoil.

Dúirt sé gur bhain tíortha eile san Eoraip ina bhfuil na scoileanna oscailte arís buaic na ráige amach níos túisce ná mar a tharla sa tír seo.

Dúirt an Dr Glynn go ndéanfadh NPHET plé amárach ar bheartais eile a d’fhéadfadh “an t-ualach atá ar leanaí agus a dtuismitheoirí” a laghdú.

Dúirt toscaire speisialta WHO don Covid-19, an Dr David Nabarro inné, go bhféadfadh dúnadh na scoileanna lorg buan a fhágáil ar fhorbairt na bpáistí sa chás go leanfadh sé ar aghaidh rófhada. 

Bhí na scoileanna athoscailte ar bhealach sábháilte i dtíortha eile agus bhí sé in am smaoineamh ar a leithéid a dhéanamh in Éirinn, a dúirt sé.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh 11 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 64 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,065  duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,571 duine ó dheas den teorainn agus 494 ó thuaidh di.

Fógraíodh chomh maith go raibh 87.1% de na daoine a tholg Covid-19 tagtha chucu féin.

Faoi mheán oíche Dé Domhnaigh seo caite, bhí 21,060 den 24,176 duine a raibh sé deimhnithe go raibh an galar tolgtha acu tagtha chucu féin.

Tháinig 79.5% duine chucu féin ag baile agus 7.6% a tháinig chucu féin san ospideál.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go raibh 18 cás nua den ghalar deimhnithe.

28,754 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,315 cás ó dheas den teorainn agus 4,439 cás ó thuaidh.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

De réir na bhfigiúirí is déanaí 669 othar a bhfuil Covid-19 orthu nó a mheastar Covid-19 a bheith orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt, níos mó ná mar atá sna hospidéil ó dheas, mar a bhfuil 649 duine a bhfuil an galar orthu nó a síltear an galar a bheith orthu.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 958 den 1,571 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 62%. Bhain 851 de na cásanna sin, nó 54% acu, le tithe altranais. 463 braisle cásanna atá deimhnithe in ionaid chúraim.

70 ráig den ghalar a deimhníodh in ionaid chúraim an Tuaiscirt agus meastar go raibh ráig i 34 ionad eile. De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) bhain nach mór leath de na básanna de dheasca Covid-19 go dtí seo le hionaid chúraim.

Fág freagra ar 'Athoscailt luath na scoileanna curtha as an áireamh ag NPHET'