Údar ‘misnigh’ ag teastáil ó na coláistí is na mná tí agus iad ‘á gcoinneáil dall’ ar a bhfuil rompu

Deir Conradh na Gaeilge gurb iad na coláistí samhraidh a choinnigh bladhaire an dóchais ar lasadh sa Ghaeltacht ar feadh blianta agus gur chóir cúiteamh a thabhairt dóibh anois agus cúrsaí na bliana seo ar ceal

Údar ‘misnigh’ ag teastáil ó na coláistí is na mná tí agus iad ‘á gcoinneáil dall’ ar a bhfuil rompu

Deir stiúrthóir ceann de na colásití samhraidh Gaeltachta is aitheanta sa tír gur údar “díomá” é go bhfuil mná tí na Gaeltachta agus na coláistí féin “á gcoinneáil dall” ar a bhfuil rompu maidir le tacaíocht éigeandála a fháil an samhradh seo.

Dúirt Cóilín Ó Domhnaill, duine de stiúrthóirí Choláiste Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara go raibh iontas ar lucht na gcoláistí go bhfógródh Roinn na Gaeltachta go raibh cúrsaí an tsamhraidh seo á gcur ar ceal gan aon rud a rá faoi chiste cúitimh.

“Beidh go leor ag brath ar an bpacáiste. Más pacáiste é a thugann misneach do dhaoine gur fiú leanacht ar aghaidh leis, cabhair mhór a bheas ansin ach is dócha gur cúis díomá é nach raibh pacáiste socraithe sula ndearnadh an fógra mar go bhfuil gach duine scanraithe inniu,” a dúirt Cóilín Ó Domhnaill ó Choláiste Chiaráin. 

Tá “cruinniú práinneach” iarrtha ag CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh, ar Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne chun “an chéad chéim eile” a phlé maidir le cás na gcoláistí.

Tá cruinniú ar siúl inniu ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Stáit chun an scéal seo a phlé.

Dheimhnigh Roinn na Gaeltachta Dé Luain go raibh cúrsaí Gaeltachta na bliana seo curtha ar ceal mar gheall ar an choróinvíreas agus ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí.

I ráiteas a chuir CONCOS ar fáil do Tuairisc.ie inné, dúradh go raibh gá le “soiléiriú” maidir leis an tslí a dtiocfadh Roinn na Gaeltachta i gcabhair ar na coláistí Gaeltachta agus ar na teaghlaigh Ghaeltachta “a bheas thíos go mór” leis an gcinneadh atá déanta na cúrsaí a chur ar ceal.

Dúradh go mbeadh “tionchar mór” ag an chinneadh “ar theaghlaigh, ar phobal agus ar gheilleagar na Gaeltachta, mar aon leis na coláistí féin”.

Ba chóir don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an tacaíocht airgid “cuí” a chur ar fáil do na coláistí Gaeilge féin agus do na teaghlaigh Ghaeltachta a bhíonn ag obair leo, a dúirt Concos.

Chaithfí a chinntiú, a dúradh, go mbeidh “chuile choláiste Gaeilge in ann leanacht ar aghaidh sa mbliain 2021”.

“Tá tábhacht chultúrtha, teanga agus eacnamúil ar leith ag baint leis na coláistí samhraidh do na ceantair Ghaeltachta agus don tír ar fad, agus tá infheistíocht mhór déanta ag na coláistí Gaeilge ó mhí Lúnasa seo caite chun cúrsaí na bliana seo a eagrú. Is fiú go hard os cionn €50m an tionscal seo do na ceantair Ghaeltachta ar fad,” a dúradh sa ráiteas ó CONCOS.

Dúirt CONCOS go rabhthas sásta go raibh “cinnteacht” ann ar deireadh maidir le cúrsaí na bliana seo agus go ndearnadh an cinneadh ar mhaithe le “pobal na Gaeltachta agus na mílte scoláire agus múinteoirí” a thagann chun na Gaeltachta.

Cé nár tugadh aon leid faoi mhaoiniú speisialta a chur ar fáil do na mná tí nó na coláistí féin i ráiteas na Roinne l, dúirt an tAire Stáit, Seán Kyne, ar maidin go mbeadh tacaíocht éigin ar fáil dóibh.

Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar RnaG, dúirt an seanadóir go raibh sé ag obair chun “pacáiste a chur ar fáil” ach nach bhféadfadh sé aon sonraí a thabhairt faoi.

“Níor lig mé muintir na Gaeltachta síos go dtí seo agus tá mé ag obair leis na feidhmeannaigh sa Roinn agus leis an hairí eile chun pacáiste a chur ar fáil.

“Níl mé in ann a rá cén sórt pacáiste a bheas ann ach tá muid a breathnú ar chuile fhéidearthacht chun tacaíocht a thabhairt don earnáil thábhachtach seo. Tá a fhios ag chuile duine an tábhacht a bhaineann leis an earnáil seo agus tá sé tábhachtach go mbeidh na Coláistí samhraidh ar siúl in 2021 agus go mbeidh mná tí fós ar fáil.”

Dúirt Kyne gur i mí an Mheithimh a fhaigheann mná tí an chéad íocaíocht den samhradh de ghnáth agus go raibh “am” aige fós rudaí a shocrú.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go raibh airgead ar fáil ina Roinn féin ach go mbeadh “an-éileamh ar an airgead sin i mbliana mar gheall ar an ngéarchéim.

Dúirt Cóilín Ó Domhnaill, stiúrthóir de chuid Choláiste Chiaráin, atá lonnaithe ar an Cheathrú Rua i gConamara le Tuairisc.ie, go raibh coláistí samhraidh fágtha “dall” ar aon eolas faoin chineál tacaíochta a bheas ar fáil dóibh.

“Bhí CONCOS ag caint le Roinn na Gaeltachta agus na húdaráis le trí seachtaine anuas agus an rud go raibh muid féin agus na coláistí eile ar fad ag súil leis ná go mbeadh pacáiste le fógairt ag an am céanna a mbeadh na cúrsaí á gcrr ar ceal. Níl aon phacáiste fógartha fós. Tá muid dall ar aon eolas ar bhealach ar bith.”

Dúirt Ó Domhnaill go raibh sé riachtanach go gcuirfí pacáiste ar fáil do na coláistí le go bhféadfadh na coláistí aisíocaíochtaí a dhéanamh le tuismitheoirí.

“Bí cinnte go gcaithfear pacáiste de chineál éigin a chur ar fáil do na coláistí iad féin ó thaobh aisíocaíocht na dtáillí. Ní bheadh sé cothrom gan na táillí a aisíoc leis na scoláirí nó ná tuismitheoirí. Ní bheadh na coláistí in acmhainn é sin a dhéanamh gan pacáiste éigin a bheith ar fáil dóibh,” arsa stiúrthóir Choláiste Chiaráin.

Dúirt Ó Domhnaill go mbíonn “go leor caiteachais” déanta ag coláistí samhraidh faoin tráth seo bliana ar an obair réamhullmhúcháin agus go dtagann an t-airgead sin ó na héarlaisí a íocann na scoláirí.

“Beidh na tuismitheoirí ag súil leis an éarlais sin agus le haisíoc iomlán ar na táillí. Má tá sin ag tarlú caithfear pacáiste éigin a chur ar fáil do na coláistí,” a dúirt Ó Domhnaill.

Dúirt sé chomh maith go mbeidh mná tí i gcruachás mura gcuirfí pacáiste tacaíochta ar fáil dóibh.

“Tá seomraí agus tithe réidh acu siúd do na scoláirí agus cé go mbíonn siad ag dul ar aghaidh ó bhliain go bliain bíonn go leor i gceist ó thaobh cothabháil de le cinntiú go bhfuil na háiseanna ar fad slán agus in oiriúint.

“Os rud é nach mbeidh cúrsaí ann i mbliana is cinnte go mbeidh na tithe lóistín i gcruachás dá bharr sin agus seans maith nach mbeidh siad in achmhainn leanacht ar aghaidh ag coinneáil scoláirí sa todhchaí mura bhfuil bealach éigin le theacht i gcomhair orthu.” a dúirt Coilín Ó Domhnaill ó Choláiste Chiaráin.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh chomh maith go ndéanfadh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta soiléiriú faoi thacaíocht agus cúiteamh a chur ar fáil do mhná tí, do na coláistí agus don Ghaeltacht. 

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer gur “buille ollmhór é seo do na ceantair Ghaeltachta, do mhná na dtithe agus do mhuintir na Gaeltachta a bhíonn ag brath chomh mór sin ar ioncam an tsamhraidh”.

“Le linn blianta fada agus gan cothrom na Féinne a bheith ag muintir na Gaeltachta, ba iad na Coláistí Samhraidh a choinnigh bladhaire an dóchais ar lasadh. Is tábhachtaí ná riamh go socraíonn an Rialtas scéim cúitimh dóibh siúd a bheas thíos leis seo – go háirithe mná na dtithe agus lucht eagraithe na gcoláistí. Ná fanadh an Rialtas seachtain eile chun teacht ar réiteach – tá cinnteacht de dhíth anois. Ná múchtar bladhaire an dóchais,” arsa Niall Comer.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge go mbeadh brú mór ar na coláistí samhraidh maidir le haisíoc éarlaisí, maidir le heagrú cúrsaí 2021 agus maidir le spreagadh mná tí agus scoláirí don bhliain seo chugainn.

Dúirt Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh dualgas ar an Rialtas “tacaíocht mhór” a chur ar fáil láithreach do na coláistí.

“Idir na pleananna teanga, agus an Straitéis Fiche Bliain, tá dualgas ar an stát an chosaint agus tacaíocht phráinneach atá anois de dhíth a chur ar fáil agus sin a dhéanamh gan a thuilleadh moille.”

Fág freagra ar 'Údar ‘misnigh’ ag teastáil ó na coláistí is na mná tí agus iad ‘á gcoinneáil dall’ ar a bhfuil rompu'