31 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas agus baint ag 55% de bhásanna le hionaid chónaithe

489 duine a raibh Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 365 duine ó dheas den teorainn agus 124 duine ó thuaidh di

31 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas agus baint ag 55% de bhásanna le hionaid chónaithe

Tá 31 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas, 16 san oirthear, triúr san iarthuaisceart, duine amháin sa deisceart agus duine amháin in iarthar na tíre.

Tuairiscíodh chomh maith tráthnóna gur bhain 199 den 365 cás, nó 55%, ina fuair daoine bás ó dheas go dtí seo le tithe altranais agus le hionaid chónaithe eile.

Tithe altranais a bhí i gceist le 167 de na cásanna sin.

489 duine a raibh Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 365 duine ó dheas den teorainn agus 124 duine ó thuaidh di.

Ochtar déag ban agus triúr déag fear a bhí i gceist agus ba í an aois mheánach a bhí acu ná 82 bliain d’aois.

Bhí fadhbanna sláinte eile ag 25 acu.

992 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna, rud a fhágann go bhfuil 12,349 cás ar fad atá in Éirinn, 10,647 cás ó dheas agus 1,882 cás ó thuaidh.

Den 992 cás nua bhain 527 acu le samplaí ó shaotharlanna na hÉireann agus bhain an 465 cás eile le samplaí a cuireadh chun na Gearmáine tamall níos faide ó shin.

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh seisear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus 76 cás nua deimhnithe.

Tá tástáil curtha ar 12,633 duine ó thuaidh.

72,000 tástáil atá déanta ó dheas, idir samplaí atá a scagadh anseo agus sa Ghearmáin, agus 11,000 duine atá fós ag fanacht ar thástáil, de réir an HSE.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris tráthnóna gur dóigh leis go mbeidh an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm go dtí go mbeidh vacsaín ar fáil i gcoinne Covid-19 agus go mbeadh ar dhaoine dul i dtaithí ar an ngalar, a saol a chaitheamh agus déileáil leis.

Níor chuir sé as an áireamh é áfach go ndéanfaí maolú de bheagán ar na srianta i ndiaidh an 5 Bealtaine.

Dúirt an tAire gurb iad na critéir is tábhachtaí chun rath an fheachtais i gcoinne an ghalair a mheas ná ráta fáis líon na gcásanna nua, líon na ndaoine, ar an meán, a bhíonn sna haonaid dianchúraim agus ráta atáirgthe an ghalair.

Dá mbeadh an líon daoine eile a ndéanann othar le Covid-19 ionfhabhtú orthu faoi bhun 1, a dúirt sé, bheadh an víreas curtha faoi chois agus ní thiocfadh aon bhrúisc mhór sa líon cásanna. Dúirt Harris go mbeadh “gaisce iontach” déanta ag muintir na hÉireann dá dtarlódh sin.

Bhí dul chun cinn á dhéanamh, ach “próiseas leochaileach” a bhí ann, a dúirt sé.

Thug Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, Tony Holohan, le fios tráthnóna go bhfuil ráta atáirgthe an ghalair gar do 1 i gcónaí, ach nach fios go fóill cé acu an beagáinín os a chionn nó faoina bhun atá sé.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 9,484 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Sathairn seo caite, an 11 Aibreán:

  • Fir a bhí i gceist le 45% de na cásanna agus mná iad 54%
  • 401 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 1,795  cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,849 duine, 20%
  • As na daoine sin, cuireadh 268 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim,
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 2,489 cás, 26%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 5,006 cás, nó 53%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 730 cás, nó 8%
  • 197 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.1%), 200 a bhí i gcontae Chiarraí (2.1%), 225 cás a bhí i nDún na nGall (2.5%), 194 cás a bhí i Maigh Eo (2%), 73 cás a bhí i bPort Láirge (0.8%) agus 289 cás a bhí i gcontae na Mí (3%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 66% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 27% agus taisteal thar lear ba chúis le 7%

Idir an dá linn, rinneadh níos boige inniu cuid de na beartais dianghlasála atá i bhfeidhm sa Spáinn le breis is mí anuas.

Tugadh cead do roinnt gnóthaí tógála agus táirgíochta dul i mbun oibre arís ach beidh bialanna, tithe tábhairne, siopaí agus áiteanna poiblí dúnta go dtí an 26 Aibreáin ar a laghad.

Tá ordú ‘fan ag baile’ fós i bhfeidhm do thromlach mór na ndaoine, ach dúirt roinnt polaiteoirí gurb amhlaidh gur botún a bhí ann na srianta a mhaolú agus imní go dtosódh ráig eile den choróinvíreas.

Tháinig ardú 34% ar líon na ndaoine a bhain úsáid as córas iompair poiblí Mhaidrid inniu i gcomparáid le coicís ó shin agus tosaíodh ar dháileadh mascanna ar phaisinéirí  i gcuid bheag de stáisiúin Metro na cathrach.

Tá geallta ag Rialtas na Spáinne go ndáilfear 10 milliún masc ar an bpobal.

De réir na bhfigiúirí is déanaí 517 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 atá básaithe sa Spáinn, i gcomparáid le 619 inné. 17,489 duine atá curtha den saol ag an bpaindéim sa Spáinn. Mhéadaigh líon na gcásanna nua ó 166,019 go dtí 169,496, an t-ardú is lú ó thus na ráige.

Tuairiscíodh 108 cás nua sa tSín inniu, an líon is mó cásanna ó thus na míosa seo caite sa tír inar thosaigh an phaindéim dhomhanda. Bhain 98 de na cásanna sin le taisteal thar lear.

Sa Fhrainc, ceann eile de na tíortha is measa ar domhan atá buailte ag an ngalar marfach tuairiscíodh go raibh laghdú tagtha ar líon na ndaoine atá á gcur sna haonaid dianchúraim don cheathrú lá as a chéile. Tá síneadh ama eile le fógairt ar an ordú dianghlasála sa Fhrainc, ordú a tháinig i bhfeidhm ar an 17 Márta.

Fág freagra ar '31 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas agus baint ag 55% de bhásanna le hionaid chónaithe'