COVID-19: Is iontach an difríocht idir straitéis eacnamaíochta na hÉireann agus SAM. Cé acu atá ceart?

Ar uair seo na géarchéime, is ionann an polasaí eacnamaíochta is éifeachtaí agus an polasaí is cothroime, a deir Ollamh leis an Léann Domhanda i gColáiste Fairhaven in Ollscoil Western Washington 

COVID-19: Is iontach an difríocht idir straitéis eacnamaíochta na hÉireann agus SAM. Cé acu atá ceart?

Is iontach an chodarsnacht idir polasaithe eacnamaíochta na hÉireann agus polasaithe Stáit Aontaithe Mheiriceá tráth a bhfuil an dá rialtas ag iarraidh dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíochta atá tosaithe cheana féin de bharr na géarchéime sláinte atá ar fud an domhain mhóir. 

Tá rialtas na hÉireann ag iarraidh airgead a chur i bpóca na n-oibrithe atá dífhostaithe nó díomhaoin mar gheall ar an aicíd. Ar dtús bhí sé beartaithe acu €204 in aghaidh na seachtaine a íoc le daoine a chaill a bpostanna mar gheall ar an gcúlú tobann san eacnamaíocht, agus cead ag a n-iarfhostóirí an tacaíocht sin a ardú dá mb’fhéidir nó dá mba mhaith leo.

Anois tá sampla na Danmhairge agus na Breataine a leanúint ag Rialtas na hÉireann

agus fóirdheontais a thabhairt do chomhlachtaí chun suas le 70% de meánphá a n-oibrithe a choinneáil leo fad is a mhaireann an ghéarchéim. 

De réir áirimh amháin, caithfidh an stát €3.5 billiún sna trí mhí atá romhainn ar íocaíochtaí díreacha do na hoibrithe sin atá dífhostaithe nó ar fhóirdheontais do chomhlachtaí chun a n-oibrithe díomhaoine a choinneáil ar an bpárolla. Meastar go dtacófar le 800,000 duine, idir oibrithe atá dífhostaithe agus oibrithe atá díomhaoin.

Ar leibhéal amháin is iarracht iontach mór í seo chun an tsochaí agus an geilleagar a choinneáil chomh slán agus is féidir sa chruachás atá linn agus atá romhainn. Is ionann 800,000 duine agus beagán níos mó ná an tríú cuid de na daoine ar fad a bhí fostaithe in Éirinn anuraidh.

Ar leibhéal eile, tá an beart seo saor go leor ó thaobh costais de. Is ionann €3.5 billiún agus 1.5% den ollioncam náisiúnta. Is ionann an caiteachas pearsanta agus 55% den ollioncam náisiúnta (GNI) céanna (€139 billiún in 2018), agus dá ngearrfaí an tríú cuid den chaiteachas sin (€46 billiún), fiú i gcomhair trí mhí féin (€11.5 billiún) bheadh an tír i bhfad níos boichte (4.6% den GNI i mbliana).

Tá an-seans ann go n-éireoidh le polasaí na hÉireann stop a chur le meath fada eacnamaíochta i ndiaidh an chúlaithe thobainn seo, ach tá seans maith freisin go mbeidh ar an rialtas níos mó airgid a chaitheamh chun go n-éireoidh leis an bpolasaí. 

I gcodarsnacht le Rialtas na hÉireann, tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ag dul ag caitheamh i bhfad níos mó airgid ar a n-iarracht cúlú eacnamaíochta a chosc, ach ní léir go mbeidh an polasaí chomh héifeachtach le polasaí na hÉireann.

Tar éis laethanta fada argóna, tá sé beartaithe ag an Teach Bán agus ag an Seanad, idir Phoblachtánaigh agus Daonlathaigh, pacáiste airgeadais $2.2 trilliún a chur isteach sa gheilleagar. Is ionann olltáirgeadh náisiúnta (GNP) na Stát Aontaithe agus thart ar $20 trilliún in aghaidh na bliana, agus faoin mbeartas seo tá sé i gceist ag rialtas Mheiriceá 10% de GNP a instealladh sa gheilleagar. Is é seo an pacáiste eacnamaíochta is mó i stair na tíre, dhá uair go leith níos mó ná beartas Obama sa bhliain 2009. Ach an oibreoidh an polasaí seo chun cúlú eacnamaíochta náisiúnta, agus fiú domhanda, a chosc?

Is deacair todhchaí eacnamaíochta SAM a thuar sa ghéarchéim dhomhanda seo. Ar an gcéad dul síos tá an bealach a bhfuiltear ag déileáil leis an gcruachás i réimse na sláinte poiblí ina phraiseach. Seans mar sin go mairfidh an ghéarchéim sláinte níos faide sna Stáit Aontaithe ná san Eoraip agus go mbeidh an tragóid dhaonna i bhfad níos géire.

Sa bhreis ar an tubaiste sa tsláinte phoiblí, tá an pacáiste ollmhór eacnamaíochta réasúnta casta. Tabharfar $500 billiún, nó 2.5% den olltáirgeacht náisiúnta (GDP), don státchiste chun tacú le comhlachtaí móra atá nó a bheidh i bponc mar gheall ar an ngéarchéim thobann san eacnamaíocht. (D’éirigh leis na Daonlathaigh a chinntiú go ndéanfaidh Teach na nIonadaithe maoirseacht ar an gciste seo tar éis na n-argóintí go léir.)

Ardófar an t-árachas dífhostaíochta go 100% den phá atá caillte ag gach oibrí go ceann ceithre mhí. Den chéad uair beidh na daoine féinfhostaithe, agus atá díomhaoin anois de bharr Covid-19, incháilithe don tacaíocht seo. Sa bhreis air sin bronnfar $1,200 ar gach saoránach fásta a shaothraíonn níos lú ná $75,000 in aghaidh na bliana.

Tabharfar iasachtaí do chomhlachtaí beaga ar mhaithe lena gcuid oibrithe a choinneáil ar an bpárolla agus maithfear na fiacha sin má choinnítear foirne oibre le chéile fad is a mhairfidh an ghéarchéim.

Cuirfear $100 billiún ar fáil do chúram ospidéil agus $150 billiún do rialtais fheidearálacha agus stáit le cuidiú leo sa troid in aghaidh ghalar Covid-19.

Tá an ceathrú cuid den airgead ($500bn nó 2.5% den eacnamaíocht bhliantúil) ag dul ag Banc an Chúlchiste Chónasctha (an Fed) chun airgead breise a chur ar fáil do chomhlachtaí móra.

Is iontach an difríocht idir straitéis na hÉireann, atá dírithe ar thacaíocht dhíreach a thabhairt d’oibrithe na tíre agus ar thacaíocht indíreach a thabhairt dóibh trína gcuid fostóirí, agus cur chuige Stáit Aontaithe Mheiriceá atá dírithe ar go leor réimsí éagsúla ag an am céanna – árachas dífhostaíochta na gcomhlachtaí, na stáit éagsúla, an córas sláinte agus an córas airgeadais.

Sílim féin go bhfuil bealach na hÉireann i bhfad níos ciallmhaire chomh maith le bheith níos cothroime agus níos daonlathaí. Beidh na geilleagair náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fad ag dul a luí anois ar feadh tamaill. Caithfear an eacnamaíocht a choinneáil beo agus chomh sláintiúil agus is féidir fad is bhíonn sí ina codladh.

Cé go bhfuil costas iasachtaí saor in aisce ó thaobh an úis de ag an tráth seo, is beag comhlacht sa domhan a bheidh ag lorg iasachtaí chun infheistíocht nua a dhéanamh toisc easpa éilimh a bheith ar tháirgí agus ar sheirbhísí nua le linn na géarchéime sláinte is eacnamaíochta.

Ag an nóiméad stairiúil seo, is ionann an polasaí eacnamaíochta is éifeachtaí agus an polasaí is cothroime. Tabhair airgead don phobal i gcoitinne chun iad féin a choinneáil folláin agus chun tacú leis an eacnamaíocht ag an am céanna. Is léir go dtuigeann muintir na hÉireann agus an rialtas araon gur ar scáth a chéile a mhairimid.

– Is ollamh leis an Léann Domhanda é Niall Ó Murchú i gColáiste Fairhaven in Ollscoil Western Washington, i Stát Washington ar chósta tháir Mheiriceá. 

Fág freagra ar 'COVID-19: Is iontach an difríocht idir straitéis eacnamaíochta na hÉireann agus SAM. Cé acu atá ceart?'