Athruithe ar na critéir do thástáil Covid-19

Tosaíocht feasta do thrí ghrúpa – gartheagmhálaí le hothar Covid-19, lucht leighis agus daoine leochaileacha nó daoine a bhfuil fadhbanna eile sláinte acu

Athruithe ar na critéir do thástáil Covid-19

Tá athruithe déanta ag an HSE ar na rialacha maidir leis an tástáil a fháil don choróinvíreas.

Sula gcuirfidh dochtúir othar ar aghaidh le haghaidh tástála feasta ní mór dó a bheith i gceann de na grúpaí tosaíochta agus péire de na príomhshiomptóim a bheith air.

Tá iarrtha ag an HSE ar dhaoine glaoch ar a ndochtúir teaghlaigh má bhíonn teocht ard (38 céim Celsius nó níos airde) agus ceann de na trí chomhartha sóirt seo orthu – casacht d’aon chineál, giorra anála agus deacrachtaí anála.

Tabharfar tosaíocht ó thaobh na tástála do na trí ghrúpa seo a leanas – daoine a bhí i ngartheagmháil le duine a bhfuil Covid-19 air, lucht leighis atá ag obair sa líne thosaigh ag cuidiú le hothair, daoine leochaileacha a bhfuil contúirt faoi leith sa ngalar seo dóibh, cuid acu a bhfuil fadhbanna eile sláinte acu.

Níl aon athrú ar an riail d’aon duine a bheidh ag fanacht leis an tástáil, caithfidh sé fanacht glan ar dhaoine eile, muintir a thí féin chomh maith.

Ní dhéanfar aon tástáil ar na daoine ar fad atá ag fanacht le tástáil ach nach bhfuair coinne fós agus má cheapann siad gur ghá sin, caithfidh siad glaoch in athuair ar a ndochtúir teaghlaigh.

Dúirt Eagraíocht Leighis an hÉireann agus Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann go raibh siadsan ag fanacht le soiléiriú ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le cás na ndaoine sin a bhfuil coinne faighte cheana féin acu don tástáil.

Tá na hathruithe seo á ndéanamh ar chomhairle an WHO chun tosaíocht a thabhairt do na cásanna is práinní agus toisc go bhfuil na liostaí feithimh an-fhada.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan go raibh 20,000 duine in aghaidh an lae ag teacht go dtí an 41 ionad tástála ar fud na tíre.

“De réir mar atá muid ag foghlaim níos mó faoin ngalar seo, táimid ag tabhairt tosaíocht do ghrúpaí áirithe sa tástáil. Mura bhfuil tú i gceann de na grúpaí sin, tharlódh nach gcuirfí aon tástáil ort in aon chor. Mar sin féin, tá sé an-tábhachtach má tá na comharthaí sóirt ort go nglacfá leis go bhfuil Covid-19 ort agus ba chóir duit tú féin a chuibhriú agus fanacht glan ar dhaoine. 

“Tá go leor leor daoine á gcur ar aghaidh don tástáil ó athraíodh na critéir go deireadh. Go leor de na daoine sin níor ghá iad a thástáil agus mar sin tá an t-athrú seo á dhéanamh againn le go ndéanfar tástáil ar na daoine is mó atá i gcontúirt an galar seo a tholgadh.

“Táimid ar cheann de na tíortha is mó san Eoraip atá ag déanamh tástálacha agus ní raibh an víreas ar 94% de na daoine a tástáladh.  Creidimid go bhfuil an t-am ceart ann anois le cloí le treoracha an WHO maidir le tástálacha. Ar mhaithe le bheith sábháilte a bhíomar ag tástáil an oiread sin daoine go dtí seo,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Athruithe ar na critéir do thástáil Covid-19'