Tá breis is 100,000 duine tagtha chucu féin ó Covid-19 agus 350,000 cás ar an taifead

1,054 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn agus 20 cás eile deimhnithe ó thuaidh den teorainn inniu

Tá breis is 100,000 duine tagtha chucu féin ó Covid-19 agus 350,000 cás ar an taifead

1,054 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn, 906 cás ó dheas den teorainn agus 148 cás ó thuaidh di.

Deimhníodh 20 cás eile ó thuaidh tráthnóna.

Idir an dá linn, tá sé deimhnithe go bhfuil breis is 100,000 duine a bhí buailte ag Covid-19 ar fud an domhain tagtha chucu féin.

De réir an áirimh atá á dhéanamh ag Ollscoil Johns Hopkins ar líon na gcásanna den víreas ar fud an domhain, sa tSín atá 60,000 de na daoine a raibh an galar orthu ach atá tagtha chucu féin. Tuairiscítear go bhfuil breis is 8,000 duine tagtha chucu féin san Iaráin agus breis is 7,000 duine atá i gceist san Iodáil.

Breis is 350,000 cás de Covid-19 atá ar an taifead anois agus os cionn 15,000 duine curtha den saol ag an galar. Baineann níos mó ná an tríú cuid de na básanna sin leis na trí thír is measa atá buailte, an Iodáil, an tSín agus an Spáinn.

1,034 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn, 906 cás ó dheas den teorainn agus 148 cás ó thuaidh di.

Seisear atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime, ceathrar ó dheas agus beirt ó thuaidh.

Dúirt an HSE go ndéanfar 4,500 tástáil sa lá sa phobal ón lá inniu ar aghaidh.

121 cás nua a deimhníodh ó dheas inné.

Fear san oirthear a bhí amach san aois agus a raibh fadhb eile sláinte ag cur as dó chomh maith ab ea an té is déanaí a bhásaigh le Covid-19 ó dheas.

Tá cás de Covid-19 anois sna 26 contae go léir. Ní raibh aon chás deimhnithe i Muineachán roimhe seo. I mBaile Átha Cliath atá os cionn leath de na cásanna.

De réir na hanailíse is déanaí atá curtha amach ag na húdaráis sláinte, scaipeadh i measc an phobail ba chúis le 44% de chásanna, gartheagmháil le hothair eile ba chúis le 23% agus bhain 33% le taisteal thar lear.

Tuairiscíodh inné chomh maith go raibh an dara duine básaithe de thoradh Covid-19 sa Tuaisceart. Duine amach sna blianta a raibh fadhb eile sláinte aige a bhí sa duine is déanaí a bhásaigh leis an ngalar ó thuaidh.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a thug príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid rabhadh do dhaoine faoin mbrú a thiocfaidh ar an gcóras sláinte de thoradh na géarchéime.

“Sna seachtainí amach romhainn feicfidh daoine ár gcóras sláinte faoi bhrú nach bhfacamar a leithéid riamh cheana agus ba mhaith liom a bheith an-mhacánta faoi sin,” arsa ceannasaí an HSE, Paul Reid.

Dúirt sé gur seachtain “an-mhór” a bheadh sa tseachtain romhainn amach “i stair an chórais sláinte”.

 

Fág freagra ar 'Tá breis is 100,000 duine tagtha chucu féin ó Covid-19 agus 350,000 cás ar an taifead'