Sé rún faisin don bhliain 2020 nach mbrisfear – go ceann tamaill ar aon nós!

Tá rúin faisin na hathbhliana ár gcomhfhreagraí níos teoranta i mbliana ach tá sí meáite ar sheasamh leo

Sé rún faisin don bhliain 2020 nach mbrisfear – go ceann tamaill ar aon nós!

Bítear ag súil go gcuirfidh muid ar fad tús le bliain nua le rúin nua – athruithe chun feabhais orainn féin a bhíonn i gceist agus bliain nua mar spreagadh againn chuige sin.

Bíonn rudaí éagsúla ag teastáil ó dhaoine éagsúla – a bheith níos sásta, níos aclaí, níos dathúla, níos cliste, níos cineálta agus mar sin de.

Ní raibh bliain nua ar bith ann le fada nach ndearna mé féin neart rún den chineál sin ach is beag den bhliain nua a bhí caite riamh go raibh cuid mhór de na dea-rúin sin briste arís agam. 

Beidh sé difriúil i mbliana.

Beidh liosta na rún níos teoranta agus ní bhrisfear iad. Bhuel, sin an rún atá agam, pé scéal é!

Sé cinn de rúin atá á ndéanamh agam maidir le cúrsaí faisin is stíle agus tá gach ceann acu simplí, indéanta agus tábhachtach. 

RÚN 1. Stocáireamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil d’éadach agam

Ciallaíonn sin go mbeidh orm dul ag cuardach i ngach cúinne de gach vardrús agus cófra agus glanadh amach iomlán a dhéanamh ar a bhfuil bailithe ansin in imeacht na mblianta. Trí charnán néata a bheidh le déanamh – ceann le coinneáil, ceann le tabhairt do charthanacht agus ceann le scrios nó le hathchúrsáil. I ndeireadh an lae beidh buntáiste agam féin agus ag eagraíocht charthanachta as an rún seo.

RÚN 2. Cosc, nó ar a laghad srian an-mhór, a chur ar cheannach éadaí nua

Tá an ceann seo níos deacra ná mar a shílfeá. Féinsmacht atá i gceist, go speisialta nuair a bheidh margaí iontacha le feiceáil i siopa nó ar shuíomh gréasáin. An rún atá agamsa ná an t-éadach atá agam a chaitheamh agus sásamh a bhaint as a bhfuil agam. Ceannóidh mé níos lú earraí agus beidh mé níos cliste faoin rogha a dhéanfaidh mé. Ní ghéillfidh mé ach go fíor-annamh agus ní tharlóidh sé ach sa gcás go mbeidh mé lánchinnte nach féidir liom déanamh d’uireasa cibé earra atá i gceist. Sea, beidh mé neamhthrócaireach liom féin…a oiread agus is féidir liom.

RÚN 3. Aire níos fearr a thabhairt do mo chuid éadaigh

Is cuma cé chomh tuirseach agus a bheidh mé, ní bheidh an geansaí deas caismír sin ar íoc mé go daor as caite ar chúl na cathaoireach sa seomra codlata mar go raibh mé róthuirseach lena fhilleadh go néata. Beidh sé curtha i dtaisce go cúramach agus gach ball eile ar chrochadáin éadaigh.  Áit do gach rud agus gach rud ina áit féin – sin é an mana nua a bheidh agam! Beidh scuab éadaigh mhaith uaim le haire a thabhairt do chótaí olla agus gheobhaidh mé ceann de na gléasanna beaga sin leis na bobailíní a bhaint de gheansaithe agus de chairdeagain.

RÚN 4. Laghdóidh mé mo lorg ar an timpeallacht

Nuair a bhrisfidh mé rún a dó thuas agus nuair a ghéillfidh mé don chathú agus ball éadaigh nua a cheannacht – ar bhonn eisceachtúil, mar a thuigeann tú féin – laghdóidh mé mo lorg ar an timpeallacht agus cinnteoidh mé gur táirge eiticiúil a cheannóidh mé. Tá ‘faisean inbhuanaithe’ sa bhfaisean anois agus aird níos mó ag daoine ar a chinntiú go bhfaightear bunábhar as foinse inmharthana agus go gcaitear go cuí agus go cothrom leis na hoibrithe a bhíonn i mbun a tháirgthe. Gearrfaidh mé siar ar an tirimghlanadh a scaoileann ceimiceáin nimhneacha isteach san atmaisféar ach ní bheidh tirimghlanadh ag teastáil chomh minic ó tharla rún agam aire mhaith a thabhairt do mo chuid éadaigh feasta. Féach rún a trí thuas! 

RÚN 5. Ní dhéanfaidh mé íobairt den chompord ar mhaithe le faisean

Rómhinic cheana a rinne mé seo – na bróga sin a bhí fíor-álainn ach a bhí beagán beag rófháiscthe ar mo chosa, ba mhinic a bhris mo chroí, agus mo chosa, i ndeireadh na hoíche. Agus is maith is cuimhin liom an gúna gleoite sin a bhí rótheann agus a bhain an anáil díom. Ní tharlóidh sé níos mó. Compord an tús agus an deireadh a bheidh le gach rogha a dhéanfaidh mé feasta mar gur maith a thuigim nach féidir sásamh nó pléisiúir ar bith a bhaint as aon rud. Is beag is fiú a bheith sa bhfaisean má bhíonn tú i bpian. 

  

RÚN 6. Ní fhanfaidh mé laistigh de chrios an chompoird i gcónaí

Is deacair linn ar fad briseadh amach as an zón sin ina mbíonn muid ar ár gcompord, go háirithe ó thaobh faisin de. Teastaíonn misneach pearsanta agus spreagadh ó dhaoine eile in amanna dul sa seans le roghanna nua éadaigh ach is fiú é a dhéanamh. Rún daingean é sin atá agam don bhliain seo romhainn. Neamhaird a thabharfaidh mé orthu siúd a bhíonn diúltach faoi stíl nó dathanna nua agus rachaidh mé ar seachrán ó ‘chrios an chompoird’ – anois agus arís ar an nós!  

Fág freagra ar 'Sé rún faisin don bhliain 2020 nach mbrisfear – go ceann tamaill ar aon nós!'

  • An Teanga Bheo

    Stóca gorm is stóca dubh ormsa go minic agus nach cuma liom