€700,000 de bhuiséad an Fhorais Teanga gan caitheamh anuraidh

De réir thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, níor éirigh leis an bhForas Teanga ná le Roinn na Gaeltachta a mbuiséid a chaitheamh in 2018

€700,000 de bhuiséad an Fhorais Teanga gan caitheamh anuraidh

Níor chaith an Foras Teanga breis is €700,000 den bhuiséad a tugadh dóibh anuraidh le caitheamh ar thograí teanga.

De réir thuarascáil de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, a foilsíodh an tseachtain seo, chaith an Foras Teanga €13.325 milliún den €14.028 milliún a cheadaigh Roinn na Gaeltachta dó sa bhuiséad.

Ní raibh Roinn na Gaeltachta sásta a rá le Tuairisc.ie cé mhéid den €703,000 nár caitheadh a bhain le Foras na Gaeilge agus cé mhéid de a bhain le Gníomhaireacht na hUltaise, an dá eagraíocht a dtugtar an Foras Teanga orthu.

Cé go ndúirt Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le Tuairisc.ie gur faoi na ranna stáit a bhí sé ceisteanna dá leithéid a fhreagairt faoina gcuntais féin, dúirt Roinn na Gaeltachta gur cheist a bhí ann d’Fhoras na Gaeilge.

Thug Foras na Gaeilge le fios do Tuairisc.ie nárbh eol dóibhsean ar bhain an t-airgead nár caitheadh leosan.

“Faraor seachas an méid atá scríofa, níl aon léargas ag Foras na Gaeilge maidir leis na figiúirí atá luaite sa tuarascáil seo [tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste], cé acu an mbaineann siad leis an eagraíocht seo, le Gníomhaireacht na hUltaise nó le buiséad na Roinne féin.

“Tá an cheist fiosraithe againn leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Ní féidir linne ach a rá gur tharraing Foras na Gaeilge na sciartha buiséid mar a bhí tuartha i rith na bliana 2018,” a dúirt urlabhraí Fhoras na Gaeilge.

Tá Tuairisc.ie fós i mbun fiosraithe maidir le cé mhéid den airgead seo nár caitheadh in 2018 a bhain le Foras na Gaeilge.

Tugadh le fios don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nár chaith an Foras Teanga an €703,000 in 2018 mar gheall ar gan oiread dul chun cinn a bheith déanta ar thograí áirithe is a bhíothas ag súil leis.

Chomh maith leis sin, luadh go raibh rátaí malairte airgid ‘buntáisteach’ anuraidh ann agus nár tháinig íocaíocht cnapshuimeanna pinsin a rabhthas ag súil leo i gceist.

Idir an dá linn, níor chaith Roinn na Gaeltachta anuraidh €768,000 den bhuiséad a cuireadh ar fáil dóibh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin.

De réir thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, €48.499 milliún a chaith an Roinn ar chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán in 2018. €49.267 milliún a bhí i gciste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán acu.

Bhain €532,000 den airgead nár caitheadh in 2018 le scéimeanna Gaeltachta. Dúradh nár caitheadh an bhreis is leathmhilliún sin mar nach ndearnadh an dul chun cinn a rabhthas ag súil leis i gcás tograí Gaeltachta áirithe.

Níor caitheadh €352,000 den bhuiséad a cuireadh ar leataobh do scéimeanna tacaíochta don Ghaeilge mar nach ndearnadh “an dul chun cinn a rabhthas ag súil leis” maidir le plean ionaid Ghaeilge a thógáil lasmuigh den Ghaeltacht.

Níor caitheadh €645,000 den airgead a cuireadh ar leataobh don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. B’amhlaidh an scéal, a dúradh, mar gheall ar mhoill ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Tugadh cead don Roinn airgead as réimsí caiteachais eile a chur i gciste Údarás na Gaeltachta. €7.638 milliún, seachas an €7 milliún a ceadaíodh sa bhuiséad, a tugadh don Údarás do thograí caipitil. €400,000 níos mó a chaith Údarás na Gaeltachta ar chúrsaí riaracháin anuraidh ná mar a bhíothas ag súil

D’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste na Cuntais Leithreasa an tseachtain seo, tuarascáil ina dtugtar léargas ar an gcaiteachas a dhéanann eagrais phoiblí i gcomparáid leis an mbuiséid a gceadaítear dóibh.

Fág freagra ar '€700,000 de bhuiséad an Fhorais Teanga gan caitheamh anuraidh'

  • Aine Ni Fhiannusa

    Ni thuigim go bhfuil an méid san gan caitheamh, agus dreamanna agus grúpaí beaga ag íoc as a pócaí féin chun an Ghaeilg agus an Cultúr a chur cun cinn, m.s. Ciorcail Comhráite, oíche cultúra. Cad atá uaidh an Fhorais Teanga? Abair linn gan an t-úfás páipéarachas a líonadh isteach!!
    Mar bhall de, agus mar Úachtarán ar an gComhdháil Cheilteach Idirnáisiúnta beidh muidne ag lorg sintúis chun an Comhdháil a reachtáil in Éirinn i 2021. An mbeidh cuid den stór san ar fáil?