Nach deas é? Tháinig idir Peadar agus Pól

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Tháinig idir Peadar agus Pól

Tháinig idir Peadar agus Pól. Ciallaíonn sé sin go n-éireoidh idir cairde móra scaití mar a tharla idir Naomh Peadar agus Naomh Pól. Má rinne tú iontas riamh go mbíonn Naomh Peadar agus Naomh Pól luaite le chéile i gcónaí  beagnach bhí cúis mhaith ag bolscairí na heaglaise leis. Theastaigh uathu a dhéanamh amach gur cairde maithe a bhí sa mbeirt i gcónaí. B’fhearr leo dearmad a dhéanamh ar an easaontas a bhí eatarthu i dtús ré na Críostaíochta. Bhí Peadar ag éileamh go gcloífeadh na gintlithe a bhí ag iompú ina gCríostaithe le bunphrionsabal Dhlí Mhaoise, go mór mór chomh fada agus a bhain sé le timpeallghearradh agus le dlíthe bia – an Kashrut. A mhalairt de thuairim a bhí ag Pól. Ba bheag nár thug an bheirt acu griosáil bhuailte dá chéile in Aintíoch. Seo mar a rinne Pól cur síos air. Céafas a thugtaí ar Pheadar:

‘Rud eile de nuair a tháinig Céafas go hAintíoch chuir mé ina choinne lena bhéal mar bhí sé san éagóir. Chaitheadh sé bia leis na gintlithe nó gur tháinig daoine áirithe de bhuíon Shéamais ar an láthair, ach an túisce a tháinig siadsan thosaigh sé ag cúbadh chuige agus ag fanacht amach ó na gintlithe le heagla mhuintir an timpeallghearrtha.’

Tháinig idir Peadar is Pól. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tháinig idir Peadar agus Pól'