Tús á chur le hobair ar chúig Ghaelscoil a bhfuil a bhfuil fadhbanna struchtúir iontu

Tá tús á chur amárach le hobair athchóirithe atá beartaithe ar 22 scoil a thóg Western Building Systems

Tús á chur le hobair ar chúig Ghaelscoil a bhfuil a bhfuil fadhbanna struchtúir iontu

Cuirfear tús amárach le hobair athchóirithe atá beartaithe do 22 scoil a bhfuil fadhbanna struchtúir iontu, cúig Ghaelscoil ina measc.

Is iad na Gaelscoileanna sin ná Gaelscoil Eiscir Riada i Leamhcán i mBaile Átha Cliath, Gaelscoil na Mí i gCill Dheagláin, Gaelscoil Átha Í i gCill Dara, Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin i gCloich na Coillte i gCorcaigh, Scoil Chaitlín Maude i dTamhlacht agus Gaelscoil Phort Laoise.

Tá na scoileanna sin i measc 22 scoil a thóg Western Building Systems ina mbeidh tús á chur an samhradh seo le hobair athchóirithe le fadhbanna struchtúrtha a chur ina gceart.

Obair struchtúrtha agus obair ó thaobh sábháilteachta i gcás dóiteáin atá le déanamh sna scoileanna go léir.

Le coicís anuas tá seisiúin eolais curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do phríomhoidí, lucht bainistíochta agus pátrúin na scoileanna faoin obair is gá a dhéanamh.

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh tráthnóna go ndéanfaí an obair sna scoileanna i rith an tsamhraidh agus go mbeadh na scoileanna in ann oscailt arís sa bhfómhar mar is gnáth.

Sa chás nach mbeadh an obair go léir críochnaithe faoi dheireadh mhí Lúnasa, críochnófar í lasmuigh d’uaireanta scoile ionas nach gcuirfear isteach ar obair na scoileanna, a dúradh.

Tháinig sé chun solais anuraidh go raibh amhras faoi struchtúr agus sábháilteacht 42 scoil a thóg Western Building Systems don Roinn Oideachais.

Chomh maith leis an obair athchóirithe, tá mionscrúdú á dhéanamh ag an Roinn ar struchtúr 17 scoil eile a thóg an comhlacht tógála. Déanfar na scrúduithe sin i gcaitheamh an tsamhraidh chomh maith.

Dúirt an tAire McHugh tráthnóna go raibh athbhreithniú neamhspleách á choimisiúnú aige maidir le dearadh agus tógáil scoileanna i bhfianaise na conspóide anuraidh faoi chaighdeán tógála scoileanna áirithe.

Chuirfí tús leis an obair sin nuair a bheadh deireadh le himeachtaí dlí, a dúirt an tAire.

Fág freagra ar 'Tús á chur le hobair ar chúig Ghaelscoil a bhfuil a bhfuil fadhbanna struchtúir iontu'