Súil á caitheamh go héadmhar cheana féin ar an ngaisce ‘Glas’

Príomhscéalta an toghcháin go dtí seo - na Glasaigh ríméadach agus Sinn Féin imníoch

Súil á caitheamh go héadmhar cheana féin ar an ngaisce ‘Glas’

Ciarán Cuffe, a thiocfaidh sa chéad áit sa toghchán Eorpach i mBaile Átha Cliath, de réir phobalbhreith iarvótála RTÉ agus TG4. Pictiúr: Rollingnews

Is le babhta gadaíochta a léiríonn polaiteoirí meas ar a chéile go minic, mar a rinne Leo Varadkar agus comhghairdeas á dhéanamh aige leis an gComhaontas Glas aréir.

Níor toghadh ach dháréag iarrthóirí de chuid Chomhaontas Glas i dtoghchán áitiúil 2014. Faoi dheireadh an chomhairimh i mbliana, beidh suas le daichead ionadaí tofa acu, nó b’fhéidir beagán sa bhreis air sin. Chomh maith leis sin beidh feisire Eorpach amháin ar a laghad acu, nó triúr má bhíonn rith an ráis leo.

Dúirt an Taoiseach go raibh éileamh an phobail soiléir. Teastaíonn uathu go dtreiseodh an Rialtas a chur chuige agus iad ag déileáil leis an athrú aeráide, a dúirt sé. Gheall sé go dtabharfaí aird ar theachtaireacht na vótóirí, agus go ngéarófaí ar iarrachtaí an rialtais.

Níl sa bhfocal ‘gadaíocht’ thuas ach béarlagair iriseora. Má mholann páirtí cur chuige áirithe, agus má thagann méadú mór ar thacaíocht an pháirtí dá bharr, ní haon iontas é go dtagann fonn ar pháirtithe eile cur chuige den sórt céanna a mholadh, nó ar a laghad aithris a dhéanamh ar an dream is túisce a bhí á mholadh.

Tá a fhios ag Comhaontas Glas go maith go dtagann idir thairbhe agus chontúirt pholaitiúil sna sála ar a chéile, de réir mar a éiríonn siad níos líonmhaire.

Ní bheidh cathú ar Leo Varadkar ná ar Mhicheál Martin dáta an olltogcháin a bhrostú mar gheall ar thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach. Mar sin féin, tá an leagan amach polaitiúil athraithe, agus an bheirt acu ag breathnú ar Chomhaontas Glas mar pháirtí a d’fhéadfadh a bheith ina rannpháirtithe tábhachtacha i gcomhrialtas.

Is ag Sinn Féin atá an chúis imní is mó i bhfianaise thorthaí na toghcháin áitiúil go dtí seo.

Tá sciar an pháirtí den vóta náisiúnta laghdaithe agus suíocháin caillte acu i gceantair éagsúla – go háirithe i mBaile Átha Cliath. Má chailleann an páirtí suíochán i dtoghcháin na hEorpa nó níos mó, cuirfear a thuilleadh brú ar an gceannaire Mary Lou McDonald straitéis agus polasaithe an pháirtí a athbhreithniú gan mhoill.

Ar ndóigh, ní féidir lánéirim thorthaí an dá thoghcháin a mheá go mbeidh an comhaireamh críochnaithe – uair éigin amárach, má bhíonn rath ar an obair – ach tá an méid sin soiléir cheana féin.

 

Fág freagra ar 'Súil á caitheamh go héadmhar cheana féin ar an ngaisce ‘Glas’'