Súil an tseabhaic ar an suíochán sa bhreis sna Déise

Sa tsraith seo caitear súil chun cinn ar thoghcháin áitiúla na seachtaine seo sna ceantair Ghaeltachta. Toghcheantar Dhún Garbhán atá faoi chaibidil anseo againn…

Súil an tseabhaic ar an suíochán sa bhreis sna Déise

Tá toghcheantar nua i gceist i nDún Garbhán agus é scoite ón Lios Mór agus amuigh leis féin anois. Beidh suíochán sa mbreis i gceist mar go bhfuil cuid de cheantar an Chomaraigh aistrithe go Dún Garbhán anois. Tá cúigear comhairleoirí ann faoi láthair agus iad uilig ag seasamh arís: Damien Geoghegan agus Pat Nugent (FG), Tom Cronin (FF), Siobhán Whelan (SF) agus fear Gaeltachta, arb as an Seanphobal dó, Seamus Ó Domhnaill (Neamhspleách). Tá 13 iarrthóir ar fad i gceist don sé shuíochán, triúr d’Fhianna Fáil, beirt d’Fhine Gael agus do Shinn Féin, duine amháin do Pháirtí an Lucht Oibre agus triúr iarrthóirí neamhspleácha.

Cúrsaí tithíochta is mó atá ag dó na geirbe ag daoine sa gceantar, a shíneann ó Dhroichead Eochaille chomh fada le Léim Uí Bhriain. Tá sé bunáite dodhéanta anois ag aon duine óg suíomh a cheannach sa Rinn ná ina lán ceantar tuaithe eile, de bharr phraghas na talún. Maidir le baile Dhún Garbhán, bíonn deacrachtaí páirceála ann uaireanta, go háirithe sa samhradh agus na sluaite ag triall ar an mbaile agus ar Rian Glas na nDéise. Níl cúrsaí dífhostaíochta ródhona sa gceantar faoi láthair,  agus rudaí níos fearr ná mar atá thíos i gcathair Phort Láirge.

Níl ach Comhairleoir amháin as baile Dhún Garbhán, ina bhfuil deich míle duine, agus d’fhéadfadh sé sin cuidiú le hiarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Thomas Phelan, mar tá traidisiún fada ag an bpáirtí sa mbaile mór. Tá feachtas láidir curtha isteach ag Conor D McGuinness, Sinn Féin, atá ag cur faoi sa Rinn, ach má thoghtar é, d’fhéadfadh go gcuirfeadh sé Siobhán Whelan amach, seachas an dara suíochán a bhuachan do Shinn Féin.

Tuar: Damien Geoghegan (FG), Pat Nugent (FG), Tom Cronin (FF), Conor McGuinness (SF), Séamas Ó Domhnaill (Nspl), Thomas Phelan (LO)

Fág freagra ar 'Súil an tseabhaic ar an suíochán sa bhreis sna Déise'