Sraith físeán Gaeilge faoi fhadhbanna meabhairshláinte na n-óg seolta

Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn a sheol an tsraith cúig fhíseán ina bhfuil daoine óga le cloisteáil ag trácht ar fhadhbanna meabhairshláinte éagsúla

Sraith físeán Gaeilge faoi fhadhbanna meabhairshláinte na n-óg seolta

Tá fáil i nGaeilge agus i mBéarla ar shraith físeán beochana nua a thugann aghaidh ar fhadhbanna meabhairshláinte i measc daoine óga.

Coláiste Ríoga na Máinleá in Éireann a sheol an tsraith cúig fhíseán ina bhfuil daoine óga le cloisteáil ag trácht ar fhadhbanna meabhairshláinte éagsúla: an imní, an bhulaíocht, an t-imeallú, an galar dubh agus an uaigneas.

Tá scéalta na bhfíseán bunaithe ar fhreagraí a thug daoine óga in Éirinn ar cheisteanna a cuireadh orthu mar chuid de thaighde a rinne an RCSI. 

Tá an bheochan curtha ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge ar SpunOut.ie mar áis do dhaoine óga a bhíonn  ag streachailt le fadhbanna meabhairshláinte.

An Bord Taighde Sláinte a chuir maoiniú ar fáil don tsraith a rinne an RCSI i gcomhar leis an Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta, SpunOut.ie agus Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

Léirigh taighde a d’fhoilsigh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (RCSI) in 2013 faoi chúrsaí meabhairshláinte i measc na n-óg in Éirinn go mbeadh fadhbanna suntasacha meabhairshláinte ag duine as gach beirt ógánach faoin am a mbeidís 25 bliain d’aois agus ag duine as gach triúr faoin am go mbeidís 13.

Dúirt Helen Coughlan, Comhalta Taighde sa Roinn Síciatrach san RCSI go raibh  “dúshláin ag baint le bheith óg in Éirinn”.

Dúirt sí gur léirigh taighde an RCSI go mbíonn go leor daoine óga ag fulaingt os íseal leis an ísle brí, le strus, imní agus uaigneas.  Dúirt sí gur minic go ndéanann daoine óga iarracht déileáil leis na fadhbanna seo gan iad a lua le duine ar bith eile.

Agus an tsraith á seoladh go hoifigiúil aici, dúírt an Seanadóir Lynn Ruane gur “bealach iontach” an tionscadal seo le “daoine óga a spreagadh lena gcumas féin a léiriú agus le dul i ngleic leis na dúshláin a bhíonn os a gcomhair”.

Fág freagra ar 'Sraith físeán Gaeilge faoi fhadhbanna meabhairshláinte na n-óg seolta'

  • Fearghas MacFhionnlaigh

    Sraith inmholta go deimhin. Tá fotheidil bhreátha shoiléire ag na físeáin Beárla. Is mór an trua nach bhfuil a leithéidí ar na físeáin Gaeilge (chomh fada agus a dhéanaimse amach ar aon nós). Cúis mhearbhaill é an fáth.