An méid seo a rá de chanúint na céalmhaine.
Máirtín Ó Cadhain a dúirt é sin sa léacht Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Ag casaoid faoin nGúm a bhí sé. Seo mar a dúirt sé:
‘Ba mhaith liom an méid seo a rá, de chanúint na céalmhaine: má thagann an Gúm ar ais leis an ardréim a bhí aige cheana …sin deireadh go brách le litríocht na Gaeilge.’
Tairngreacht a chiallaíonn céalmhaine, tuar, mathmharcóireacht, séanaireacht, fáistine. Mar a bheifeá ag súil leis, tá an focal sa Sean-Tiomna:
Céalmhaine Bhalám mac Bheor,
Céalmhaine an té ar gruama é a radharc,
Céalmhaine an té a chluineann briathar Dé.
Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil,
faigheann sé freagra ó Dhia agus osclaítear a shúile.
Ba mhaith liom an méid seo a rá, de chanúint na céalmhaine… Nach deas é?
Fág freagra ar 'Nach deas é? De chanúint na céalmhaine … '