Nach deas é? De chanúint na céalmhaine … 

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? De chanúint na céalmhaine … 

An méid seo a rá de chanúint na céalmhaine.

Máirtín Ó Cadhain a dúirt é sin sa léacht Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Ag casaoid faoin nGúm a bhí sé. Seo mar a dúirt sé:

‘Ba mhaith liom an méid seo a rá, de chanúint na céalmhaine: má thagann an Gúm ar ais leis an ardréim a bhí aige cheana …sin deireadh go brách le litríocht na Gaeilge.’

Tairngreacht a chiallaíonn céalmhaine, tuar, mathmharcóireacht, séanaireacht, fáistine. Mar a bheifeá ag súil leis, tá an focal sa Sean-Tiomna:

Céalmhaine Bhalám mac Bheor,

Céalmhaine an té ar gruama é a radharc,

Céalmhaine an té a chluineann briathar Dé.

Feiceann sé  a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil,

faigheann sé freagra ó Dhia agus osclaítear a shúile.

Ba mhaith liom an méid seo a rá, de chanúint na céalmhaine… Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? De chanúint na céalmhaine … '