Ó DHÚCHAS: Marófar dhá thrian d’Éirinn agus trian d’Albain mar gheall uirthi…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tá leagan as Conamara d’Oidhe Chlann Uisnigh againn mar mhalairt ar fhíbín na Nollag

Ó DHÚCHAS: Marófar dhá thrian d’Éirinn agus trian d’Albain mar gheall uirthi…

Triúr clainne Uisnigh a bhí in Éirinn fadó. Ní dhófadh tine iad, ní bháfadh uisce iad is ní chaithfeadh gunna iad. Bhí rí ann agus bhí sé ag fiach lá agus chuaigh sé isteach go dtí a dhraíodóir ag caitheamh a dhinnéir. Nuair a bhí sé ag ithe chuala sé na trí scread ba chráite a chuala aoinne riamh. “Ní íosfaidh is ní ólfaidh mé aon ghreim,” a deir an rí “go n-inseoidh tú dhom cén fáth na trí scread sin.” “Inseoidh,” arsa an draíodóir. “Tá mo bean ag iompar iníne agus is anois a tháinig an t-anam inti agus marófar dhá thrian d’Éirinn agus trian d’Albain mar gheall uirthi mar beidh sí ar an mbean is breátha ar an domhan.”

“Ní mharófar aoinne léi,” arsa an rí “ach tabhair dhomsa í agus pósfar liom í agus cuirfidh mé ar oiliúint í san áit nach bhfeicfidh sí fear ná bean ach an t-aon bhean amháin a bheas á tógáil.” Rinne an draíodóir mar a dúirt an rí leis. Pósadh í fhéin agus an rí agus cuireadh isteach i seomra í nach raibh aoinne le feiceáil aici ann. Nuair a bhí sí fiche bliain d’aois bhí an rí lena tabhairt leis go dtí a theach fhéin. Ligeadh isteach san seomra i mbarr an tí í an lá seo a raibh an bhainis le bheith acu. Bhí sí ag breathnú amach agus lá sneachta a bhí ann, agus chonaic sí sneachta agus fuil a raibh préachán á hól. “Mammá,” a deir sí de ghlór ard. Tháinig an bhean a bhí ag freastal uirthi go dtí í.

D’fhiafraigh an cailín seo di an raibh aon fhear ar an domhan a raibh na trí dhath sin air, chomh dearg leis an rós, chomh dubh leis an bhfiach agus chomh geal leis an sneachta. “Níl fear ar bith ar an domhan,” arsa Mammá. “Tá an oiread fir ar an domhan is atá de mhná ann” arsa an cailín “mar léigh mise faoi fhir is faoi mhná.” “Níl,” arsa Mammá “ach aon duine amháin, Naoise Bó Cuinn.” “Ní íosfaidh mise is ní ólfaidh mé aon ghreim go dtaga an fear sin im’ láthair,” arsa an cailín. “Ní féidir aon fhear a thabhairt i do láthair,” adeir Mammá “mar tá tú pósta ón lá a rugadh thú.” “Níl mise pósta,” a deir sí “mar is aisteach an rud duine a phósadh gan aon mheabhair a bheith aige.”

Bhí sí ag iarraidh an fear seo a thabhairt ina láthair agus cuireadh scéala chuig an rí. Dúirt an rí leo é a thabhairt go dtí í mar nach ndéanfadh sé aon dochar di. Tugadh Naoise Bó Cuinn a raibh clár a éadain chomh dearg le fuil, a chloigeann chomh dubh le fiach agus a chraiceann chomh geal leis an sneachta i láthair an chailín. Ar an bpointe is a chonaic sí é d’fháisc sí barróg faoina lár agus dúirt sí nach scarfadh sí choíche leis. Bhí Naoise ag iarraidh imeacht uaithi ach ní ligfeadh sí uaithi é. “Lig in éindí leat i,” a deir a chuid dearthár leis, “cén bheann atá agat ar an rí mar ní bháfaidh uisce thú, is ní chaithfidh gunna thú is ní lasfaidh tine thú?”

Rinne Naoise a gcomhairle agus thug sé leis í agus pósadh iad. Chuir an rí troid ansin air, agus rug Naoise agus a bheirt dearthár ar a gcuid claimhte agus mharaíodar trian d’Éirinn. D’imigh Naoise agus a bhean Déirdre agus a bheirt dearthár Naoise as Éirinn le leisce Éire uile a bhánú.
Chuadar go hAlbain agus nuair a fuarthas greim thall orthu caitheadh isteach i dteach na ngadhar iad mar bhíodar ag ceapadh go maródh na gadhair iad. Is é an chaoi ar thosaigh na gadhair á líochán i leaba iad a mharú. Nuair a chonaic rí na háite sin nach ndearna na gadhair aon dochar dóibh chuir sé isteach i hotel iad. Bhíodar scaitheamh ann nuair a chuir an rí fios chun dinnéir orthu. Chuadar chun dinnéir chuige. Nuair a bhí an dinnéar caite, thit iníon an rí i ngrá le Naoise agus d’éirigh sí agus bhain póg de. Rith Déirdre amach as an hotel agus níor stad sí gur chaith sí i bhfarraige í féin. Lean Naoise, Ísleán
agus Ardán ag an bhfarraige í agus shábháil siad í.

Chuir rí Alban troid ar Naoise faoi nach bpósfadh sé a iníon fhéin. D’ionsaigh an triúr acu muintir an rí agus bhí trian d’Albain maraithe acu nuair a d’iarr an rí síocháin orthu. Chuir siad fúthu in Albain ar feadh tamaill ina dhiaidh sin. Ba ghearr gur dhúirt rí na hÉireann fios a chur orthu go hAlbain mar go sábhálfaidís an tír dá n-ionsófaí í. Dúirt an draíodóir a bhí ag an rí teach a dhéanamh le luaidhe agus le tarra agus go ndófaidís an bhean.

Cuireadh scéala acu go hAlbain agus dúirt an bhean leo gur le haghaidh feall a dhéanamh orthu a bhí an rí. Dúirt siad léi go ngabhfadh siad go hÉirinn mar nach raibh aon bheann acu féin ar aoinne. Tháinig siad go hÉirinn agus caitheadh bainis seacht n-oíche is seacht lá orthu. Cuireadh isteach sa teach nua seo a bhí déanta iad. Nuair a fuarthas na gcodladh san oíche iad lasadh an teach orthu. Thosaigh an bhean ag caoineadh nuair a thosaigh na braonacha tarra ag titim uirthi.

Chuir an triúr iad fhéin timpeall uirthi agus thugadar amach as an lasadh slán sábháilte í. Tharraing siad amach a dtrí chlaíomh agus mharaigh siad trian eile d’Éirinn. Bhí dhá thrian d’Éirinn maraithe acu anois. Chuaigh an rí go dtí an draíodóir agus dúirt sé leis mara gcuireadh sé geis eicínt orthu nach bhfágfaidís aoinne beo sa tír. Rinne an draíodóir daill díobh.

Bhí go maith, mar nuair a bhí siad dall ní bhíodh acu ach ag rith i ndiaidh an torainn. Dúirt siad fhéin le chéile nach raibh aoinne in ann iad a chur chun báis ach iad fhéin. Theann siad le chéile agus mharaigh siad fhéin a chéile. An chéad bhuille a bhuail duine acu ar an gceann eile, dúirt sé:

“Airím do bhuille, a dheartháir.”

“Ní hiontas dhuit,” a deir an deartháir, “má fuair tú é.”

Nuair a bhí beirt maraithe chuir an duine eile a chlaíomh fhéin trína chroí. Nuair a chonaic an rí maraithe iad, tháinig sé agus dúirt sé leis an mbean: “Tá tú i ngreim anois agus mo chuid fear cróga calma maraithe mar gheall ort.” “Níl mise ag iarraidh a ghabháil ón mbás,” arsa Déirdre, “ach tabhair cead dhom mo chuid fir bhreátha a chaoineadh.”

Nuair a bhí a dóthain caointe aici ní dhearna sí ach claíomh a fir a chur trína croí ionas nach mbeadh sé de shásamh ag an rí gurbh é a mharódh í.

Cuireadh Clann Uisnigh istigh san reilig agus Déirdre taobh amuigh den sconsa. D’fhás crann aníos san áit ar cuireadh Naoise agus crann eile san áit ar cuireadh Déirdre agus bhí an dá chrann i bhfastó ina chéile agus ní bheadh a fhios agat nach aon chrann amháin a bhí ann. Bhí an dá chrann fásta ar maidin. D’ordaigh an rí iad a ghearradh agus rinneadh a chomhairle. Ní raibh ann ach go raibh siad gearrtha nuair a phléasc abhainn amach as an áit. Tá an abhainn sin ann ó shin, sórt sruthán is ea é ach níor thriomaigh sé riamh.

Séamus Ó Conghalaigh (50),
Tír an Fhia, Conamara

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Marófar dhá thrian d’Éirinn agus trian d’Albain mar gheall uirthi…'