Lá stairiúil do ghaiscígh Ghaoth Dobhair agus iad ina máistrí ar chúige Uladh den chéad uair

Mar atá déanta go minic acu i mbliana, léirigh imreoirí Ghaoth Dobhair a mianach nuair ba dhéine an choimhlint i gcluiche crua ar an Ómaigh inniu

Lá stairiúil do ghaiscígh Ghaoth Dobhair agus iad ina máistrí ar chúige Uladh den chéad uair

Cluiche ceannais Chúige Uladh

Gaoth Dobhair 0-13

An Bhoth 0-12

Beidh ceiliúradh á dhéanamh ar an gceann seo acu in iarthar Dhún na nGall go ceann tamaill. Ba é Seaghan Ó Fearraigh laoch Ghaoth Dobhair tráthnóna tar éis dó an scór cinniúnach a fháil a chinntigh go mbeadh Craobh Shinsir Peile Uladh ag dul go dtí Machaire Gathlán den chéad uair riamh. 

Bhí am breise ag teastáil chun na Conallaigh agus fir Mhuineacháin, An Bhoth, a scaradh óna chéile i gcluiche ceannais an chúige ach ba iad fir na Gaeltachta ba láidre a chríochnaigh agus a mbua tuillte go maith acu.

©INPHO/Bryan Keane

Leath bealaigh tríd an dara leath d’am breise a tháinig pointe Uí Fhearraigh agus cé go raibh deis ag Rory Beggan comhscór a fháil don Bhoth agus an t-am beagnach caite, níor bhain sé an sprioc amach agus bhí an lá le fir Ghaoth Dobhair.

Bhí foireann Mervyn Uí Dhomhnaill go mór faoi bhrú ar feadh tréimhse sa dara leath agus iad trí phointe chun deiridh, 0-8 in aghaidh 0-5. Níor ghéill siad riamh, áfach. Bhí An Bhoth fós cúpla pointe chun cinn agus cúig nóiméad fágtha, ach b’fhearr a bhí Gaoth Dobhair ag imirt. 

Tá a chumas léirithe aige in am an ghátair go minic ag Odhrán Mac Niallais i mbliana agus nuair a bhí spreagadh ag teastáil arís tráthnóna ó Ghaoth Dobhair ba é an fear lár páirce a rinne an gaisce. Shlánaigh sé cic saor a d’fhág nach raibh ach aon chúilín idir na foirne agus cúpla nóiméad ina dhiaidh sin fuair sé a chéad scór ón imirt agus bhí Gaoth Dobhair ar comhscór.

Odhrán Mac Niallais, laoch na himeartha. ©INPHO/Bryan Keane

Bhí conspóid ann ag fíordheireadh an chluiche nuair a sheol Micheál Carroll iarracht thar an trasnán do Ghaoth Dobhair. Níor cheadaigh an réiteoir an scór agus an liathróid caite uaidh ag Odhrán McFadden-Ferry díreach roimhe sin.

Ba iad an Bhoth a d’aimsigh an chéad scór d’am breise nuair a shlánaigh Rory Beggan cic 45 méadar ach buaileadh buille trom orthu go luath ina dhiaidh sin nuair a cuireadh an sárthosach Shane Carey den pháirc agus cárta dearg tugtha dó.

Chuir Ryan Kelly na foirne ar comhscór díreach roimh an mbriseadh ach ní raibh ach aon scór amháin ann sa dara leath d’am breise, scór cinniúnach Sheaghain Uí Fhearraigh a bhuaigh an cluiche don fhoireann Ghaeltachta.

Seaghan  Ó Fearraigh, a fuair cúilín na cinniúna ©INPHO/Bryan Keane

Léirigh imreoirí Ghaoth Dobhair a mianach nuair ba dhéine an choimhlint sa chluiche crua seo ar an Ómaigh. D’fhág an aimsir fhliuch go raibh sé thar a bheith deacair peil dheas a imirt agus thóg sé tamall ar fhir na Gaeltachta dul i dtaithí ar an aimsir. 

Bhí na foirne gob ar ghob sa chéad leath agus iad ar comhscór ag leath ama, 0-5 an taobh. Chuir an Bhoth tús iontach leis an dara leath ach tháinig Gaoth Dobhair ar ais. Bhí Odhrán Mac Niallais ar fheabhas agus gradam laoch na himeartha tuillte go maith aige, ach bhí leithéidí Odhráin McFadden-Ferry, Kevin Cassidy, Micheál Carroll agus Eamon McGee ar fheabhas freisin do Ghaoth Dobhair, atá cáilithe anois do chluiche leathcheannais na hÉireann. Seaimpíní na hÉireann, Cora Finne, a bheidh rompu an t-earrach seo chugainn, ach bainfear sásamh as an mbua stairiúil seo ar feadh tamaill.

Fág freagra ar 'Lá stairiúil do ghaiscígh Ghaoth Dobhair agus iad ina máistrí ar chúige Uladh den chéad uair'

  • Áine Nic Niallais

    A leithéid de lá, a leithéid de chluiche, a leithéid de bhua!

    Muid chomh bródúil asaibh uilig, a ghasúirí!

  • Joe O Donaill

    Chomh bródúil le cat le dhá ruball!

    Comhghairdeas libh, laochra achan uile dhuine agaibh.