Craolfar an chéad chlár sa tsraith nua ceoil Malairt Poirt le Muireann ar Raidió na Gaeltachta anocht.
Is í Muireann Nic Amhlaoibh, an ceoltóir agus amhránaí aitheanta as Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne, láithreoir na sraithe úire, a bheas á taifead ó stiúideo Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall, Ciarraí.
Ag trácht di ar an chlár nua, a chuirfear tús leis ag 7pm anocht, dúirt Muireann Nic Amhlaoibh gur “chúis mhór áthais” di cuireadh a fháil chun a clár ceoil féin a chur i láthair ar an stáisiún raidió Gaeilge.
“Tar éis na blianta a chaitheamh ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus ag bualadh isteach go minic le haghaidh agallaimh nó seimint, braithim ar mo shuaimhneas ann cheana fhéinigh,” a dúirt Nic Amhlaoibh.
Cé go mbeidh béim á cur ar cheol Gaelach, beidh Nic Amhlaoibh, a chaith na blianta ag seinm leis an ghrúpa Danú, ag tarraingt ar cheol a chuaigh i bhfeidhm uirthi féin agus í ag taisteal agus ag ceol.
“Ba eispéireas ar leith é dom a bheith ag taisteal ar fud an domhain mar cheoltóir agus thug sé deis dom aithne a chur ar ghrúpaí agus ar chultúir eile, idir cheol na Briotáine agus amhránaíocht na Bulgáire,” a dúirt Nic Amhlaoibh in alt a foilsíodh ar shuíomh RTÉ.
Dúirt sí go bhfuil i gceist aici “seisiúin bheo” a bheith aici le ceoltóirí sa stiúideo amach anseo agus ceoltóirí á gcur faoi agallamh aici sa stiúideo.
“Is breá liom nuair a mhíníonn daoine a gceird dom, agus is cinnte go mbeidh spéis ag na héisteoirí ann chomh maith,” a dúirt sí.
Craolfar Malairt Poirt le Muireann gach Satharn óna 7-9pm agus is féidir iarratas a chur isteach chuig info@muireann.ie ar aon phíosa ceoil ba mhian leat féin a chloisteáil ar an chlár.
Des O Murchu
Saoirse faoi dheire O bladair spoirt an samhradh RNG!