‘An Imirce agus Mná an Atlantaigh’ an t-ábhar plé ag an gcéad chomhdháil in Ionad Charna

Beidh comhdháil, taispeántas ealaíne ag ealaíontóirí ban agus ceolchoirm ar siúl in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna an deireadh seachtaine seo

‘An Imirce agus Mná an Atlantaigh’ an t-ábhar plé ag an gcéad chomhdháil in Ionad Charna

Beidh an chomhdháil a bheidh ar bun i gCarna an deireadh seachtaine seo ar an gcéad ócáid dá leithéid in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach.  Tógadh an tIonad seo in in ómós d’imirceoirí Chonamara. Tabharfaidh an ócáid áirithe seo ómós ar leith do na mná ó chósta an Iarthair i scéal na himirce.  ‘An Imirce agus Mná an Atlantaigh’ an téama atá ag an ócáid agus is é Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh a chuirfidh tús oifigiúil leis na himeachtaí in Ionad na nImirceach ag 6.30 tráthnóna Dé hAoine.

Chomh maith leis an gComhdháil féin, beidh Taispeántas Ealaíne ar bun san Ionad ag ealaíontóirí ban as ceantar Iorras Aithneach agus beidh Ceolchoirm a bheidh bunaithe ar amhráin na himirce ar chlár na n-imeachtaí freisin.

Is í an scríbhneoir agus an staraí as an gClochán, Kathleen Villiers-Tuthill a dhéanfaidh an chéad chur i láthair ag an gComhdháil ag a 10 a chlog maidin Dé Sathairn.  Labhróidh sí faoin scéim tacaíochta a bhí faoi stiúir James Tuke – fear a d’eagraigh cabhair do dhaoine le deis a thabhairt dóibh a dhul ar an imirce as Conamara sna 1880idí.  B’fhacthas do Tuke gur beag rogha eile a bhí ann do dhuine ar bith a bhí ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa saol; ní fhaca sé go raibh tada i ndán do dhaoine i gConamara de bharr an bhochtanais a bhí ann go forleathan. Tarraingeoidh Kathleen anuas freisin scéimeanna eile imirce a bhí ann roimh aimsir Tuke.  D’imigh tuairim is ceithre scór duine as Iorras Aithneach, mar shampla amháin, an uair sin.

Bridie Ní Chonghaile-Uí Chonamha i gcuideachta a dearthár, Pádraig Ó Conghaile, a bheidh ag déanamh cur i láthair ina dhiaidh sin faoin teideal ‘M’Oileán san Atlantach’.  Baineann an chaint seo le Oileán Inis Treabhair amach ó chósta Chonamara Theas.  Ba ar an oileán sin a rugadh Bridie agus Pádraig agus tá staidéar déanta acu ar a n-áit dhúchais agus ar an lorg a d’fhág an imirce air.  Beidh ábhair na mban, an tOileán agus an imirce i gceist acu beirt.

Ina dhiaidh sin, labhróidh Bríd Ní Chualáin – craoltóir agus iriseoir le Raidió na Gaeltachta – faoi Mháire Mhadaoin as Fínis, oileán atá amach ó chósta Charna.  Tá Máire ag bordáil ar sheacht mbliana déag agus ceithre fichead anois.  Tugann scéal agus saol Mháire léargas ar an obair mhór a rinne mná Chonamara sna blianta i bhfad siar.  Chaith sí leathscór blianta i mBoston ach d’fhill sí ar a  hoileán dúchais le haire a thabhairt dá máthair agus dá hathair nuair a bhíodar ag dul amach sna  blianta.  Rinne sí obair tí taobh istigh agus taobh amuigh agus d’fhan sí ina pobal dúchais ariamh ina dhiaidh sin.   

Taispeánfar gearrscannán faoin imirce as Conamara tar éis am dinnéir agus beidh píosa díospóireachta ann faoi bhealaí le deiseanna oibre a thabhairt do mhná sna ceantair tuaithe Ghaeltachta. 

Ina dhiaidh sin labhróidh Máirín Seoighe faoi shraith cláracha a rinne sí do TG4 a bhain le mná Gaeltachta a chuaigh ar an imirce go Sasana. Taispeánfar míreanna freisin a bhain leis an obair sin.  Amach san ardtráthnóna, labhróidh Máirtín Ó Catháin agus Eibhlín Uí Dháibhis faoin gceangal atá ag an Ionad i gCarna le hIonad Oidhreachta na hÉireann i Stát Maine i Meiriceá agus faoi chuid da mhná Chonamara sa Stát sin, sna blianta a caitheadh.

Beidh ceolchoirm ar siúl freisin in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach san oíche Dé Sathairn ag an 8 a chlog.  Ceolchoirm atá bunaithe ar amhráin na himirce – Gaeilge agus Béarla – atá i gceist.  Beidh beirt fhonnadóirí iomráiteacha ar stáitse:  Bríd Ní Mhaoilchiaráin as Carna, buaiteoir Chorn Uí Riada ag an Oireachtas cúpla bliain ó shin agus Seosamh Ó Flaithearta – Joe Phat Bhid – as Coill Sáile. Casfaidh Kevin Coyne as an Mám roinnt port ar an mbosca ceoil freisin.

Beidh teacht le chéile arís tar éis an Aifrinn i  gCarna, ag 12.15 ar maidin Dé Domhnaigh san Ionad Cuimhneacháin.  Beidh tae agus sólaistí ann agus ceoltóirí óga as Iorras Aithneach a bheidh ag ceol an iarraidh seo.

€20 atá ar imeachtaí uilig an lae Dé Sathairn ag an gComhdháil nó €10 ar leath lae.  €10 a bheidh ar chead isteach chuig an gceolchoirm oíche Dé Sathairn.

Ach tá lascaine ann má tá duine ag freastal ar na himeachtaí sin uilig – sin €25 san iomlán.

Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar 095-32622. Tá Óstán Chuan Charna ag cur lóistín ar fáil ar lascaine le haghaidh na  hócáide freisin.

Fág freagra ar '‘An Imirce agus Mná an Atlantaigh’ an t-ábhar plé ag an gcéad chomhdháil in Ionad Charna'