Scannal na mí-úsáide gnéis san Eaglais sa Ghaeltacht faoi chaibidil ag an New York Times

Déantar cur síos in alt as Gort an Choirce a foilsíodh ar an New York Times ar choireanna an tsagairt Ghaeltachta Eugene Greene agus an lorg a d’fhág siad ar phobal an cheantair

Scannal na mí-úsáide gnéis san Eaglais sa Ghaeltacht faoi chaibidil ag an New York Times

Tá tuairisc fhada as Gort an Choirce foilsithe ag New York Times ina maítear gur i gContae Dhún na Gall atá an cruthúnas is soiléire ar fáil ar “the depth and depravity of child sexual abuse in the Roman Catholic Church” agus ar an bhfearg a bhraitheann muintir na hÉireann faoi. 

Déantar cur síos sa nuachtán ar choireanna an tsagairt Ghaeltachta Eugene Greene, ar gearradh naoi mbliana príosúin air as mí-úsáid agus éigniú a dhéanamh ar ar a laghad 26 buachaill idir 1965 agus 1982.

Agus an Pápa Proinsias ag teacht chun na hÉireann amárach, deirtear san alt go bhfuil fearg agus alltacht ar mhuintir Ghaeltacht Dhún na nGall faoi cheist na mí-úsáide gnéis agus go háirithe faoi chinneadh an Phápa iarEaspag Ráth Bhoth Phillip Boyce a chur ag obair mar riarthóir i ndeoise eile. Chothaigh Boyce go leor conspóide nuair a dhiúltaigh sé Eugene Greene a chur ó chóta nuair a tháinig a chuid coireanna chun solais.

Cuirtear faoi agallamh san alt chomh maith Máirtín Mac Con Iomaire, as Casla i nGaeltacht Chonamara, iarbhleachtaire a raibh baint mhór aige le fiosrú Eugene Greene agus a scríobh an leabhar Breaking the Silence.

Deir Kimiko de Freytas-Tamura údar an ailt ar an New York Times, a thug turas ar Ghaeltacht Dhún na nGall, go bhfuil an contae sin breac le comharthaí na mí-úsáide.

“In a cemetery in Gortahork, a small village near the coast, eight men are buried, all victims of clerical abuse who killed themselves. A few miles away, a 15-year-old abuse victim hanged himself in a shed,” a scríobhann sí.

Fág freagra ar 'Scannal na mí-úsáide gnéis san Eaglais sa Ghaeltacht faoi chaibidil ag an New York Times'