Feirmeoirí na mara thíos leis an triomach mór chomh maith

Tá sé i gceist ag Bord Iascaigh Mhara meaisín díshalannaithe a chur ar fáil ar bhonn píolótach

Feirmeoirí na mara thíos leis an triomach mór chomh maith

Ní hiad feilméaraí na talún amháin atá éirithe imníoch faoin aimsir bhreá; tá feilméaraí na mara sa mbád céanna. 

Tá an aimsir mheirbh ag ardú na teoctha sa bhfarraige agus is ansin atá an dainséar is mó go bhfaigheadh na bradáin galar geolbhaigh.  San am céanna tá an triomach mór ag déanamh lagan ar fhoinsí fioruisce ar an mórthír.   

Tá sé faighte amach le blianta go bhfuil tumadh fíoruisce ar an gcosaint is fearr atá ag bradáin fheilme ó mhíolta mara agus ó ghalar geolbhaigh.  Dhá aicíd iad sin a dhéanann dochar mór do bhradáin a bhíonn i gcliabháin éisc sna cuanta.

Ar ndóigh, bhí sé ina amhras ar aon chaoi faoin soláthar uisce do thionscal na mbradán de bharr aighneas timpeallachta. Rinne an comhlacht Bradán Beo Teo achomharc go dtí an Bord Pleanála ach táthar ag fanacht le freagra críochnúil le bliain.  Dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe d’iarratas ar cheadúnas le huisce a thabhairt  amach chuig na cliabháin as Loch an Mhuilinn i nGarmna i gConamara ach thug an comhlacht an cás chomh fada leis an mBord Pleanála. Tuigtear go bhfuil tuarascáil an chigire réitithe anois le beagán seachtainí agus go bhfuiltear ag fanacht le cinneadh ón Bhord Pleanála féin.  Seo é an t-athbhreithniú is faide riamh ar cheist dá leithéid ag an mBord Pleanála agus tá feilméaraí bradán ar bís go bhfeicfear cén toradh a bheidh air.

Ach d’fhéadfadh géarchéim a bheith sa mhullach ar an tionscal sula dtabharfar an breithiúnas sin faoi chás Loch an Mhuilinn ar chor ar bith.  Tá an teocht ag ardú go sciobtha sa bhfarraige ar chóstaí an Atlantaigh anois agus in aimsir mar seo, d’fhéadfaí go leor dochair a dhéanamh do thionscal na mbradán. Ach tá ganntanas fíoruisce ann agus an talamh dóite ag an teaspach.

D’fhéadfadh bliain seo an teaspaigh cor a chur i scéal an uisce.  Táthar ag cuimhneamh ar mheaisíní agus ar láithreacha díshalannaithe le súil agus gurb é sin an leigheas ar fhadhb an fhíoruisce i dtionscal na mbradán.  Is cosúil go mbainfear triail as deis dá leithéid roimh dheireadh na míosa seo ar chósta thiar na hÉireann.

Tá sé i gceist ag Bord Iascaigh Mhara meaisín díshalannaithe a chur ar fáil ar bhonn píolótach – – tá teagmháil déanta le dreamanna a dhéanann na meaisíní seo –agus is cosúil go lonnófar é sa gCaoláire Rua in aice an Líonáin i gConamara.  Ceaptar gur áit chóiriúil é an Caoláire mar go bhfuil domhain mhaith ann agus gur féidir uisce a shú aníos as spotaí ansin atá domhain sa bhfarraige, rud a cheaptar a bheith níos éifeachtaí. 

Is fearr a dhul domhain lena aghaidh in áit nach bhfuil feamainn ná salachar; is fusa go  mór an cineál sin sáile a chur tríd an meaisín díshalannaithe. Meastar freisin go bhfuil an réimse sin farraige feiliúnach do bháid a d’iompródh an t-uisce amach as an meaisín díshalannaithe chomh fada le láithreacha feilméarachta bradán agus réimsí eile feilméarachta mara.  Rinneadh go leor oibre ar dheiseanna díshalannaithe le leathscór blianta agus tuigtear go n-oibríonn siad i bhfad Éireann níos fearr anois ná mar a d’oibrídís san aimsir a caitheadh.  Tuigtear go mbeidh comhlachtaí feilméarachta mara as réimsí éagsúla den tionscal páirteach san iarracht seo i gcomhar le Bord Iascaigh Mhara.

Meastar go gcosnódh meaisín cumhachtach acu seo a thógfadh go leor uisce ar bord cuid mhaith de mhilliún go leith euro, ach is féidir iad a thógáil amach ar cíos freisin agus sin é atá i gceist ag Bord Iascaigh Mhara a dhéanamh.   

Dúirt foinsí i mBord Iascaigh Mhara nach bhfuil ceadúnais i gceist mar gur go sealadach a lonnófar an trealamh pé áit a mbeidh sé.  Ní bheidh ag teastáil ach go mbeadh úinéirí na háite,  úinéirí céibhe, b’fhéidir, sásta go mbeadh an trealamh ansin. 

Má oibríonn sé leigheas a bheadh ann ar cheist atá ina crá croí ag lucht  thionscal na mbradán feilme in Éirinn.

Fág freagra ar 'Feirmeoirí na mara thíos leis an triomach mór chomh maith'