Sárú ar a rialacha comhionannais féin a bhí i gcinneadh na Roinne Pobal deireadh a chur le scéim Gaeltachta ‘Líofa’ – Coimisiún Comhionannais

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh thorthaí fhiosrúchán an Choimisiúin Comhionannais ina bhfuarthas gur theip ar an Roinn Pobal ó thuaidh ‘cloí lena gealltanas’ i leith an chomhionannais i gcás conspóideach Líofa

Sárú ar a rialacha comhionannais féin a bhí i gcinneadh na Roinne Pobal deireadh a chur le scéim Gaeltachta ‘Líofa’ – Coimisiún Comhionannais

Tá ráite ag an gCoimisiún Comhionannais nár chloígh an Roinn Pobal ó thuaidh lena cuid gealltanas i dtaobh an chomhionannais nuair a cuireadh deireadh leis an scéim deontas Gaeltachta Líofa.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh thorthaí fhiosrúchán an Choimisiúin Comhionannais ina bhfuarthas gur theip ar an Roinn i gcás conspóideach Líofa “cloí lena gealltanas, ar glacadh leo ina Scéim Comhionannais,  maidir leis an tionchar a bheadh ag cinntí maoinithe ar chúrsaí comhionannais”.

Chuir an Coimisiún Comhionannais tús anuraidh le fiosrúchán maidir leis an tslí a láimhsigh an Roinn Pobal an scéim sparánachta Gaeltachta ‘Líofa’ .

Bhí conspóid mhór ann nuair a chuir an t-iar-aire de chuid an DUP Paul Givan i mbéal na Nollag 2016 go raibh deireadh curtha leis an scéim a chuidigh le suas le 100 duine freastal ar chúrsa samhraidh sa Ghaeltacht.

Rinneadh cáineadh láidir ar chinneadh an Aire deireadh a chur leis an scéim sparánachta dhá lá roimh an Nollaig agus luaigh Martin McGuinness dearcadh diúltach an DUP i leith na Gaeilge nuair a d’fhógair sé ina dhiaidh sin go raibh sé ag éirí as mar LeasChéad-Aire, an beart ba chúis le titim Stormont.

Tuairiscíodh ina dhiaidh sin gur chuir oifigeach sinsearach comhairle ar Givan sula ndearna sé an cinneadh go bhféadfadh go n-eascródh “negative media attention” as an scéal go raibh deireadh á chur le scéim Líofa. 

Dúradh chomh maith go bhfágfadh a leithéid de chinneadh níos lú daoine óga agus fásta in acmhainn freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. 

“Without departmental funding the majority of the 96 students who completed the course [sa bhliain 2015] would not have been able to afford to take part in the scheme. Of the 100 successful applicants this year, 73 were in receipt of social security benefits, and 23 were receiving tax credits (in work benefits).”

“This illustrates that without government intervention it is highly likely that at least 73 per cent of successful applicants would not have been able to afford to pay for the course and accommodation, as their parents are solely reliant on social security benefits.”

Ar an 19 Nollaig, ceithre lá sular fhógair sé go raibh deireadh á chur aige leis an deontas £50,000 don scéim Ghaeltachta, thug an t-iarAire Givan freagra gonta ar an gcáipéis a cuireadh faoina bhráid.

“Minister has seen your submission and indicated his preferred option in relation to the gaeltacht bursary scheme. Minister has commented ‘no scheme’”.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, tráthnóna gur léirigh cinneadh an Choimisiúin Comhionannais an gá le reachtaíocht a thabharfadh “bunchosaint” don Ghaeilge agus do chearta phobal a labhartha.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer gur spreag an cinneadh “leatromach” faoi Líofa frith-ghníomh cumhachtach orgánach ón bhun aníos”, feachtas, a mhaígh sé, ar éirigh leis “ceist Acht na Gaeilge a bhrú chuig croí-lár chlár na gcainteanna anseo”.

Dúirt Comer gur gá anois leithscéal a ghabháil le pobal na Gaeilge faoinar tharla i gcás na scéime ‘Líofa’, atá curtha ar ais ó shin, agus “aitheantas cuí” a thabhairt do “thábhacht na scéime seo agus scéimeanna eile Gaeilge dá chineál amach anseo”. 

Fág freagra ar 'Sárú ar a rialacha comhionannais féin a bhí i gcinneadh na Roinne Pobal deireadh a chur le scéim Gaeltachta ‘Líofa’ – Coimisiún Comhionannais'