Cuid mhór d’aill ar Inis Mór tite isteach san fharraige

Thit cuid den aill ar an taobh ó thuaidh den oileán Gaeltachta isteach san fharraige gar do Bhun Gabhla

Cuid mhór d’aill ar Inis Mór tite isteach san fharraige

Tá cuid mhór d’aill ar Inis Mór tite isteach san fharraige, de réir Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann.

Thuairiscigh RTÉ tráthnóna gur thit cuid den aill ar an taobh ó thuaidh den oileán Gaeltachta isteach san fharraige gar do Bhun Gabhla agus go meastar gurbh amhlaidh go ndearna tonnta an Atlantaigh creimeadh leanúnach ar bhun na haille

Tuairiscítear go bhfuil timpeall 60 méadar de bharr na haille tite agus go bhfuil an scoilt anois ag dul ó bhun go barr na haille.

Deirtear go gcoinníonn Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann taifead d’eachtraí mar seo, ach meastar nach ndéanfar an scéal a iniúchadh a thuilleadh toisc a iargúlta is atá láthair na heachtra agus toisc nach mbíonn daoine ag siúl rómhinic ann.

Fág freagra ar 'Cuid mhór d’aill ar Inis Mór tite isteach san fharraige'