Cathaoirleach na Taibhdheirce i mbun machnaimh faoi ainm nua a thabhairt ar amharclann náisiúnta na Gaeilge

Tá fonn ar Aodh Ó Coileáin tús a chur le díospóireacht faoi cé acu ar cheart nó nár cheart ainm nua a thabhairt ar ‘An Taibhdhearc’

Cathaoirleach na Taibhdheirce i mbun machnaimh faoi ainm nua a thabhairt ar amharclann náisiúnta na Gaeilge

Is mian le hAodh Ó Coileáin, a ceapadh ina chathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce le déanaí, díospóireacht a thosú faoi cé acu ar cheart nó nár cheart ainm nua a thabhairt ar ‘An Taibhdhearc’, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Ó Coileáin go bhfuil sé ag machnamh le tamall ar ainm na hamharclainne agus go mb’fhéidir gur chóir ainm nua a thabhairt ar ‘An Taibhdhearc’, a thabharfadh “brí agus misean nua” don amharclann.

“Mar ábhar díospóireachta ba mhaith liom an cheist a ardú; an bhfuil sé in am teacht suas le hainm a bhfuil brí níos simplí agus níos oiriúnaí aige ná An Taibhdhearc? Ainm Gaelach, ach ainm a mbeadh an ghlúin óg compordach leis.”

“Feictear dom gurb é an dúshlán is mó atá romhainn ná an ghlúin óg seo a thabhairt linn ar bhealach go mbeadh fonn orthu dul ag féachaint ar sheónna agus go mbeadh tuiscint níos fearr acu ar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.”

Dúirt Ó Coileáin gur thosaigh sé ag smaoineamh faoi ainm nua a thabhairt ar an Taibhdhearc agus é páirteach in imeachtaí Fhéile an Daingin an mhí seo caite.

B’ábhar machnaimh é don Chathaoirleach nua an oiread deacrachta a chothaigh an focal ‘Taibhdhearc’ do dhuine de lucht eagraithe na féile a raibh Ó Coileáin á chur in iúl do lucht éisteachta aige.

Agus go leor ama caite le fuaimniú agus brí an fhocail a mhíniú, iarradh ar Ó Coileáin sa deireadh ainm na hamharclainne a scríobh síos ar pháipéar de réir na foghraíochta – ‘Taive – Yark’.

“Éireannach a bhí ann as Ciarraí agus bhí fíordheacracht aige ‘An Taibhdhearc’ a rá,” ar sé.

Maíonn Ó Coileáin nach eisceacht é an fear as Ciarraí agus go gcothaíonn an focal ‘Taibhdhearc’ “go leor” fadhbanna do dhaoine.

“Bíonn deacracht ag go leor daoine leis an ainm. Fiú amháin daoine le Gaeilge, bíonn deacrachtaí acu leis mar ní focal é, is dhá fhocal ceangailte le chéile é.”

Comhfhocal é ‘Taibhdhearc’ de dhá fhocal –‘taibhsiúil’ a chiallaíonn ‘draíochtúil’ agus ‘dearc’ a chiallaíonn ‘radharc’.

Ach an leor deacrachtaí foghraíochta agus tuisceana le hainm, a bhfuil “tábhacht stairiúil” ag baint leis, a chaitheamh amach?

Sin ceann de na ceisteanna ar mhaith le Cathaoirleach na Taibhdheirce í a phlé.

Bunaíodh ‘An Taibhdhearc’ i 1928, agus í faoi stiúir Liam Uí Bhroin, a bhí ina Ollamh le Teangacha Románsúla i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh ag an am.

Luaitear an focal ‘Taibhdhearc’ i Leabhar Ard Mhacha a scríobhadh sa naoú haois, ach ba é Tomás Ó Máille, Ollamh le Gaeilge agus duine de lucht bunaithe na Taibhdheirce, a rinne athnuachan ar an fhocal in alt dá chuid a foilsíodh san iris An Stoc sa bhliain 1918.

Deir Aodh Ó Coileáin nach bhfuil sé i gceist aige go gcaithfí “amach ar fad” an t-ainm ‘An Taibhdhearc’.

Dúirt sé go samhlaíonn sé go mbeadh ‘An Taibhdhearc’ “ann i gcónaí”, amhail ‘Teilifís na Gaeilge’, atá fós ceangailte le TG4.

Idir an dá linn, tá lucht na Taibhdheirce ag plé cheana féin le hainm na hamharclainne agus iad ag iarraidh go dtabharfaí ‘An Taibhdhearc’ ar an amharclann seachas ‘Taibhdhearc na Gaillimhe’.

“Cuireann Taibhdhearc na Gaillimhe in iúl do dhaoine gur amharclann í a bhaineann leis an nGaillimh, agus cé go bhfuil an foirgneamh lonnaithe i nGaillimh is coincheap náisiúnta í Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.”

Fág freagra ar 'Cathaoirleach na Taibhdheirce i mbun machnaimh faoi ainm nua a thabhairt ar amharclann náisiúnta na Gaeilge'

  • Páid Ó Donnchú

    Is maith an rud é go bhfuil Cathaoirleach nua ag taispeáint ceannaireachta agus ag ardú buncheisteanna mar seo.

  • Pádraig Ó Flannabhra

    AN TAIBHDHEARC. ( Fág mar sin é!)

  • Seán Ó hAodha

    Cé gur fíor go mbíonn deacrachtaí ag Béarlóirí agus roinnt Gaeilgeoirí “Taibhdhearc” a rá bíonn ainmneacha an-fhada ar nós Amharclann Náisiúnta na Gaeilge sách deacair a láimhseáil ó thaobh na gramadaí de agus deacair a rá. Nárbh fhearr ainm gearr gonta cosúil le “Téatar” nó “Dráma” agus “Amharclann Náisiúnta na Gaeilge” do bheith mar fotheidil thíos faoi.
    Tá ainmneacha ar nós “Macnas, Fíbín, Branar , Tulca,” an-éifeachtach. Ní gá go mbeadh an t-ainm intuigthe. Níor thuig Béarlóiirí agus go leor Gaeilgeoirí céard is brí le Macnas ach ghlac siad leis an t-ainm go fonnmhar. “Rosc” an t-ainm do bhí ar an taispeántas idirnáisiúnta ealaíne a bhíodh ar siúl in Átha Clath agus ghlac daoine leis gan stró ar bith ag an am.

  • Brendan Keane

    Taiḃ Ḋearc

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ní chóir ghéilleadh don duine atá luaite i gcás Fhéile Idirnáisiúnta Scannán an Daingin. Muna raibh Príomhfheidhmeannach na Féile in ann An Taibhdearc a fhuaimniú, is air féin atá an locht, ní ar ainm na hAmhraclainne; bhí sé de dhualgas air a chinntiú go raibh sé fuaimnithe i gceart aige agus gan ábhar magaidh a dhéanamh dó, gan náire, go dtí gur fuair sé cúpla béic ón lucht féachanna.

  • Feardorcha

    Mura maith libh é, bailígí libh agus faigh teanga de bhur gcuid féin. An gá gach rud a thanú le dream nach sinn a shásamh?

  • Ursa Minor

    Irish for Dummies:
    1. In Tadbderc
    2. An Taidhbhdhearc
    3. An Taibhdhearc
    4. An Taibh-dhearc
    5. Un Tyveyark
    6. Un Tyve-yark
    7. Tyve