994 cás nua fógartha, an líon is mó le cúig mhí anuas

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu níos mó ná 1,000 cás nua den chéad uair ó lár mhí Eanáir

994 cás nua fógartha, an líon is mó le cúig mhí anuas

994 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, an líon is mó a fógraíodh in aon lá amháin ón 13 Feabhra.

80 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, seachtar níos mó ná a bhí inné, agus tá 22 acusan in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu níos mó ná 1,000 cás nua den chéad uair ó lár mhí Eanáir. 1,083 cás ar fad a deimhníodh ó thuaidh le 24 uair an chloig. Níor bhásaigh aon duine eile de dheasca an víris ansin.

Dúirt an tAire Sláinte Robin Swann gur údar imní a bhí i líon na gcásanna a fógraíodh inniu.

80 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i 19 cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,188,563 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 957,236.

Agus é ag caint ag preasócáid inniu dúirt Paul Reid, Ceannasaí Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte go raibh an HSE “ar an dearg-airdeall” mar gheall ar an ardú mór ar líon na gcásanna agus ar líon na ndaoine atá san ospidéal leis an gcoróinvíreas.

D’iarr Reid ar an bpobal a bheith “fíorchúramach agus fíorchosantach sna seachtainí beaga seo romhainn”. Dúirt sé go raibh “ding bheag de laige” sa gcóras toisc go raibh daoine ann nach raibh an vacsaín iomlán faighte acu agus “go dtiocfadh an Delta i dtír ar an ding bheag sin”. Is maith an rud, a deir Reid, go bhfuil 5 mhilliún vacsaín faighte ag daoine faoin tráth seo agus go raibh an-ghlacadh ag muintir na tíre leis an vacsaíniú.

Dúirt Paul Reid gur ghlac 99% de na daoine os cionn 80 bliain leis an vacsaín, 98% de na daoine idir 70-79, 94% idir 60-69, 91% idir 50-59, agus 84% díobhsan idir 40-49. Dúirt sé gurb é an soláthar “an t-aon srian” atá ar an gclár vacsaínithe.

Athrú suntasach ar scaipeadh an víris faoi láthair is ea aois na ndaoine atá á tholgadh – le coicís anuas 27 bliain meánaois na ndaoine atá buailte i gcomparáid le 40 bliain le linn mhaidhm mhí Eanáir.

Tá an Fheidhmeannacht ag obair i gcónaí chun an córas ríomhaireachta a chur ina cheart tar éis chibirionsaí na Bealtaine. Dúirt an Príomhoifigeach Oibriúcháin, Anne O’Connor go raibh 82% de na freastalaithe sa gcóras sláinte díchriptithe agus go raibh feabhas ar chúrsaí cé nach bhfuil na córais éagsúla comhtháite go fóill agus go bhfuil moill ar an tseirbhís dá bharr.

Faoi phlean an Rialtais tá sé i gceist go mbeadh 90% de theastais dhigiteacha an Covid seolta faoin Luan seo chugainn go dtí daoine a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu. An sprioc atá ag an Rialtas go mbeadh 1.8 milliún teastas seolta roimh an dáta sin, an 19 Iúil. Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim atá ag seoladh formhór na litreacha sa phost, idir 50,000-70,000 sa lá go dtí seo.

Dúirt an tAire Stáit do Ríomhsheirbhísí an Rialtais, Ossian Smyth leis an gCoiste Iompair agus Cumarsáide go raibh 350,000 teastas seolta sa phost agus go raibh 984.000 ríomhphost seolta. Theip ar 0.7% de na ríomhphoist seoladh ach aon duine nach bhfuair an teastas ar an ríomhphost féadfaidh sé glaoch ar líne chabhrach a bheidh ar fáil ón Luan. Aon duine a fuair teastas truaillithe féadfaidh siad glaoch ar líne theileafóin faoi leith ón 19 Iúil.

Fág freagra ar '994 cás nua fógartha, an líon is mó le cúig mhí anuas'