8 ngúna samhraidh deas do na laethanta saoire agus don aimsir bhreá

Ní bheadh mórán le cois €20 uait leis an ngúna is saoire atá roghnaithe ag ár gcomhfhreagraí a cheannach don aimsir bhreá atá geallta

8 ngúna samhraidh deas do na laethanta saoire agus don aimsir bhreá

Faraor, ní minic a bhíonn an aimsir againn sa tír a oireann do ghúnaí deasa éadroma agus is cinnte gur cheart dúinn an deis a thapú nuair a thagann an ghrian amach. Phioc mé roinnt gúnaí an tseachtain seo a bheadh feiliúnach don aimsir bhreá atá geallta anseo nó le tabhairt leat thar sáile ar laethanta saoire agus tú ar thóir na gréine.

Gúna fada dearg agus bán ó New Look ar €49.99.
Ba mar gheall ar an bpatrún a thit mé i ngrá leis an gúna seo nuair a chonaic mé ar dtús é  – ‘boho chic’ a thugann lucht an fhaisin air. Bheadh an ceann seo ar fheabhas mura raibh seans agat an donnú bréige sin a chuir ar do chuid cos!

Gúna buí cídeoige ó River Island ar €65.00
An dath álainn buí a mheall mo shúil chuig an ngúna álainn seo ó River Island. Cuireann stíl an ghúna sin cuma iontach ar dhuine agus is féidir é a chaitheamh le bróga ‘converse’ i rith an lae nó le sála arda má tá tú ag dul go dtí ócáid éigin.

Mionghúna dearg agus bán ó Topshop ar €50.00
Más mionghúna éadrom atá uait le tabhairt leat ar do chuid laethanta saoire tá an ceann seo ar fheabhas. Tá beocht agus brí sa phatrún álainn agus bheadh sé iontach le caitheamh agus tú ag tabhairt d’aghaidh ar an trá. Tá mionghnéithe beaga deasa ar an ngúna seo freisin ar nós an tsnaidhm atá chun tosaigh agus na ruifilí in íochtar.

Gúna gorm le cnaipí ó H&M ar €40.00
Measaim go bhfuil an ceann seo beagán daor do H&M ach fós féin tá an dath deas geal feiliúnach don aimsir bhreá. Tugann na cnaipí beaga atá chun tosaigh spleodar breise don ghúna seo. Dá mbeadh bléasar deas agat le dul leis, bheadh an feisteas seo feiliúnach don obair freisin lá te.

Gúna le polcaphoncanna dubha agus bána ó ASOS ar €20.74
An-mhargadh é an gúna seo ó ASOS agus tá na polcaphoncanna go mór sa bhfaisean an samhradh seo. Phioc mé an ceann seo mar gur chuir sé éadaí seanré i gcuimhne dom agus measaim go mbreathnódh sé iontach le seaicéid leathair tráthnóna dá mbeadh aon fhuacht ann.

Gúna léine liathbhuí ó New Look ar €22.99
Gúnaí léine is mó a chaithim féin agus tá siad iontach mar gur féidir iad a chaitheamh ar ócáid ar bith. Is maith liom an dath ar an gceann seo agus fágann an tsnaidhm bheag atá i dtosach an chinn seo nach bhfuil sé róshimplí amach is amach. Seo ceann nach rachaidh as faisean go deo.

Gúna samhraidh bándearg ó Next ar €39
Is ‘tea dress’ a thugtar ar an gcineál seo gúna agus tá sé fós sa bhfaisean ón samhradh seo caite. Phioc mé an ceann seo de bharr an dath breá bríomhar atá air agus fad an ghúna féin – go minic bíonn an stíl seo gúnaí róghearr ar fad!

Gúna bán le stríocaí ó Missguided ar €38.00
Is breá liom an gúna seo, ceann a bheadh an-oiriúnach go deo le caitheamh ar saoire. Na mionghnéithe beaga a mheall mo shúil ar dtús – dearadh an mhuiníl, na ruifilí in íochtar agus ar na guaillí agus is breá liom na stríocaí dubha agus bána atá sa phatrún.

Fág freagra ar '8 ngúna samhraidh deas do na laethanta saoire agus don aimsir bhreá'

  • leitheoir

    ‘8 ngúna samhraidh’ !…..nar leor ceann amhain duit? suil agam go bhfuil pocai doimhne ag fear an ti!