76% de mhic léinn Ollscoil na Banríona ar son oifigeach Gaeilge i reifreann stairiúil

1,487 mac léinn a chaith vóta in Ollscoil na Banríona inné faoi oifigeach Gaeilge a cheapadh agus vótáil 76% ar son an mholta

76% de mhic léinn Ollscoil na Banríona ar son oifigeach Gaeilge i reifreann stairiúil

Tá vóta caite ag mic léinn Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste ar son oifigeach Gaeilge a cheapadh d’aontas na mac léinn ansin.

1,487 mac léinn a chaith vóta sa reifreann ollscoile inné faoi oifigeach Gaeilge a cheapadh agus vótáil 1,137 acusan, nó 76%, ar son an mholta.

1,097 mac léinn a chaith vóta sa reifreann inné faoi oifigeach trasinscne a cheapadh, agus vótáil 65% ar son an mholta sin.

Glacadh le rún ag cruinniú de chuid Chomhairle Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona an mhí seo caite go gceapfaí Oifigeach Gaeilge agus Oifigeach Trasinscne i bpoist pháirt-aimseartha nua. 

Dúirt Hamsavani Rajeswaren, Oifigeach Comhionannais agus Éagsúlachta Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona, an uair sin gur cinneadh “stairiúil” a bhí ann agus go mbeadh an bheirt oifigeach a cheapfaí in ann “ionadaíocht” a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus ar an phobal trasinscne, ar grúpaí “mionlaigh” iad sa choláiste. 

I ráiteas a chuir sí amach ag tacú leis an gcinneadh, dúirt Rajeswaren gur “pobal iontach”  iad cainteoirí Gaeilge na hOllscoile agus lucht taca an achta Ghaeilge “nach raibh ionadaíocht cheart acu sa chomhairle ná san ollscoil trí chéile”.

Chuir an Dream Dearg fáilte mhór roimh an scéal agus dúirt gur “lá stairiúil” a bhí ann don teanga.

Fág freagra ar '76% de mhic léinn Ollscoil na Banríona ar son oifigeach Gaeilge i reifreann stairiúil'