7 rogha ag ár gcomhfhreagraí don bhean atá ag lorg gúna do chóisir mhór na bliana

Trí cinn de théamaí i gceist leis na gúnaí is mó atá ar an margadh i mbliana – veilbhit, sról agus seacainí

7 rogha ag ár gcomhfhreagraí don bhean atá ag lorg gúna do chóisir mhór na bliana

Tá séasúr na gcóisirí Nollag buailte linn agus thar am an gúna nua sin a roghnú do chóisir mhór na bliana. Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil trí cinn de théamaí i gceist leis na gúnaí is mó atá ar an margadh i mbliana – veilbhit, sról agus seacainí.

Seo deis amháin a bhíonn againn ar fad gléasadh agus ár stíl fhaiseanta a léiriú don domhan mór – nó ar a laghad, dár gcomhghleacaithe ag an obair  nó sa chumann spóirt.

Ní gá go mbeadh rótharraingt bhainc i gceist le cuid de na gúnaí is deise atá ar fáil. Ar na gúnaí seo atá roghnaithe agam do Tuairisc.ie tá ceann faoi €30, a chaithfinn féin go sásta.

 

Gúna bléasair miotalach ó Zara ar €69.95

 

Gúna sifte ó Oasis ar €210.00

Gúna pionsail ó Boohoo ar €29.93

 

Gúna sifte t-léine agus seacainí óir air ó River Island ar €87.00

 

Gúna veilbhit bhrúite ó H&M ar €49.99

 

Gúna camasóil le pléataí agus seacainí ó Warehouse ar €129.00

 

Mar mhalairt ar na gúnaí, culaith aonphíosa ó Mango ar €179.95

Fág freagra ar '7 rogha ag ár gcomhfhreagraí don bhean atá ag lorg gúna do chóisir mhór na bliana'

  • serendipity@gmail.com

    Bhfuil tú cinnte nach é an ceann ar €210.00 atà le ceannach ó Boohoo?