7 ngeansaí te teolaí lán stíle don gheimhreadh

Tá olann, caismír agus móihéar in úsáid i gcuid de na geansaithe deasa atá roghnaithe ag ár gcomhfhreagraí don gheimhreadh

7 ngeansaí te teolaí lán stíle don gheimhreadh

Faraor, tá sé in am againn a bheith ag smaoineamh ar gheansaithe geimhridh agus barréidí éadroma an tsamhraidh a chur i dtaisce. Chuaigh mé ag siopadóireacht go bhfeicfinn céard a bhí ar fáil faoi láthair agus bhí rogha bhreá romham.

Seo chugaibh cuid de na cinn is mó a thaitin liom sna siopaí agus ar líne.  

Geansaí olla ‘ró-mhór’ ar dhath an uachtair ó Topshop ar €52.

 

Meascán d’olann agus caismír atá sa cheann seo ar dhath an chamaill ó H&M atá ar fáil ar €49.99. Margadh maith é seo d’earra ar ardchaighdeán agus tá an dath seo go mór sa bhfaisean i mbliana.

 

Barr cídeoige ar dhath liath ar €79 ó Cos. Is féidir an ceann seo a chaitheamh le héadach foirmiúil nó neamhfhoirmiúil agus d’oirfeadh do gach cruth colainne.

 

Stríocaí dubha, bána agus dearga ar an ngeansaí clasaiceach seo a mhairfidh ar feadh na mbliant. Ó Marks and Spencer ar €27.

 

Dath deas oráiste ar an gceann seo le beagán beochta a chur ar fáil aimsir an gheimhridh. €39.95 ó Zara.

 

Geansaí ‘ró-mhór’ eile an ceann seo ar dhath glas atá ar fáil ó &Other Stories ar €79 – meascán d’olann agus móihéar ann a chinnteoidh go mbeidh tú te teolaí don gheimhreadh.

 

Seo é an geansaí do dhaoine nach mbíonn aon imní orthu faoin sparán nó faoin gcárta creidmheasa – ‘Deborah’ a thugtar ar an dearadh seo, geansaí álainn olla ar €320 ó Acne Studios.

Fág freagra ar '7 ngeansaí te teolaí lán stíle don gheimhreadh'

  • Tomas

    Gan tracht ar bith ar na geansaithe fioralainn, ‘thar a bhfaca tu riamh’ a dheantar de laimh in Inis Meain! Agus a chruthaionn fostaiocht do ladhar maith daoine freisin. Taimid dallta ag an idirlion.