64 vóta in aghaidh 57 – cothrom an lae seo 100 bliain ó shin a tharla scaradh na gcarad

Ar 7 Eanáir 1922, céad bliain is an lá inniu, ghlac Dáil Éireann leis an gConradh Angla-Éireannach

64 vóta in aghaidh 57 – cothrom an lae seo 100 bliain ó shin a tharla scaradh na gcarad

Ní mór na laethanta gur féidir a rá fúthu go mbíonn siad cinniúnach i stair tír ar bith. I dtréimhse na réabhlóide in Éirinn bhí Luan Cásca 1916 cinniúnach go cinnte. Lá stairiúil eile an 21 Eanáir 1919 – teacht le chéile na Chéad Dála agus tús Chogadh na Saoirse.

Ach céard faoin 7 Eanáir 1922, céad bliain is an lá inniu, an lá ar ghlac Dáil Éireann leis an gConradh Angla-Éireannach, 64 vóta in aghaidh 57?

B’fhéidir nár tuigeadh ar dtús cé chomh cinniúnach is a bheadh an vóta sin ach níl aon cheist faoina thionchar ar imeachtaí polaitíochta na hÉireann ó shin. Cé nár thosaigh sé ar an bpointe ba ghearr i ndiaidh dhaingniú an Chonartha gur thosaigh Cogadh na gCarad. Mhair a thionchar sin sna blianta corracha ina dhiaidh agus fad a bhí ról polaitíochta acu siúd a raibh lámh acu in imeachtaí na linne agus ina ndiaidh fiú.

Síníodh an Conradh Angla-Éireannach i Sráid Downing go gairid tar éis a dó maidin an 6 Nollaig 1921. Beidh sé ina dhíospóireacht go brách faoin gcúis gur shínigh na toscairí Éireannacha an cháipéis ach is cinnte gur go drogallach agus faoi bhrú a shínigh siad í, théis roinnt easaontais ina measc féin. Bhí treoir acu a dhul i gcomhairle leis an gcomh-aireacht i mBaile Átha Cliath roimh shíniú na cáipéise. Ní dhearnadar sin. Ach beidh sé ina ábhar díospóireacht go deo freisin faoina stádas mar theachtaí lánfheidhme  (lánchumhachtacha) de réir na treorach a fuaireadar ó Dháil Éireann.

Pé scéal é, bhí an Conradh sínithe. Má bhí aon easaontas ann go dtí seo níor bhaol é fad a bhí an Dáil agus an chomhaireacht aontaithe faoi Uachtaránacht Éamon de Valera. Ach ag an gcruinniú comhaireachta i mBaile Átha  Cliath ar an 8 Nollaig, nuair a d’fhill na toscairí, tháinig athrú mór ar chúrsaí.

Níor ghlac de Valera leis an gConradh agus thacaigh beirt airí leis – Cathal Brugha agus Austin Stack. Ar an taobh eile bhíodar siúd a bhí ina dtoscairí i Londain – Arthur Griffith, Micheál Ó Coileáin agus Robert Barton. Thacaigh W T Cosgrave leosan. Bhí an chomhaireacht scoilte go brách.

Ag neartú a bhí an scoilt faoin am ar cuireadh an Conradh faoi bhráid na Dála ar an 14 Nollaig 1921, cé go rabhthas ag iarraidh daoine a choinneáil le chéile agus cead a thabhairt don Dáil an Conradh a mheas. Mhair an díospóireacht go dtí an 7 Eanáir. (Bhí briseadh Nollag idir an 22 Nollaig- 3 Eanáir.)

Dhaingnigh Dáil Éireann an Conradh tar éis díospóireacht is óráidí móra fada a bhí teasaí paiseanta agus thar a bheith pearsanta is gangaideach ar uairibh. Tá briseadh croí i gcuid mhaith den chaint. Tá na tras-scríbhinní iomlána Dála le fáil ar líne agus léargas iontu  ar an scoilt a bhí ag éirí níos follasaí in aghaidh an lae. Is furasta an bhuairt a fheiceáil.

Ní raibh lucht freasúra an Chonartha sásta le riar de na forálacha. Ní bheadh aitheantas mar Phoblacht ag Éirinn agus bheadh móid dílseachta do Rí Shasana le glacadh. Ní raibh saoirse na hÉireann bainte amach. Cnámh spairne bhunúsach nár cuardaíodh comhairle lucht Bhaile Átha Cliath roimh shíniú an Chonartha i Londain. Bhí a leasú féin á mholadh ag de Valera sa gcáipéis dár tugadh Doiciméid Uimhir 2 air níos deireanaí.

Dúirt siad siúd a shínigh na conradh nach rabhadar lánsásta ach ní shéanfaidís an síniú a rinneadar. Comhghéilleadh a bhí ann, a dúradh, agus ba bheag rogha eile a bhí acu mar go raibh na hargóintí ar fad spíonta agus Lloyd George, Príomh-Aire na Breataine, ag bagairt cogaidh. Bhí Collins den bharúil, bíodh is gur Saorstát seachas Poblacht a bheadh mar theideal ar an stát, go mbeadh deis breis neamhspleáchais a bhaint amach céim ar chéim. Níorbh é deireadh na feide é ach oiread is níorbh iadsan an ghlúin deireanach ar dhroim na cruinne, a dúirt Griffith.

Ba bheag díospóireacht a rinneadh maidir le ceist na teorann is na sé chontae, ábhar a raibh tionchar an-tromchúiseach aige ar chúrsaí roimhe agus ó shin. An Phoblacht, flaitheas, saoirse, neamhspleáchas agus an mhóid ba mhó a bhí faoi chaibidil. Bhíothas den bharúil is cosúil go réiteodh an coimisiún teorann a bhí le bunú an cheist ó thuaidh is go gcuirfí réimsí móra de na sé chontae isteach leis an Saorstát. Thit an Coimisiún as a chéile is bhí an scéal sin gan réiteach.

Bhí sé idir dhá cheann na meá an nglacfaí nó nach nglacfaí leis an gConradh. Sa deireadh ní raibh ann ach móramh seacht vóta ach ba leor sin. Bhí scaradh na gcarad tarlaithe.

Ba ghearr go mbeadh sé ina chogadh agus Éireannaigh ag marú a chéile.

Tragóid a bhí rompu anois tar éis tréimhse ghlórmhar i stair na hÉireann.

Fág freagra ar '64 vóta in aghaidh 57 – cothrom an lae seo 100 bliain ó shin a tharla scaradh na gcarad'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is fiú mór an vóta cinniúnach i nDáil Éireann a chomóradh cé nach féidir é a cheiliúradh de bharr an uafáis a lean é, nuair a scoilt Sinn Féin agus Arm na Poblachta faoi théarmaí an Chonradh.

    Ba mhaith liom poinnte a dhéanamh maidir leis an vóta sa Dáil ar an 7 Eanáir 2022, ar cheart a chur san áireamh in aon anailís stairiúil: ní raibh Dáil Éireann ionadaíoch de mhuintir na hÉireann gan sa Dáil ach páirtí amháin, Sinn Féin. Is vóta idir Teachtaí Dála de chuid Sinn Féin amháin a bhí sa vóta 64 – 57. Ar ndóigh bhí eití éagsúla i Sinn Féin – cuid acu san IRB, eagraíocht rúnda a raibh Michael Collins i gceannas air agus cuid acu nach raibh, Devalera ar duine acu. Mar shampla ní raibh aon Teachtaí Dála ó Pháirtí an Lucht Oibre sa Dáil a vótáil ar an gConradh: ní fhéadfadh a bheith mar go ndearna Páirtí an Lucht Oibre cinneadh seasamh ar leath taobh sa toghchán a thogh an 2ú Dáil. Glactar leis anois go mba botún ollmhór an cinneadh sin gan dul san iomaíocht i 1921, a d’fhág sóisialachas Connolly agus An Lucht Oibre imeallaithe sa stát nua.

    Nuair a sheas iarrthóirí ón Lucht Oibre sa toghchán a tionóladh i 1922 fuair iarrthóirí an Lucht Oibre 21% den vóta agus toghadh 17 Teachta Dála de chuid an Lucht Oibre as 18 iarrthóir a sheas. Seans go mbeadh níos mó tofa ón Lucht Oibre, murach an brú agus an imeaglú a deineadh i roinnt Dáilcheantair ar chuid de na daoine a bhí ag iarraidh seasamh: mar shampla i i gCo an Chláir, tháinig brú ó Devalera ar Paddy Hogan, gan seasamh.

    An poinnte ar mhaith liom a dhéanamh ná seo: cé go mbreathnaíonn sé nach raibh ach 7 vóta sa deireadh de fharasbarr ar son an Chonradh nuair a vótáileadh air i nDáil Éireann 100 bliain ó shoin, bheadh an móramh ar son an Chonradh níos mó ná sin, dá mba rud nár sheas Páirtí an Lucht Oibre ar leataobh ón dtoghchán i 1921 a thogh an 2ú Dáil. Cuid fhadhb leis an vóta sa Dáil 100 bliain ó shin ná gur Parlaimint aon pháirtí a bhí ann agus gur ceileadh a ghuth ar vótóirí an Lucht Oibre.

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Sin poinnte maith a Dhonncha faoin Lucht Oibre. Rud nár féidir liom a thuigbheal i gcónaí na an cad é ruaile buaile faoin “bPoblacht” taréis siniú an Chonartha Angla- Eireannach , fiú daoine tuilteanach cogadh cathartha a throid faoi agus nuair a chuaigh an beirt thaobh i gceannas, MacCoiscir i 1922 agus DeValera i 1932 gur thiontaigh siad an Poblacht seo go huile agus go hiomlán go dtí an Eaglais Caitliceach le rith go tús na nochaidí.

    Na daoine a labhair comh paiseanta sin sa Dáil, leithidí Máire MacSuibhne bhí siad lán toilteanach rith an ráis a thabhairt don Eaglais Caitleach a bhí i gceannas na tíre ar feadh tréibhse fada i ndiaidh siniú an Chonartha Angla-Éireanach.