534 cás nua fógartha, na rátaí scaipthe is airde i nDún na nGall agus Baile Átha Cliath

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 627 cás nua den ghalar deimhnithe ansin

534 cás nua fógartha, na rátaí scaipthe is airde i nDún na nGall agus Baile Átha Cliath

534 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

58 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 17 acusan in aonad dianchúraim.

Ag preasócáid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu dúirt Paul Reid go raibh sé an-tábhachtach go nglacfadh daoine “an-dáiríre” an bhagairt atá ag baint leis an Delta agus a bheith san airdeall faoi mar gurb é atá ar 70% de na daoine a bhfuil an coróinvíreas tolgtha acu faoi láthair.

Dúirt Reid go léiríonn an samhaltú eipidéimeolaíochta go n-ardóidh líon na gcásanna den chineál Delta an chéad mhí eile agus gur i mí Lúnasa a bheidh sé ina bhuaic agus gur “dóichí” go scaipfidh an Delta “níos gasta ná an soláthar vacsaíní sna seachtainí seo chugainn”.

Dúirt an Dr Colm Henry gur 121 cás in aghaidh gach 100,000 duine ar an meán atá sa tír le 14 lá agus an líon is airde acu i nDún na nGall agus i mBaile Átha Átha Cliath.

Is 462 cás an meánlíon cásanna le cúig lá agus sin ardú 44% ón tseachtain seo caite. Daoine idir 18 agus 44 bliain iad breis is 55% de na daoine a tholg an víreas le seachtain.

Dúirt Paul Reid nach mór cuimhneamh nach othair Covid-19 amháin a bhíonn sna hospidéil – go raibh beagnach 11,000 othar in ospidéil inniu agus 260 acusan in aonaid dianchúraim agus nach mór a bheith an-chúramach mar go bhfuil go leor daoine nach bhfuil an vacsaín faighte acu go fóill.

Príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid. Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Dúirt an tAire Stáit Ossian Smyth ar maidin go bhféadfadh duine taisteal nuair a cheadófar turais neamhriachtanacha ar an 19 Iúil gan Teastas Digiteach an AE ach go mbeadh moill bhreise ort. Dá uireasa beidh fianaise go bhfuil an vacsaín faighte agat riachtanach nó tástáil PCR.

Ní raibh an taisteal idirnáisiúnta á mholadh ag toscaire speisialta Covid-19 na hEagraíochta Domhanda Sláinte, an Dr David Nabarro, inniu agus é ag caint ar chlár Claire Byrne ar RTÉ mar “níl muid slán fós” a deir sé.

“Is maith atá a fhios agam gur víreas an-tógálach é an Delta seo agus go bhfuil sé ag síorathrú agus cineálacha eile ag teacht chun cinn. Tá an vacsaín faighte agamsa ach ní bheidh mé ag taisteal aon áit faoi láthair agus má théim aon áit beidh mé an-chúramach go deo. Fanfaidh mé amach ó dhaoine agus caithfidh mé masc mar níl muid slán fós.”

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 627 cás nua den ghalar deimhnithe ansin.

Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

48 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá triúr acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i gcúig cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,179,096 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 920,078.

An scéal céanna a bhí sa Tuaisceart agus “geimhreadh an-chrua” agus brú ar an gcóras sláinte ag brúisc den víreas a bhí á thuar ag an bPríomhoifigeach Leighis Michael McBride.

“Is geall le lár an gheimhridh é faoi láthair,” a dúirt sé leis an bhFeidhmeannas inniu “de bharr an brú millteanach atá ar an lucht leighis ar an líne thosaigh.”

Fág freagra ar '534 cás nua fógartha, na rátaí scaipthe is airde i nDún na nGall agus Baile Átha Cliath'