50 bliain is an lá inniu a thosaigh an mháirseáil chonspóideach ‘Ó Charna go Bearna’

Cothrom an lae seo leathchéad bliain ó shin, ar an 19 Aibreán 1974, chuir grúpa beag ó Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeilge tús le máirseáil ag éileamh go mbunófaí ‘Údarás na Gaeltachta’

50 bliain is an lá inniu a thosaigh an mháirseáil chonspóideach ‘Ó Charna go Bearna’

Ar an 22 Aibreán 1974, 50 bliain ó shin, bhí scéal gearr san Irish Times, faoin teideal ‘45-mile rights march ends in Connemara’ a thosaigh leis an abairt seo: ‘A group from the Connemara Gaeltacht Rights Movement yesterday finished a 45-mile walk in protest against the Government’s proposed new Gaeltachta Authority.’

Thóg an grúpa trí lá leis an máirseáil a dhéanamh, ó Charna go Bearna, le haird a tharraingt ar an éileamh a bhí ag an nGluaiseacht ón tús go mbunófaí ‘Údarás na Gaeltachta’ a bheadh daonlathach agus cumhachtach. Bhí a leithéid d’údarás ar bharr liosta na n-éileamh a bhí ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ón uair a bunaíodh an eagraíocht i 1969: ‘Údarás áitiúil pleanála agus forbartha d’Iarchonnachta – Gaeltacht Chonamara – ar a mbeidh baill tofa as gach ceantar’ agus a dhóthain cumhachtaí aige le dul i ngleic leis na ‘fadhbanna sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha’.

Comhthéacs Polaitiúil

Faoin uair ar gaireadh olltoghchán i mí Feabhra 1973, bhí na páirtithe polaitíochta sa Dáil ag titim i mullach a chéile ag gealladh Údarás na Gaeltachta, dá mbeidís sa rialtas. Bhí geallúintí tugtha ag rialtas Fhianna Fáil, más fíor, le húdarás de chineál éicint a chur ar bun do na ceantair Ghaeltachta ó 1971 i leith. Faoin am ar glaodh an t-olltoghchán i Feabhra 1973, ní raibh aon cheo déanta ag Rialtas Fianna Fáil chun na geallúintí a chomhlíonadh. Chaill Fianna Fáil a ghreim ar chumhacht agus ceapadh Liam Cosgrave ina Thaoiseach ar chomhrialtas a bhí curtha le chéile ag Fine Gael agus an Lucht Oibre. Ceapadh Tom O’Donnell, Teachta Dála as Luimneach, ina aire sinsearach ina shuí ag bord an rialtais mar Aire Gaeltachta.

Ag tús a ré mar aire gheall Tom O’Donnell go mbunódh sé Údarás na Gaeltachta mar áisíneacht chumhachtach le feidhmeanna leathana agus go mbeadh gné dhaonlathach ag baint le roghnú an bhoird. Dúirt sé go poiblí go raibh bille ullmhaithe aige le ‘Údarás faoi mar a bhí molta in Gníomh don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm’ ach níor foilsíodh an bille riamh. Ach ní raibh Gluaiseacht Chearta Sibhialta sásta leis an leagan amach a bhí molta sa tuarascáil Gníomh don Ghaeltacht, mar nach mbeadh ach triúr ón naonúr ar an mbord tofa go daonlathach ag pobail na Gaeltachta.

An Mháirseáil

Socraíodh ag cruinniú de bhaill na Gluaiseachta i gColáiste Lurgan ar an 6 Aibreáin go n-eagrófaí an mháirseáil ó Charna go Bearna faoi cheist an Údaráis.

Thart ar scór duine a thosaigh i gCarna ar an Aoine, 19 Aibreán – 50 bliain ó shin go dtí an lá. Ina measc bhí an tOllamh Tomás de Bhaldraithe, a raibh teach saoire aige i Maínis. Chuaigh beirt dearthár sa máirseáil ag Roisín na Mainiach: ba iad sin Seán agus Micheál Ó hÉinniú. Faoin am ar shroicheamar Tigh Mhaidhcó i Ros Muc bhí 12 fágtha sa ngrúpa.

Ar an Satharn thosaigh an dara staid den mháirseáil ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc agus shiúlamar chomh fada leis an gCeathrú Rua an lá sin. Bhí an aimsir go hálainn ar an Domhnach, an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus muid ag déanamh ár mbealach soir trí Chois Fharraige. Ag dul thar Shiopa an Phobail ar an gCnoc, is cuimhneach liom gur thug úinéir an tsiopa Paddy King, bosca sólaistí dúinn.

Thart ar Na Forbacha ar an Domhnach chuaigh Mercedes stáit tharainn ag dul siar faoi dheifir: an tAire Tom O’ Donnell ag dul ar an gCeathrú Rua le duaiseanna a bhronnadh ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta. Níl a fhios agam cén chaoi ar éirigh linn, ach is cosúil gur chuir baill eile den Ghluaiseacht picéad ar an Aire agus é san óstán, agóid nár thaitin le daoine ón gCeathrú Rua, ní nach ionadh.

An Scoilt

Baineadh an ghaoth as ár seolta an lá ar thosaigh an mháirseáil nuair a d’fhógair Peadar Mac an Iomaire go raibh sé ag éirí as Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta mar nár aontaigh sé ‘le eagrú mórshiúil atá ag dul in aghaidh a cinn roimpi’ agus gurb é a thuairim gur fearr leis an nGluaiseacht ‘a bheith ag léirsiú faoin Údarás ná a bheith ag iarraidh é a leasú’.

Ar an Luan dár gcionn craoladh mír ar an gclár Féach faoin máirseáil le béim ar Pheadar Mac an Iomaire ag éirí as an nGluaiseacht. Thug an clár le fios gur léirigh an mháirseáil nach raibh mórán tacaíochta ón bpobal ag Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta. Lean an drochphoiblíocht ar an gCéadaoin i Tuarascáil, an colún seachtainiúil Gaeilge ar an Irish Times, inar tugadh ‘Stailíní póca’ ar lucht na Gluaiseachta. Ina dhiaidh sin bhí litreacha binbeacha sna nuachtáin agus an dá thaobh ag caitheamh spallaí lena chéile: Breandán Ó hEithir agus Eoghan Harris ar thaobh amháin; Seosamh Ó Cuaig agus Deasún Fennell ar an taobh eile.

D’admhaigh Seosamh Ó Cuaig, a bhí ina Chathaoirleach ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag an am, go ndearna siad ‘dearmad mór straitéise’ agus gur cheart a bheith ‘ag iarraidh dhá dhuine dhéag a bheadh sásta nó in ann siúl ó Charna go Bearna’ in áit a bheith ag súil le slua mór ón bpobal.

Ní róshásta ach an oiread a bhí daoine sa gCeathrú Rua leis an bpicéad ar Aire na Gaeltachta ar an Domhnach. Chuir beirt a bhí báúil leis an nGluaiseacht litir ag an nGluaiseacht ag cur a míshástacht in iúl faoin bpicéad a chuir Gluaiseacht Chearta Sibhialta ar an Scoil Chuimsitheach ‘nuair a thug Aire na Gaeltachta cuairt anseo chun duaiseanna a bhronnadh ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta’.

Ag breathnú siar anois, cé gur éirigh leis an máirseáil poiblíocht mhaith sna meáin a fháil ag an am d’éileamh na Gluaiseachta faoin Údarás, ní dhearna sé aon leas don Ghluaiseacht gur éirigh Peadar Mac an Iomaire as. Cé gur lean an Ghluaiseacht i mbun agóidíochta agus gníomhaíochta ar feadh trí bliana eile, ní dóigh liom go raibh an oiread airde air mar eagraíocht as sin amach.

Nuair a bunaíodh an tÚdarás sa deireadh i 1979, tháinig an dá thaobh le chéile le tacú le Peadar Mac an Iomaire a sheas sa gcéad toghchán don Údarás, mí na Nollag 1979, agus dearmad déanta ar an scoilt a tharla de bharr na máirseála ó Charna go Bearna.

Nóta: Craolfar eagrán speisialta den chlár Iris Aniar (RTÉ RnaG) faoin máirseáil chonspóideach ar an Luan seo chugainn, 22 Aibreán ó 9.15 go 10.15 ar maidin.

Fág freagra ar '50 bliain is an lá inniu a thosaigh an mháirseáil chonspóideach ‘Ó Charna go Bearna’'

  • Staraí

    Cuid de bhaill Chearta Gael, grúpa agóidíochta a throid ar son cearta teanga agus cearta sibhialta i nGaeltacht Thír Chonaill sna seachtóidí agus sna hochtóidí, atá i mbun an phicéid ar an Aire taobh amuigh d’Amharclann Ghaoth Dobhair sa ghrianghraf thuas. Ó chlé, Tomás Ó Monacháin; Fionntán Mac Aodha Bhuí; ní heol cé hé; Proinsias Ó Mianáin.