5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Elsa Hewitt – Birthday Roof Party

Ar Cameras From Mars, an chéad albam le Elsa Hewitt ó Brighton, cloistear foinn ghalánta, iad cniotáilte le héifeachtaí aimbiacha, a glór ag casadh ar an dtaoide cheoil – focal anseo, is véarsa ansiúd – agus an dord ag plobarnach sa chúlra. Tá gach atá mealltach faoin albam seo le clos ar an amhrán aoibhinn seo.

 

Violent Blondes – Short Cable

Chuir Nicola agus Annabel ó Violent Blondes aithne ar a chéile agus iad ina gcailíní óga i Londain.

Tá an tionchar a bhí ag an gcathair sin orthu mar chumadóirí teicneo le clos ar a EP úr Entertaining The London Bubble, atá ar fáil ar an lipéad Civil Disobedience. 

Ar an rian seo, tarraingíonn siad aird ar an sceon a bhí ar lucht trádála nuair a ghlac lucht vótála an cinneadh scaradh leis an Aontas Eorpach. 

Dheineadar guthanna lucht trádála sráide a thaifeadadh agus cuireann siad go mór leis an rian teann, teasaí seo.

Jlin – Holy Child (feat William Basinski)

Thart ar bhliain ó shin bhí an cumadóir ceoil cruthaitheach Jerrilynn Patton, ó Gary, Indiana ag obair i monarchan cruaearraí ina baile dúchais, baile atá 30 ciliméadar soir ó Chicago 250 ciliméadar ó Detroit. 

Ach tar éis di an saol is a mháthair a chur faoi gheasa leis na rithimí diamhaire a bhí le clos ar a céad albam Dark Energy, tá sí éirithe as a post chun díriú ar cheol a chumadh is a chasadh. 

Cloisimid na rithimí juke/footwork céanna ar a saothar nua – Black Origami – is a bhí le clos ar a céad albam, ach arís tá a lorg uathúil féin fágtha aici orthu. Seo ceann a chum sí i dteannta an chumadóra avant-garde William Basinski.

 

Elma – Drive

ar aithne Eoin O’Callaghan ó Dhoire, cumadóir agus léiritheoir, mar gheall ar an gceol atá curtha amach aige faoi ainmneacha ar nós Best Boy Grip agus Wake America.  Tá sé ag obair ar cheol a chumadh mar chuid dá thogra nua Elma le cúpla ráithe. 

Mar Elma, tugann sé faoin saothar mar a bheadh fuaimrian do scannán á chumadh aige. Port aoibhinn aimbiach é seo, an chéad bhlaiseadh den albam Flutter Part 1 a bheidh le fáil ó Amelia Records amach anseo. 

Ceann ón gCartlann 

This Mortal Coil – Song To The Siren


Tá an bunleagan de ‘Song To The Siren’ le Tim Buckley le clos ar a albam Starsailor ón mbliain 1970, ach is é léamh This Mortal Coil (Robin Guthrie is Liz Frazer ó na Cocteau Twins) ar an amhrán, a eisíodh ar 4AD sa bhliain 1983, a mhaireann i gcroí na ndaoine. 

Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar an stiúrthóir scannán David Lynch chomh maith. Theastaigh uaidh úsáid a bhaint as ar fhuaimrian Blue Velvet ach ní raibh a dhóthain airgid aige chun íoc as (bhí eastáit Buckley ag lorg $20,000). 

D’éirigh leis an scéal san a chur ina cheart nuair a bhain sé leas as ar fhuaimrian a scannáin Lost Highway.  

 

 

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'