5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

CHVRCHES – Leave A Trace (Four Tet Remix)

Is popamhrán tarraingteach go maith bunleagan an bhanna Albanaigh ach nuair a théann an léiritheoir Kieran Hebden (Four Tet) i ngleic le hamhrán, go hiondúil éiríonn leis feabhas a chur air.

Tá a bhó curtha thar abhainn aige arís gan stró leis an leagan athmheasctha seo. Fágann sé na véarsaí ar lár agus cuireann buillí, blípeanna is fonn álainn ón sintiséir ina n-áit. Baineann sé amach cuid mhaith den churfá chomh maith ach éiríonn leis uirlis álainn ghlórmhar a dhéanamh de ghuth Lauren Mayberry, agus béim aige uirthi ag canadh na bhfocal seo:

‘I know I need to feel relief

I know I need to feel released.’


U.S. Girls – Woman’s Work

Nuair a chum John Lydon agus a bhanna Public Image Ltd. an t-amhrán ‘Death Disco’ fadó, ní dócha go raibh aon chuimhneamh acu go dtiocfadh an lá go mbeadh teideal an amhráin á úsáid ag daoine chun cur síos ar sheánra ceoil ar leith. Bhí léamh gliondrach ag lucht Paradise Garage i Nua Eabhrach ar an stíl seo fadó, ach bhí tuiscint níos gruama ar an ‘death disco’ acu siúd a fáisceadh sa rac-cheol ailtéarnach. Choimeád an dream seo na buillí is leag siad an bhéim chéanna ar an rithim, ach bhaineadar a gcasadh féin as an seánra le dord-línte dúrúnta is amhránaithe a bhí sásta ualach a gcuid mothuchán a chur in iúl, trína bheith ag screadaíl dá mba ghá. Maireann  traidisiún seo beo i singil nua le banna Meghan Remy agus sinn ag tnúth le Half Free, albam nua an ghrúpa ar 4AD.


Kara-Lis Coverdale & LXV – Buffering Landscape

Go minic, is féidir le ceol aimbiach a bheith leamh agus dul ar iomrall slí, ach ní dóigh liom go bhféadfadh aon éisteoir a bhfuil cleachtadh acu ar an seánra an méid sin a mhaíomh i gcás Sirens, an chéad albam stiúideo ag Kara-Lis Coverdale & LXV (Dave Sutton). Aon uair a chasaim rian ón albam seo ar an raidió, bíonn na heisteoirí ag fiosrú faoi. Deir na cumadóirí go bhfuil téama an albaim fáiscthe as an ngaol a fheiceann siad idir a bheith mealltach agus a bheith foréigeanach. Ar na rianta ciúine, amhail an iarracht seo, ní gá ach do shúile a dhúnadh is cruthóidh na fuaimeanna dramatúla scannán id’ cheann.


Fx Mchn – Dunn

Tá an ‘buama’ de phort seo le clos ag cóisirí i dtithe trádstórais ar fud na hEorpa le breis is bliain anuas, cé nár eisíodh go dtí le déanaí é. Níltear cinnte cé hé nó cé hí nó cé hiad Fx Mchn. Ach bíonn rinceoirí faoi gheasa ag comhábhair an phoirt seo aon uair a chastar é ar chóras maith fuaime: go háirithe an tslí ina n-imoibríonn an dordlíne leis an rif meadhránach, go speisialta thart ar an gceathrú nóiméad. Má fheiceann tú an ceirnín in aon áit, is fiú an t-airgead a chaitheamh air, óir níl ach 300 cóip de ar fáil.


Seoid ón gCartlann

Lali Puna – Together In Electric Dreams

Tá an bunleagan spleodrach den amhrán seo ó Phil Oakey is Giorgio Moroder ón mbliain 1984 cloiste go minic againn ar fad ach níl an oiread san aithne ar an leagan álainn seo a d’eisigh an grúpa seo ó Munich na Gearmáine sa bhliain 2001.  

Tá sé i bhfad níos moille ná an bunleagan, tá focail fágtha ar lár agus tá an claochlú a tharlaíonn ann i bhfad Éireann níos uaigní ná mar atá sa bhunleagan. Ar an bhfíseán seo ar YouTube, tá duine éigin tar éis radharcanna ón scannán 2046, leis an léiritheoir Wong Kar-wai, a chur leis. Nach oiriúnach mar chéilí leapan iad?


Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'