‘Beidh sé casta agus deacair,’ a dúirt abhcóide ón tSeirbhís Cróinéara. D’éist an slua go cúramach. Ba bheag an ní acu casta agus deacair ó b’fhada iad ag fanacht leis an lá seo. 47 bliain ó maraíodh deichniúr i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste, cuireadh tús an tseachtain seo le scrúdú cróinéara ar a mbás. Bhí coiste cróinéara ann i 1972 ach bhí sé easnamhach agus seacht mbliana ó shin d’ordaigh Ard-Aighne Thuaisceart Éireann ionchoisne nua. Tar éis an-chuid moille, ionchoisní ina gcnámh spairne pholaitiúil agus diúltú arís is arís d’fhiosrú neamhspleách, tá scrúdú ar siúl.
Léiriú ar dhiongbháilteacht na ngaolta ina bhfeachtas fada ag éileamh an chirt is ea an t-ionchoisne. Bhailigh na teaghlaigh agus a lucht tacaíochta go moch ar maidin taobh amuigh de Theach na Cúirte cois Lagáin, iad dóchasach ach neirbhíseach faoina raibh i ndán dóibh sna míonna amach romhainn. Teastaíonn uathu ainmneacha a ngaolta a ghlanadh, a chruthú gur maraíodh iad gan údar. Is mian leo go bhfreagródh saighdiúirí nó a gceannairí ceisteanna agus cuirfear suim thar na bearta i gcur chuige na saighdiúirí agus údaráis na Breataine ó tá gluaiseacht ar siúl thall ag éileamh saoirse ó cheistiú agus ó chiontú do shaighdiúirí.
Bhí, ‘sléacht Bhaile Uí Mhurchú’, mar a thugtar air, i measc na n-eachtraí ba chonspóidí le linn na dTrioblóidí. Maítear gur paratrúpaí ó Arm na Breataine a bhí freagrach as marú an deichniúir idir an 9 agus 11 Lúnasa 1971, an deireadh seachtaine a chuir rialtas Stormont imtheorannú i bhfeidhm. Tharla an eachtra – nó na cúig eachtra – sé mhí roimh Dhomhnach na Fola i nDoire ach níor tugadh oiread airde orthu ag an am. Ní raibh ceamaraí ná meáin chumarsáide ar an láthair agus bhí corraíl i dtaca leis an imtheorannú ar fud an tuaiscirt. Cuireadh cor nua sa scéal roinnt míonna ó shin nuair a dúirt an UVF go raibh siadsan ag scaoileadh le ceantar Bhaile Uí Mhurchú an deireadh seachtaine sin freisin.
Ní léir cén bunús a bhí leis an ráiteas, ach bhí gaolta na marbh amhrasach faoi, faitíos orthu gur iarracht ab ea é chun a theacht salach ar a bhfeachtas.
Maíonn na gaolta gur sibhialtaigh neamhchiontacha ab ea an deichniúr a maraíodh nuair a bhain na saighdiúirí leas as fórsa neamhdhlisteanach, neamhshrianta gan chúis. Is é leagan na n-údarás míleata den scéal gur úsáid siad fórsa dlisteanach le linn teannais agus iad i gcontúirt.
Bhí bean amháin, Joan Connolly, i measc na marbh. Bhí ochtar clainne aici. Scaoileadh léi nuair a chuaigh sí amach chun a páistí a bhailiú agus a thabhairt abhaile slán. Maraíodh sagart, an tAthair Hugh Mullan, nuair a chuaigh sé i gcabhair ar fhear a bhí gonta. Dúirt Sean Doran, abhcóide an Chróinéara, go scrúdófaí gach marú ach go ndéanfaí iniúchadh ar chúig eachtra- cúig láthair i gceantar Bhaile Uí Mhurchú.
- Marú Francis Quinn 19 agus an Athar Hugh Mullan a tharla i bpáirc;
- Marú Daniel Taggart 44, Joan Connolly 44, Noel Philipps 19 agus Joseph Murphy 41 in aice le bunáit Henry Taggart
- Marú John Laverty 20 agus Joseph Corr 43 ag barr Bhóthar na Carraige Báine
- Marú Edward Doherty 31 ag cúinne Pharáid Britton
- Marú John McKerr 49 in aice le heaglais Corpus Christi
I dteannta na ndeacrachtaí a bhaineann le láithreacha éagsúla, imeacht aimsire agus an díchuimhne, dúirt an t-abhcóide go raibh an fiosrú a rinneadh ag an am an-teoranta. Tá iliomad samplaí ann de na heasnaimh a bhain leis, a dúirt sé. Níor tógadh ráitis ó fhinnéithe, níor scrúdaíodh láithreacha agus níor bailíodh ábhar fóiréinseach. Mar bharr air sin, is constaic sa bhreis é gur chaill an Roinn Cosanta taifid. Thug saighdiúirí ráitis don ionchoisne a ritheadh i 1972 ach níor fhreastail éinne acu ar an ionchoisne sin chun fianaise a thabhairt.
Tá triúr de na saighdiúirí sin aitheanta ag an gCróinéir agus iarrfar orthu fianaise a thabhairt, a dúirt sé.
Beifear ag faire féachaint an ndéanfaidh siad é. Beidh ciallachais thromchúiseacha aige sin don chur chuige i dtaca le hoidhreacht na dtrioblóidí, an fhadhb a chuirtear ar an méar fhada arís agus arís eile ar mhaithe le féinchúis pholaiteoirí áirithe.
Fág freagra ar '47 bliain ó shléacht Bhaile Uí Mhurchú, tá na gaolta fós ag fanacht ar fhreagraí…'