452 duine a raibh Covid-19 orthu básaithe in Éirinn agus os cionn 11,000 cás deimhnithe

Tá 14 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas agus 727 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna, rud a fhágann go bhfuil 11,461 cás ar fad in Éirinn, thuaidh agus theas

452 duine a raibh Covid-19 orthu básaithe in Éirinn agus os cionn 11,000 cás deimhnithe

Tá 14 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas, dháréag san oirthear agus beirt in iarthar na tíre.

452 duine a raibh Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 334 duine ó dheas den teorainn agus 118 duine ó thuaidh di.  Ochtar fear agus seisear ban a bhí i gceist agus ba í an aois mheánach a bhí acu ná 80 bliain d’aois. 

Bhí fadhbanna sláinte eile ag deichniúr acu.

727 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna, rud a fhágann go bhfuil 11,461 cás ar fad in Éirinn, 9,655 cás ó dheas agus 1,806 cás ó thuaidh.

Den 727 cás nua bhain 430 le samplaí ó shaotharlanna na hÉireann agus bhain an 297 cás eile le samplaí a cuireadh chun na Gearmáine.

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh 11 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart. Deimhníodh 89 cás eile ó thuaidh agus 1,806 cás ar fad atá anois ann. Cuireadh tástáil ar 12,199 duine sa Tuaisceart ó thús na ráige.

Foilsíodh na figiúirí nua tráth a ndúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur amach romhainn atá na laethanta is measa den ghéarchéim in Éirinn. Ráineodh gur níos déanaí an mhí seo a bhainfeadh an ráig a buaic amach, a dúirt sé.

I dteachtaireacht a chuir sé amach i nGaeilge agus i mBéarla, dúirt an Taoiseach go raibh líon na ndaoine a bhí á gcur san ospidéal agus líon na ndaoine a bhí ag fáil bháis de bharr an ghalair ag méadú i gcónaí.

“Is mór an difríocht a dhéanann an méid atá ar siúl agaibh. Tá scaipeadh an víris ag moilliú. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcoinnímid orainn.

“Nuair a bheidh sé thart, cuirfimid sochaí níos fearr le chéile ón méid a bheidh foghlamtha againn – sochaí den chéad scoth do mhuintir den chéad scoth. Cáisc Shona daoibh,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 8,496 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé hAoine seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 45% de na cásanna agus mná iad 54%
  • 383 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 1,653 cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,777 duine, 21%
  • As na daoine sin, cuireadh 261 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim,
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 2,312 cás, 27%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 4,514 cás, nó 53%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 648 cás, nó 8%
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 66% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 26% agus taisteal thar lear ba chúis le 7%

Tá os cionn 10,000 duine le Covid-19 básaithe sa Bhreatain faoin tráth seo agus 726 duine atá básaithe in ospidéil Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige. 10,494 bás atá fógartha sna tíortha sin san iomlán ó thús na ráige. Níl daoine a fuair bás in ionaid chónaithe ná ag baile san áireamh sna figiúirí sin. 

Chuir Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson físeán amach inniu inar ghabh sé buíochas mór leis na hoibrithe sláinte a thug aire dó nuair a bhí sé féin san ospidéal leis an gcoróinvíreas.

Ghabh sé buíochas leis an lucht leighis as “a bheatha a shábháil” agus dúirt sé nach raibh aon insint ar cé chomh mór is a bhí sé faoi chomaoin acu. 

Bhásaigh níos mó daoine sa Ríocht Aontaithe de thoradh na paindéime go dtí seo ná mar a bhásaigh in aon tír eile seachas Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Iodáil, an Spáinn agus an Fhrainc.

Stát Aontaithe Mheiriceá anois an tír is mó inar bhásaigh daoine de thoradh an ghalair a bhfuil nach mór 110,000 duine curtha den saol aige sa domhan. Den chéad uair ó thosaigh an ráig tá foláireamh tubaiste anois i bhfeidhm i ngach aon cheann de na 50 stát i Meiriceá.

 

Fág freagra ar '452 duine a raibh Covid-19 orthu básaithe in Éirinn agus os cionn 11,000 cás deimhnithe'