4 rud a d’fhoghlaim muid ó chluichí na gcúigí

Níor chaill aon ceann de na cúigí an deireadh seachtaine seo agus na himreoirí idirnáisiúnta ag iarraidh dul i bhfeidhm ar Joe Schmidt

Keith Earls ag éalú ó Luke McLean chun úd a aimsiú do Chúige Mumhan. Pictúr: INPHO/Dan Sheridan
Keith Earls ag éalú ó Luke McLean chun úd a aimsiú do Chúige Mumhan. Pictúr: INPHO/Dan Sheridan

Tá sans ag Earls ar gheansaí an hÉireann.

Tar éis theip Chúige Mumhan na babhtaí dhíbeartha de Chorn na gCuradh a bhaint amach, is iad taispeántais Keith Earls an t-aon dea-scéal a bhí acu sa gcúpla cluiche deireanach a d’imir foireann Anthony Foley. Thosaigh Earls a chéad cluiche do na Muimhnigh an deireadh seachtaine seo caite tar éis do ghortú glúine an Luimníoch a choinneáil ar an taobhlíne ó mhí Lúnasa anuraidh.

nár imir sé ach 44 nóiméad i gcoinne Sale an Domhnach seo caite, d’aimsigh Earls dhá úd, agus thug sé uaidh taispeántas cosanta maith freisin. Níor imir Earls le hÉireann faoi stiúir Joe Schmidt fós ach tá ionann is cinnte go ndéanfaidh sé amhlaidh sna seachtainí atá amach romhainn.

Bhí Ian Madigan ag streachailt leis an gciceáil sa chluiche i gcoinne Wasps an deireadh seachtaine seo. Pictúr: INPHO/Dan Sheridan
Bhí Ian Madigan ag streachailt leis an gciceáil sa chluiche i gcoinne Wasps an deireadh seachtaine seo. Pictúr: INPHO/Dan Sheridan

Níl iondaí ceart ag Cúige Laighean ná Éire do Sexton fós

raibh idir Wasps agus bua ar Chúige Laighean ach oiread na fríde agus dá n-éireodh le Andy Goode an beart a dhéanamh lena chic ag an deireadh, bheadh leo.

Is ar Ian Madigan a leagadh an milleán. Bhí drochlá aige lena chuid iarrachtaí ar na postaí, ag cur ceithre cinn amú. Ní raibh ach ceathrú uaire imithe sa dara leath nuair a chuir Madigan a cheathrú hiarracht amú agus thug an teip sin spreagadh do Wasps a rinne teacht aniar iontach ina diaidh.

Bhí an t-ádh leis na Laighnigh gur éirigh leo cluiche ceathrú ceannais i mBaile Átha Cliath a fháil, in ainneoin drochthaispeántas Madigan. Níl a fhios againn fós cén uair go díreach a bheidh Johnny Sexton ar ais ag imirt agus, dá bhrí sin, is léir go bhfeicfidh muid Madigan nó Ian Keatley, fear eile nár imir go maith ag an deireadh seachtaine, i ngeansaí na hÉireann in aghaidh na hIodáile. Má na hÉireannaigh chun teacht slán sa Róimh, beidh ar Madigan a bheith i bhfad níos cruinne ná mar a bhí i gcoinne Wasps.

Darren Cave ag aimsiú a thríú húd don oíche sa bhua cuimsitheach i gcoinne Leicester. Pictúr: INPHO/Presseye/Darren Kidd
Darren Cave ag aimsiú a thríú húd don oíche sa bhua cuimsitheach i gcoinne Leicester. Pictúr: INPHO/Presseye/Darren Kidd

Tá ina himreoirí idirnáisiúnta ag cruthú go maith ag an am ceart

Tar éis dóibh buille aisteach a fháil an tseachtain seo caite i ndeisceart na Fraince, bhí bua maith ag Cúige Uladh an deireadh seachtaine seo i gcoinne Leicster, foireann a bhí fós san iomaíocht do d’áit sna babhtaí díbeartha.

Thug Joe Schmidt imreoirí breise isteach i scuaid na hÉireann an tseachtain seo caite agus thug cuid mhaith de na hUltaigh ar a liosta sár-thaispeántais uathu ar an Satharn. D’fhill Iain Henderson ó ghortú chun a chéad chluiche den séasúr a imirt agus d’aimsigh Craig Gilroy an t-úd a chinntigh an pointe bónais ach ba é Darren Cave laoch na himeartha. D’aimsigh an t-imreoir láir trí úd sa chluiche agus ar nós Keith Earls, Robbie Henshaw agus Luke Fitzgerald, fear é Cave a bhfuil a shúil aige ar gheansaí uimhir a 13 na hÉireann.

Cliathánaí Chúige Chonnacht, Niyi Adeoloukun, ag aimsiú an tríú húd dá fhoireann sa Fhrainc an deireadh seachtaine seo. Pictúr: INPHO/James Crombie
Cliathánaí Chúige Chonnacht, Niyi Adeoloukun, ag aimsiú an tríú húd dá fhoireann sa Fhrainc an deireadh seachtaine seo. Pictúr: INPHO/James Crombie

Níl na Connachtaigh ag dul in olcas ná baol air

Agus iad 20-11 chun deiridh ag leath ama i gcoinne La Rochelle, bhreathnaigh sé go raibh foireann Pat Lam chun an tríú cluiche as a chéile a chailleadh. Dá gcaillfidís, bheadh aistear na gConnachtach san Eoraip críochnaithe.

D’fheabhsaigh Cúige Chonnacht go mór sa dara leath, áfach, agus nuair a thrasnaigh Niyi Adeoloukun agus Matt Healy an líne úid déanach sa dara leath, chinntigh na scóranna sin an bua agus an pointe bónais cinniúnach a bhain áit sna babhtaí díbeartha do na Connachtaigh. Anois agus a meath curtha díobh acu, tá deis ag Cúige Chonnacht dul chun cinn a dhéanamh sa tsraith Pro12.

Níl ach triúr imreoirí acu ar phainéal na hÉireann, rud a chiallaíonn go mbeidh na foirne eile timpeall orthu d’uireasa níos mó imreoirí tábhachtacha an fhaid is a mhairfidh comórtas na Sé Náisiún. Má na Connachtaigh in ann leas a bhaint as an mbuntáiste sin, tá gach seans ann go mbeidh siad ag imirt i bpríomhchomórtas rugbaí na hEorpa an séasúr seo chugainn.

Fág freagra ar '4 rud a d’fhoghlaim muid ó chluichí na gcúigí'