3,887 cás nua den víreas fógartha, an cineál omicron i gceist le 14% díobh

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis

3,887 cás nua den víreas fógartha, an cineál omicron i gceist le 14% díobh

3,887 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

493 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 25 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 109 díobhsan in aonad dianchúraim, duine amháin níos mó ná mar a bhí inné.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, gur léirigh torthaí inniu gurb é an cineál Omicron den víreas a bhí i gceist le 14% de na cásanna, ardú ó 11% inné. Dúirt sé go bhféadfaí a bheith ag súil go dtiocfadh ardú mór ar an gcéatadán sin sna laethanta amach romhainn.

Agus an Nollaig ag teannadh linn. d’iarr sé ar an bpobal líon na ndaoine a chastar leo a laghdú, sluaite a sheachaint agus oibriú ón mbaile más féidir.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 1,581 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

326 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 31 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '3,887 cás nua den víreas fógartha, an cineál omicron i gceist le 14% díobh'