3,793 cás eile den víreas deimhnithe, 578 othar sna hospidéil

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, inniu gur chóir plé a dhéanamh faoin vacsaín in aghaidh an Covid-19 a dhéanamh éigeantach

3,793 cás eile den víreas deimhnithe, 578 othar sna hospidéil

3,793 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

578 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, duine amháin níos lú ná mar a bhí i gceist inné. Tá 117 díobhsan in aonad dianchúraim, cúigear níos mó ná mar a bhí i gceist inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,992 cás nua a fógraíodh.

332 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 30 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen ag preasócáid faoin Omicron inniu, dúirt sí gur dóigh léi féin gur chóir plé a dhéanamh ag leibhéal an Aontais Eorpaigh cé acu ar chóir vacsaín in aghaidh an Covid-19 a dhéanamh éigeantach. Dúirt sí nach raibh ach 66% de phobal an Aontais vacsaínithe, nó 77% de na daoine fásta, agus gur fhág sin 150 milliún duine nach bhfuair an vacsaín go fóill.

Cás amháin den chineál Omicron den víreas deimhnithe

Tá sé fógartha ag an nGréig go mbeidh an vacsaín éigeantach agus dúirt von der Leyen gur faoi gach ballstát an cinneadh sin.

Ar an 13 Nollaig a chuirfidh an tAontas Eorpach tús leis an bhfeachtas vacsaín Pfizer/BioNTech a thabhairt do leanaí idir 5 agus 11 bliain. Beidh dhá shnáthaid le fáil ag na leanaí agus trí seachtaine eatarthu.

An tseachtain seo caite a mhol an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) go dtabharfaí dhá shnáthaid 10 micreagram den vacsaín seo do leanaí.

Ag cruinniú speisialta den Eagraíocht Dhomhanda Sláinte sa Ghinéiv inniu d’aontaigh 194 ballstát den eagraíocht sin go ndéanfaí socruithe ionas go mbeadh cur chuige aontaithe ann feasta chun a bheith ullamh le déileáil le haon phaindéim a tharlódh. Beidh na moltaí sin ullamh faoi 2024.

Fág freagra ar '3,793 cás eile den víreas deimhnithe, 578 othar sna hospidéil'