Cás amháin den chineál Omicron den víreas deimhnithe

Caithfidh daltaí bunscoile ó rang a trí suas masc éadain a chaitheamh ón lá inniu amach agus dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go n-iarrfar ar dhaltaí nach gcloíonn leis an riail sin ‘éirí as an scoil’

Cás amháin den chineál Omicron den víreas deimhnithe

Tá cás amháin den chineál Omicron (oimiocrón) den Covid-19 deimhnithe anseo in Éirinn ag an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris.

Is é seo an cineál is déanaí den choróinvíreas a aimsíodh agus dúradh gur údar imní é mar go bhfuil sé thar a bheith tógálach.

Deimhníodh ag seisiún eolais de chuid na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Poiblí go ndearnadh seicheamhú ar ghéanóm iomlán roinnt samplaí de na tástálacha víris a rinneadh le dhá mhí ar an Luan. Dearbhaíodh gurb é an cineál Omicron a bhí i gceist i sampla amháin as ocht gcinn.

Dúradh ag seisiún eolais NPHET go bhféadfadh go bhfuil níos mó den Omicron sa tír ó tharla nár seiceáladh ach sampla an-bheag.

An tseachtain seo caite a tástáladh an duine óna bhfuarthas an sampla inar deimhníodh Omicron agus bhí an duine sin ar cuairt ar cheann de na tíortha i ndeisceart na hAfraice le déanaí.

Deimhníodh go raibh an Omicron sa Nigéir i mí Dheireadh Fómhair, rud a chothódh amhras go raibh an cineál nua seo scaipthe níos forleithne ná mar a síleadh.

Tá an chosúlacht air go bhfuil an ráta scaipthe nó an uimhir R seasmhach go maith sa tír seo ag 1, agus tá laghdú ar an gcéatadán de na daoine atá ag fáil toradh deimhneach ar thástálacha coróinvíris i ngach aoisghrúpa.

Tá go leor taighde le déanamh go fóill faoin gcineál nua seo den víreas sular féidir a rá go cinnte go bhfuil sé níos tógálaí nó nach bhfuil an vacsaín éifeachtach ina choinne.

An chuid is mó de na cásanna den Omicron a tuairiscíodh go dtí seo, ní raibh na daoine róthinn sin nó ní raibh aon chomharthaí sóirt in aon chor orthu. Ní mór cuimhneamh gur daoine óga ba ea a bhformhór sin nó daoine a raibh an vacsaín iomlán faighte acu.

Caithfidh daltaí bunscoile ó rang a trí suas masc éadain a chaitheamh ón lá inniu amach agus dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go n-iarrfar ar dhaltaí nach gcloíonn leis an riail sin “éirí as an scoil”.

An t-aon eisceacht ón riail sin ná na leanaí a bhfuil teastas dochtúra acu a mhaitheann an masc dóibh.

Faoi na treoirlínte céanna ón Rialtas, caithfidh leanaí atá naoi mbliana nó os a chionn masc a chaitheamh freisin ar an gcóras iompair phoiblí, i siopaí agus aon ionad poiblí eile faoi dhíon.

Tráthnóna aréir a fógraíodh na rialacha nua seo do leanaí agus maidin inniu a tháinig siad i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Cás amháin den chineál Omicron den víreas deimhnithe'