30 bliain is an lá inniu cuireadh fáilte abhaile ó phriosún go Conamara roimh Bhrian Ó Baoill

30 bliain ó shin, ar an 2 Iúil 1985, a scaoileadh saor ón bpríosún Brian Ó Baoill a dhiúltaigh fíneáil £50 a íoc mar agóid in aghaidh a laghad Gaeilge a bhí ar RTÉ

30 bliain is an lá inniu cuireadh fáilte abhaile ó phriosún go Conamara roimh Bhrian Ó Baoill
photo 4
Brian Ó Baoill le tuairisc nuachta ó 1985

 

Cothrom an lae seo tríocha bliain ó shin, ar an 2 Iúil 1985, lasadh tintreacha ar an Teach Mór i gCois Fharraige chun fáilte abhaile a chur roimh Bhrian Ó Baoill, a scaoileadh saor ó phríosún Theach Locháin. Tugadh Ó Baoill os comhair na cúirte mar ní raibh ceadúnas teilifíse aige. Dhiúltaigh sé fíneáil £50 a gearradh air a íoc mar agóid in aghaidh a laghad Gaeilge a bhí á chraoladh ar sheirbhísí teilifíse RTÉ.

Screen Shot 2015-07-02 at 22.18.28
Brian Ó Baoill ag labhairt faoina chás le RTE nuair a scaoileadh amach ó phríosún é

Chuaigh cúigear déag ar fad go príosún idir na blianta 1977 agus 1992 toisc gur dhiúltaigh siad ceadúnais teilifíse a cheannach mar agóid in aghaidh RTÉ. Ba é Brian Ó Baoill, a bhí ina fheidhmeannach de chuid Údarás na Gaeltachta ag an am, an chéad duine ón nGaeltacht a daoradh.

Go Muinseo i mBaile Átha Cliath a cuireadh i dtosach é sular aistríodh go Teach Locháin é. Scaoileadh amach ón bpríosún sin é nuair a chuaigh duine anaithnid i mbannaí air.

Dúirt sé le Tuairisc.ie tráthnóna go bhfuair sé amach sé mhí ó shin cé na daoine a d’íoc.

“Chuala mé ó dhuine den chéad ghlúin eile, a gclann féin, gurbh iad Nóirín Bheartla Shéamuis agus Paddy Staff, nach maireann, a chuaigh i mbannaí orm. Ní bhfuair mé é sin amach go dtí go raibh siad beirt básaithe. Cé nach raibh mé ag iarraidh go scaoilfí amach mé, tá mé an-bhuíoch díobh gur íoc siad agus ba le croí mór maith a rinne siad é,” a dúirt sé.

An gearán a bhí ag an lucht agóide le linn na tréimhse sin ná go raibh teipthe ar RTÉ a ndualgas i dtaobh cláracha Gaeilge faoin Acht Craolacháin 1960 a chomhlíonadh. Bhí RTÉ beagán le cois fiche bliain ar an bhfód sa bhliain 1985 agus níos lú ná dhá uair a’ chloig Gaeilge in aghaidh na seachtaine a bhíodh á craoladh as 100 uair a’ chloig ar fad. Ní raibh ceadúnas ag Ó Baoill ar feadh cúig bliana nuair a cuireadh chun príosúin é.  11 bliain tar éis a scaoilte, seoladh TnaG i mBaile na hAbhann, cúpla míle siar an bóthar óna theach féin. Dúirt sé le Tuairisc.ie nach raibh “aon súil ná dóchas” aige go mbeadh stáisiún lán-Ghaeilge faoi lánseol chomh sciobtha sin.

photo 1
Beti Uí Bhaoill ar Shráid na Siopaí I nGaillimh ag bailiú síniúcháin tacaíochta agus í agus a clann ar stailc ocrais chun aird a tharraingt ar chás Bhriain.

“An fhadhb a bhí agamsa leis ná nach raibh fiú 1% d’ábhar RTÉ á chraoladh i nGaeilge ag an am agus b’in é m’agóid. Ní raibh aon súil ag duine ar bith an tráth sin le stáisiún lán-Ghaeilge. Níor thosaigh an chaint air sin go dtí cúpla bliain ina dhiaidh sin nuair a bunaíodh an stáisiún bradach.

“B’fhiú go mór an seal a chaith mé sa phríosún, agus na rudaí eile ar fad a tharla thart ar an am sin. Murach é sin, agus na hagóidí ar fad ní bheadh TG4 anois againn. Bhí tacaíocht agam ón taobh amuigh agus an taobh istigh – dúirt an bardóir liom i Muinseo go raibh ‘go leor de mo chuid cairde’ ag na geataí, bhí agóidí i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus ag RTÉ féin. Bhí Gaeilge ag roinnt mhaith príosúnaithe agus bhí a gcuid tacaíochta siúd agam freisin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '30 bliain is an lá inniu cuireadh fáilte abhaile ó phriosún go Conamara roimh Bhrian Ó Baoill'