3% de na gearáin a dhéantar le hombudsman an Gharda Síochána i nGaeilge

Deir Cathaoirleach GSOC go bhfuil imní air nach bhfuil dóthain i mbille nua a chinnteodh neamhspleáchas na heagraíochta a thiocfaidh ina áit

3% de na gearáin a dhéantar le hombudsman an Gharda Síochána i nGaeilge

I nGaeilge a bhí 3% de na gearáin a cuireadh faoi bhráid Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (GSOC) anuraidh.

De réir Tuarascáil Bhliantúil 2022, Claochlú, Fás, Athchóiriú GSOC a foilsíodh inné, i mBéarla a bhí 83% de na gearáin a cuireadh faoi bhráid ombudsman na nGardaí.

3% de na gearáin a bhí i bPolainnis, 1% a bhí i Rúisis agus ‘teangacha eile’ a bhí luaite leis an 10% eile de na gearáin a fuarthas le linn na bliana.

Tá na céatadáin bunaithe ar fhreagraí ón 390 gearánaí a thoiligh suirbhé a líonadh faoina ngearán.

Maidir le náisiúntacht lucht na ngearán, Éireannaigh ab ea 77% de na gearánaithe, ó áiteanna eile san AE 5% díobh, tháinig 4% de na gearáin ó dhaoine ón mBreatain.

Fuair GSOC 1,826 gearán ón bpobal in 2022, rud a fhágann gur timpeall 55 gearán a bheadh i nGaeilge dá seasfadh torthaí an tsuirbhé don sampla iomlán.

Chuir GSOC tús in 2022 le 41 imscrúdú faoi eachtraí a cuireadh ar aghaidh ón nGarda Síochána agus a bhain le bás nó díobháil thromchúiseach.

Cuireadh 27 comhad ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ag eascairt as imscrúduithe GSOC ar líomhaintí maidir le foréigean gnéasach, ionsaí, sáruithe ar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre agus soláthar faisnéise bréagaí.

Dúirt Cathaoirleach GSOC, Rory MacCabe, go raibh léargas sa tuarascáil ar obair thábhachtach choimisiúin an ombudsman.

Dúirt sé go bhfuil imní ar an eagraíocht nach bhfuil dóthain sa Bhille nua Póilíneachta, Slándála agus Sábháilteachta Pobail a chinnteodh “an leibhéal neamhspleáchais institiúidigh lena bhfuil an ceart ag an bpobal a bheith ag súil ó chomhlacht ombudsman póilíneachta”.

Bhí an “neamhspleáchas seo” i gcroílár na moltaí a rinneadh i dtuarascáil an Choimisiúin um Todhchaí na Póilíneachta, a dúirt sé.

“Thacaigh an Rialtas go hiomlán leis an tuarascáil, glacadh leis na moltaí ar fad. Rachaidh an Bille os comhair an tSeanaid go luath, agus tá sé ar intinn agamsa agus mo chomhghleacaithe dul i ngleic leis an teach uachtarach chun béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le neamhspleáchas institiúideach an chomhlacht a thiocfaidh ina chomharba ar GSOC a neartú.”

Fág freagra ar '3% de na gearáin a dhéantar le hombudsman an Gharda Síochána i nGaeilge'