£3.5 mhilliún sa bhliain a chosnódh Acht Teanga agus ní an tsuim airgid ‘a fuair an DUP as Pluto’ – Ó Muilleoir

£3.5 milliún sa bhliain nó níos lú an costas a bheadh ar Acht Gaeilge ó thuaidh, dar leis an Aire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir. Seo an chéad uair ag Sinn Féin costas a lua leis an reachtaíocht teanga a bhfuil an oiread sin conspóide cothaithe aici

£3.5 mhilliún sa bhliain a chosnódh Acht Teanga agus ní an tsuim airgid ‘a fuair an DUP as Pluto’ – Ó Muilleoir

Timpeall £3.5 milliún sa bhliain nó níos lú an costas a bheadh ar Acht Gaeilge ó thuaidh, dar leis an Aire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir.

Tá suimeanna móra airgid luaite ag an DUP leis an Acht Teanga, ach seo an chéad uair do Shinn Féin costas a lua le ceist na reachtaíochta teanga a bhfuil an oiread sin conspóide cothaithe aici ó dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster, nach mbeadh glacadh go deo aici le hAcht.

In alt léi ar an Irish News Dé Sathairn seo caite, dúirt Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller, nárbh fhéidir costas an Achta a mheas gan fios ag aon duine cérbh iad na forálacha a bheadh sa reachtaíocht.

“Ní mór a rá ar an chéad dul síos, nach féidir costas reachtaíochta a thomhas gan a fhios a bheith ann cad iad na dualgais a leagfar amach san Acht féin. Caithfear a thuiscint chomh maith, nach í an rogha is saoire an rogha is fearr i gcónaí, ” a scríobh Príomhfheidhmeannach POBAL.

Ach dúirt Máirtín Ó Muilleoir ar Talkback, clár raidió de chuid an BBC, go bhféadfaí Acht a thabhairt isteach a chosnódh £3.5 milliún nó níos lú in aghaidh na bliana.

“Is ionann é sin agus an méad céanna airgid a chuirfear amú ar an scéim RHI in imeacht 38 lá,” ar sé.

“In Albain, mar a bhfuil daonra cúig mhilliún duine,  64,000 cainteoir líofa Gàidhlig ina measc, chaith siad £1.1 milliún ar chur i bhfeidhm Acht na Gàidhlig agus £5 milliún ar an Acht iomlán. Sin an cineál airgid a bhfuil muid ag caint air,” arsa Ó Muilleoir.

Chuir an láithreoir, William Crawley, ceist ar Ó Muilleoir, atá ag seasamh do Shinn Féin sa toghchán Tionóil agus a bheidh ina Aire Airgeadais go dtí Déardaoin seo chugainn, an mbeadh sé sásta uasteorainn airgid a chur le costas an Achta.

“Tháinig muid ar shocrú maidir leis an Acht cheana féin, baineann sé le cearta an duine, ach níl sé curtha i bhfeidhm againn go fóill.

“Ach mar Aire Airgeadais, beidh mé i gcónaí sa tóir ar luach ar airgead, caitheann muid a bheith ciallmhar le hairgead poiblí. Nuair a cheadaigh rialtas na hAlban £5 milliún don Ghàidhlig in 2005, leag siad amach go gcaithfí £2.5 milliún ar chur chun cinn na teanga. I láthair na huaire, tá an Feidhmeannas ó thuaidh ag caitheamh beagnach £3 milliún ar chur chun cinn na teanga tríd An Foras Teanga, sin níos mó ná mar a chaitear in Albain.”

Tá ráite ag an DUP go gcosnódh Acht Gaeilge suas le £100 milliún sa bhliain, figiúir a fuair siad “ón phláinéad Plútó,” dar leis an Aire Ó Muilleoir.

Dúirt sé gur bhuail sé le hairí airgeadais na hAlban agus na Breataine Bige agus gur phléigh siad costas Acht Teanga agus go gcaithfeadh Rialtas Westminster ról a imirt i gcur i bhfeidhm cibé Acht Teanga a d’fhéadfaí a thabhairt isteach.

 

Fág freagra ar '£3.5 mhilliún sa bhliain a chosnódh Acht Teanga agus ní an tsuim airgid ‘a fuair an DUP as Pluto’ – Ó Muilleoir'