294 cás nua den víreas ó dheas, laghdú eile ar líon na n-othar sna hospidéil

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 187 cás nua den ghalar deimhnithe, an líon is mó in aon lá amháin le breis agus 100 lá anuas

294 cás nua den víreas ó dheas, laghdú eile ar líon na n-othar sna hospidéil

294 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

39 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, síos ó 53 inné, agus tá 13 acusan in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 187 cás nua den ghalar deimhnithe, an líon is mó in aon lá amháin le breis agus 100 lá anuas.

Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

13 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.

Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i dtrí cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,143,223 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 817,178.

7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,155 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inné go mbeadh an Rialtas ag fáil tuilleadh comhairle ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (Nphet) an tseachtain seo chugainn faoin chineál Delta den choróinvíreas.

Chuirfí comhairle ar an Rialtas chomh maith faoin bplean a thuilleadh seirbhísí a athoscailt sa stát agus cead seirbhís bia is dí a chur ar fáil laistigh i dtithe ósta agus bialanna ón 5 Iúil.

Dúirt an Taoiseach go raibh ag éirí go maith le cúrsaí faoi láthair, agus go bhfuil an galar ag dul i laghad sa tír d’ainneoin scaipeadh an Delta anseo agus ar fud na hEorpa.

Údar imní an méadú atá tagtha ar scaipeadh chineál Delta den choróinvíreas sa tír seo, a deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan.

Fág freagra ar '294 cás nua den víreas ó dheas, laghdú eile ar líon na n-othar sna hospidéil'