28 Teachta Dála agus Seanadóir a chláraigh i ranganna Gaeilge Thithe an Oireachtais le trí bliana anuas.
12 Teachta Dála agus Seanadóir a chláraigh sna ranganna a cuireadh ar fáil le linn 2014-2015 agus 17 a chláraigh i ranganna an fhómhair seo caite.
Ba í an Teachta Dála neamhspleách Maureen O’Sullivan an t-aon pholaiteoir a chláraigh i ranganna in 2014-2015 agus in 2016 araon.
Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do Theachtaí Dála, do Sheanadóirí, do bhaill foirne pholaiteoirí an Oireachtais agus do bhaill foirne Thithe an Oireachtais féin.
Tairgeadh cúrsa Gaeilge do 96 duine ar fad in 2014 agus do 83 duine in 2014. 12 polaiteoir a bhí san áireamh ansin
Aonad Oiliúna Seirbhíse agus Forbartha Thithe an Oireachtais a dhíolann as na ranganna Gaeilge, ach ní rabhthas sásta a rá cén costas a bhaineann leo.
Thug Tithe an Oireachtais le fios nach ndéantar aon mheasúnú foirmeálta ar dhul chun cinn na bpolaiteoirí a chláraíonn do na ranganna agus gur féinmheasúnú atá i gceist leis na ranganna ó thaobh foghlama agus freastail de.
Ba iad Conradh na Gaeilge a chuir na ranganna ar fáil do Thithe an Oireachtais in 2014 agus go dtí mí Iúil 2015 nuair a leagadh an cúram ar Ghaelchultúr. Níor cuireadh ranganna ar fáil do na polaiteoirí go dtí fómhar na bliana 2016, toisc go raibh olltoghchán ann. Ba ghaire do chiorcal comhrá ná do ranganna foirmeálta na ranganna a bhí ar siúl i bhfómhar na bliana seo caite.
Cé gur chláraigh 17 polaiteoir do na ranganna sin anuraidh, tuigtear do Tuairisc.ie nár fhreastail orthu ach cúigear nó seisear polaiteoirí ar fad.
Ar an 28 Teachta Dála agus Seanadóir a chláraigh do ranganna Gaeilge Thithe an Oireachtais idir 2014-2016, bhí beirt cheannairí páirtí, Gerry Adams, ceannaire Shinn Féin, agus Eamon Ryan, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, agus aire stáit Gaeltachta amháin, Joe McHugh.
Ba bhaill d’Fhianna Fáil is mó a chuir suim sna ranganna Gaeilge agus naonúr ón bpáirtí sin a chláraigh do na ranganna sa tréimhse trí bliana idir 2014-2016.
Níor chláraigh ach beirt ó Fhine Gael, an páirtí is mó i dTithe an Oireachtais do na ranganna a cuireadh ar fáil le linn na tréimhse seo, an tAire Stáit don Diaspora Joe McHugh, a bhí ina aire stáit don Ghaeltacht nuair a chláraigh sé, agus an Seanadóir Martin Conway a chláraigh don chúrsa a tairgeadh i bhfómhar na bliana seo caite.
Thug Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, Éamonn Ó Dónaill, le fios ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, an tseachtain seo caite, nár chláraigh ach polaiteoir amháin go dtí seo i mbliana leis na cúrsaí Gaeilge foirmeálta a chuireann an eagraíocht ar fáil d’oibrithe na hearnála poiblí.
Tuigtear gur Teachta Dála sinsearach de chuid Fhine Gael é an polaiteoir sin atá cláraithe do chúrsa an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil. Tá cúrsa seo an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil déanta ag 620 duine san earnáil phoiblí ó chuaigh Gaelchultúr ina bhun ceithre bliana go leith ó shin, ach níl sé déanta ag oiread is polaiteoir amháin go n-uige seo.
Cé go bhfuil cúrsaí foirmeáilte Gaeilge de chuid Ghaelchultúir déanta ag os cionn 7,000 duine ar fad san earnáil phoiblí le 10 mbliana anuas níor chláraigh leo in imeacht na mblianta sin go léir ach beirt pholaiteoirí, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil atá éirithe as an bpolaitíocht ó shin agus an polaiteoir sinsearach de chuid Fhine Gael a chláraigh le déanaí do chúrsa an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil.
Maidir le foireann Thithe an Oireachtais féin, tugadh le fios nach raibh aon chuntas ann ar líon na mball foirne a bhfuil dóthain Gaeilge acu lena ngnó a dhéanamh i nGaeilge, ach maíonn 39 ball foirne iad féin go bhfuil dóthain líofachta acu chun a ngnó a dhéanamh sa teanga.
Seán Mag Leannáin
Féach an t-alt a d’fhoilsigh sibh anuraidh (ag an nasc seo: https://tuairisc.ie/grafaic-eolais-ce-hiad-na-gaeilgeoiri-a-bheidh-sa-32u-dail/) agus ar an anailís a rinne mé ar an gceist seo ag an am.
Ag glacadh leis go bhfuil Gaeilge ag Catherine Martin TD chomh maith fágann sin go mbeidh an teanga ag 29 Teachtaí as 158 sa Dáil nua – is ionann sin agus 18.35% díobh. Tá seisear Gaeilgeoirí i measc na mban (6 as 29) – sin 17.14%; agus 23 Gaeilgeoirí i measc na bhfear (23 as 123) – sin 18.7%. Tá na céadtadáin seo i bhfad níos airde ná na meáin sa daonra ginearálta. Measaim gur daoine nua iad aon duine déag den grúpa 29 san iomlán – is ionann sin agus beagnach 38% díobh, agus is dócha gur comhartha maith é sin.
Ó thaobh na tíreolaíochta de tugaim faoi deara go mbaineann ochtar Teachtaí le Toghcheantair Ghaeltachta (níl contae na Mí curtha san áireamh anseo) – ceathrar le Gaillimh Thiar, triúr le Dún na nGall, agus duine le Ciarraí. Sin ochtar as 29, nó thart ar 28% den iomlán. Ó thaobh an líon Gaeilgeoirí ann, tá Gaillimh Thiar (le ceathrar as cúigear) chun cinn ar gach toghcheantar eile sa tír. Tá triúr as cúigear i nDún na nGall agus an líon céanna i dtoghcheantar Lú. Tá beirt sna toghcheantair seo a leanas: Corcaigh Lár Theas, Maigh Eo, BÁC Lár Theas. Tá an chuid is mó de na Gaeilgeoirí i mBÁC lonnaithe ar an taobh ó dheas den chathair – ceathrar as an seisear (Dessie Ellis agus Maureen O’Sullivan na heisceachtaí).
Tabhair faoi deara go bhfuil spás an-mhór trasna na tíre ón oirdheisceart go dtí lár tíre nach bhfuil Gaeilgeoir ar bith ann – Loch Garman, Cill Mhantáin (mo chontae féin), Tiobraid Árann, Corcaigh Thoir, Ceatharlach-Cill Chainnigh, Port Láirge, agus Laois. Tá an scéal mórán mar an gcéanna ar an taobh eile den lár tíre – Sligeach-Liatroim, Gaillimh Thoir, Ros Comáin/Gaillimh Thoir, agus Muineachán-An Cabhán. Tá cuma níos fearr ar an scéal sna ceantair chomaitéireachta – triúr i gcontae Lú, duine amháin i ngach ceann den dá thoghcheantar i gContae na Mí agus duine amháin i gCill Dara Theas.
Ach mar a dúirt mé cheana b’fhéidir gurb é an comhartha is dóchasaí ná go mbeidh aon duine déag nua i measc an ghrúpa 29 de Ghaeilgeoirí sa Dáil nua. Agus b’fhéidir gur fiú tabhairt faoi deara freisin gur mná iad cúigear den ghrúpa aon Ghaeilgeoir déag nua – Carol Nolan (SF), Hildegarde Naughton (FG), Catherine Connolly (Neamhspleách), Bríd Smith (AAA/PBP) agus Catherine Martin (Comhaontas Glas). Mar a dúirt Mary Robinson tráth, b’fhéidir go bhfuil an todhchaí le mná na hÉireann.