Bhí an Príomh-Aire Keir Starmer i dtrioblóid ar aon nós ach seans gur buille feille dó an chonspóid is deireanaí faoi Peter Mandelson. Cén seans go dtiocfaidh sé slán ón truailliú agus brocamas a bhaineann le dlúthchaidreamh Mandelson leis an gciontóir gnéis Jeffrey Epstein?
Cheap Starmer Peter Mandelson mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe chun Stáit Aontaithe Mheiriceá chun déileáil leis an Uachtarán taghdach Donald Trump. Bhí a fhios ag Keir Starmer nuair a rinne sé an ceapachán neamhghnách go raibh (An Tiarna) Mandelson i dteagmháil le Epstein tar éis a chiontaithe as striapachas cailín faoi aois.
Iarstiúrthóir ionchúisimh poiblí is ea Keir Starmer agus ní féidir nár thuig sé tromchúis an chiona a d’admhaigh Epstein. Ní foláir freisin nó gur thuig sé go raibh liosta de chúiseanna eile in aghaidh Epstein ach go ndearna sé margadh leis an Ionchúiseamh go n-admhódh sé ceann. Ní rud fánach a bhí i gceist ach foréigean in aghaidh cailíní. Mar sin féin ba é breithiúnas Keir Starmer gur chéim chríonna é fear a bhí i dteagmháil leis an gciontóir a cheapadh sa phost taidhleoireachta is sinsearaí de chuid na Ríochta. Bhris sé Mandelson as an ambasadóireacht nuair a foilsíodh go raibh dlúthcheangal idir é agus Epstein.
Nuair a cuireadh clabhsúr le rialtas Caomhach na Breataine dhá bhliain ó shin bhí súil le hathrú. I ndiaidh scuaine Príomh-Airí agus praiseach is scannail ba ghníomh trócaire é Rishi Sunak agus na Tóraithe a chaitheamh i leataobh. Ar éigean a shíl éinne go mbeadh rialtas Lucht Oibre faoi cheannas Keir Starmer radacach ach ceapadh go mbeadh sé daonnachtúil agus seasmhach. Measadh go mbeadh údarás morálta agus polaitiúil ag an bPríomh-Aire nua.
Liosta le háireamh iad na cinntí a rinne rialtas Starmer agus a cuireadh ar ceal toisc go raibh siad do-ghlactha, beartais eacnamaíochta caomhacha. Drochthuar ab ea é nuair a chinn siad i dtús a ré nach gcuirfidís deireadh leis an teorainn ar shochar leasa shóisialaigh do bheirt leanaí; beart de chuid na dTóraithe a threisigh ar bhochtanas i measc pháistí. Ba mhór idir é sin agus cur chuige Pháirtí an Lucht Oibre idir 1997 agus 2010 nuair a ritheadh feachtas éifeachtach in aghaidh an bhochtanais. Tar éis athrú eile tá an teorainn sin le cealú i mí Aibreáin i mbliana.
I measc na mbeartas eile a cuireadh ar ceal nó a leasaíodh go mór bhí an cárta aitheantais digiteach éigeantach, cealú na n-íocaíochtaí ar bhreosla geimhridh do sheandaoine, rátaí ar thithe tábhairne agus cáin oidhreachta ar fheilméaraí. Sa mhullach ar a thacaíocht do Binyamin Netanyahu agus an toirmeasc ar léirsiú go síochánta ar son Gaza chothaigh an liodán de u-chastaí an-chuid ceisteanna faoina chumas polaitiúil. Bhí míshástacht le Keir Starmer ag fás go seasta agus amhras ar mhórán nach mbeadh a Phríomh-Aireacht inmharthana i ndiaidh na dtoghchán áitiúil sa Bhealtaine.
Is laige go mór é i ndiaidh a bhfuil tagtha chun solais le seachtain. Léirigh na comhaid faoi Epstein a nochtadh deich lá ó shin go raibh cairdeas idir Mandelson agus Epstein, caint ghraosta sna teachtaireachtaí eatarthu, agus airgead faighte ag Prionsa an Uabhair, mar a tugadh ar Mandelson, ó Epstein. Ina theannta sin tá fiosrú coiriúil idir lámha ag na póilíní faoi eolas a líomhnaítear a sceith Mandelson maidir le gnóthaí rúnda rialtais, go háirithe eolas a bhféadfadh ‘airgeadaí’ ar nós Epstein sochar a bhaint as agus dochar a dhéanamh don mBreatain agus don Aontas Eorpach.
Mar chosaint air féin dúirt Starmer go ndearna Mandelson feall ar an rialtas, ar a chomhghleacaithe agus ar an Lucht Oibre. Dúirt sé freisin gur inis Mandelson bréaga faoina cheangal le Epstein nuair a bhí sé á cheistiú sular ceapadh ina ambasadóir é. Is cionta tromchúiseacha iad na cinn a bhaineann le sceitheadh eolais – má fhaigheann na póilíní amach go bhfuil bunús leo.
Baineann an chuid eile le géarchúis nó tuiscint agus údarás morálta. Ba náire shaolta é nár bhris daoine cumhachtacha a gcumann le Epstein nuair a ciontaíodh é. Beag beann ar a bhfuil faighte amach aige le déanaí ba náireach an mhaise é do Keir Starmer Mandelson a cheapadh mar ambasadóir nuair a bhí a fhios aige gur lean an caidreamh tar éis 2008/2009. Rinne sé beag is fiú den fhoréigean in aghaidh cailíní, an striapachas. Sin é croí na faidhbe.
Fág freagra ar 'Rialtas na Breataine in anchaoi, beag is fiú déanta de choireanna in aghaidh cailíní'