23 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, nach mór 26,000 cás in Éirinn

1,743 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,339 ó dheas den teorainn agus 404 ó thuaidh di

23 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, nach mór 26,000 cás in Éirinn

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 23 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

1,743 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,339 ó dheas den teorainn agus 404 ó thuaidh di.

Fógraíodh bás 17 duine eile sa Tuaisceart níos túisce inniu.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte inniu go rabhthas tagtha ar 211 cás eile den ghalar.

25,819 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go dtí seo, 21,983 cás ó dheas den teorainn agus 3,886 cás ó thuaidh di.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil 90 duine le Covid-19 sna haonaid dianchúraim ó dheas, an líon is lú othair in ICU ó dheireadh mhí an Mhárta.

De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 404.

393 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 24 Aibreán agus bhain 40% de na básanna sin le tithe altranais.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó dheas, daoine in ionaid chúraim a bhí i gceist le 819 den 1,339 bás atá deimhnithe go dtí seo, nó 61% den iomlán. Bhain 706 acusan le tithe altranais, nó 53% den iomlán.

Thug an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le fios go raibh 70% den stoc PPE anois ag dul chuig tithe altranais agus gur thart ar 400 oibrí leighis a bhí aistrithe chuig tithe altranais go dtí seo chun dul i ngleic leis na ráigeanna sna hionaid is measa atá buailte.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, tráthnóna go raibh dul chun cinn déanta maidir leis an ngalar a choinneáil faoi chois ach go bhféadfadh an scéal a bheith níos fearr.

214,761 tástáil a rinneadh don ghalar ó dheas go dtí seo agus rinneadh 61,707 tástáil le seachtain anuas. Bhí toradh dearfach ar 3.7% de na tástálacha a rinneadh le seachtain anuas. Dúradh go raibh “rudaí ag dul go maith” maidir leis an sprioc is déanaí ag an Rialtas ó thaobh cúrsaí tástála – 105,000 tástáil in aghaidh na seachtaine faoin 18 Bealtaine.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 21,659 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche an Domhnach seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 42% de na cásanna agus mná iad 58%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 49 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 2,879 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 369 acu in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 6,293 cás, nó 29%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 10,670 cás, nó 49%, bhí Cill Dara sa dara háit le 1,280 cás, nó 6%, agus sa tríú háit a bhí Corcaigh le 1,177 cás, 5%
  • 369 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.7%), 301 a bhí i gcontae Chiarraí (1.4%), 466 cás a bhí i nDún na nGall (2.2%), 510 cás a bhí i Maigh Eo (2.4%), 139 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%) agus 717 cás a bhí i gcontae na Mí (3.3%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 63% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 34% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%

Fág freagra ar '23 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, nach mór 26,000 cás in Éirinn'